Skip to main content

An Bád Mór

 Ruairí Ó Tuairisg.

Ruairí Ó Tuairisg.

Ruairí Ó Tuairisg

Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1991. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.

Ó chathair na Gaillimhe go Ceann Léime tá tuairim 250 míle de chósta, go leor de ina chuanta beaga agus móra, go háirithe ó Chuan Chasla siar. As an gcósta seo, d'fhás An Bád Mór agus a ghaolta, an ghleoiteog, an leath-bhád agus an púcán. Tá caint agus cúiteamh le fada cén stair a bhaineann leis an gcineál seo báid. Dúirt Hal Sisk ina alt san iris Cultura Marítima sna seachtóidí go raibh bunús Ollannach leis an mbád ach ní mórán cruthú a thug sé.

Ceaptar go dtáinig an Bád Mór chun cinn ag deireadh an ochtú céad déag. Tá sé seo bunaithe ar sheanchas agus ar scríbhinní James Hardiman. Ag scríobh dó in 1820 dúirt sé go raibh báid an Chladaigh i nGaillimh an-bheag roimh 1790 ach ón uair sin amach bhí báid a d'iompródh idir 8 go 14 tonna acu. Chosain siad idir £40 go £50 le déanamh.

Bhí difríochtaí idir an bád seo agus báid eile dá mhéid, go háirithe sa tumble-home mór, agus ráca mór, suas go 45' ar an bposta. Tá na báid mhóra anois idir 37 troigh agus 42 troigh ar fhad. Úsáideadh clocha mar bhallasta agus is anuas orthu seo a cuireadh an mhóin nó pé earra eile a bhí le hiompar. Bhíodh deic ón gcrann amach agus is ansin a chodlaíodh an bheirt a bhíodh ag obair an bháid. Bhíodh áit réitithe le tine oscailte, déanta de leac nó cement faoin deic freisin. Tá an nós seo fós dá choinneáil suas ag Johnny Bailey sa gCapall.

Maidir le rig an bháid, bhí sé simplí - crann amháin, jib a bhí crochta amach ar chrann spreoide nó bowsprit, seol tosaigh agus seol mór atá ceithre thaobhach, sé sin - tá cleith nó gaff in uachtar. Bíonn píc an tseoil seo i gcónaí i bhfad níos airde ná crann an bháid.

San naoú céad déag ba i nGaillimh a tógadh an chuid ba mhó de na báid seo. De réir tuairisce a cuireadh amach in 1836 bhí 105 bád seoil ar an gCladach. Sa bhliain 1860 bhí 150 acu ann. Tá a fhios againn gur tógadh fiche bád mór ar an gCladach sa bhliain 1835. Fuair na saortha trí scilleacha agus trí ghloine fuisce sa ló, agus gearradh na seolta i séipéal na nDoiminiceánach. Tháinig scaipeadh ar an gcabhlach mór seo agus b'í an Truelight le Máirtín Oliver an bád iascaigh deiridh a bhí ann. Go deimhin níor ligeadh an traidisiún i léig mar tá bailiúchán breá gleoiteoga le feiceáil ar an gCladach inniu. Bhí saortha eile i ndeisceart na Gaillimhe - Keane agus Brannelly. Tá bád le Brannelly faoi lán-tseoil i gcónaí, bád Mháirtín Ó Briain – An Tónaí. Deirtear gur maraíodh Brannelly nuair a thit crann báid air agus é fós ina fhear óg. Ar dtús ceannaíodh báid Chonamara i nGaillimh ach ó tuairim is 1850 ar aghaidh bhí an cheird acu féin. Chuaigh cuid acu ag obair i nGaillimh - Seán Ó Ráinne, Seán Ó Clochartaigh agus Seán Ó Domhnaill (Johnny Labhcáis).

Thart ar 1840 nó mar sin tháinig Seán Ó Laoi as Leitir Mealláin go Maoinis agus mhúin sé an cheird do Sheán Ó Cathasaigh. Bhí triúr mac le Seán, Pádraig, Máirtín agus Johnny ag plé leis an gceird. 'Sé Seán Ó Laoi a thóg An Connacht in 1842 a báitheadh cúpla bliain ó shin. Thóg na Cathasaigh an Mary Ann of Galway, An Airc agus an St. Patrick i measc go leor eile.

 Pádraig de Bháldraithe.

Pádraig de Bháldraithe.

I Maoinis freisin dár ndóigh bhí na Maoilchiaráin agus na Clochartaigh atá ag obair ansin i gcónaí. Sé Colm a thóg an Mac Duach agus thóg na Clochartaigh an bád a bhfuil an-ainmneacha uirthi - An Meaircín Joe.

Go dtí lár na haoise seo bhí drochchóras bóithre nó b'fhéidir gan bóthar ar bith go háiteacha mar Ros Muc, Carna, Leitir Móir, Leitir Mealláin (Ar tháinig feabhas ar an saol?). Mar sin is ar an mbád a bhí daoine ag brath le plúr, bran, min, adhmad agus chuile earra eile a fháil as Gaillimh. Tugadh móin go hÁrainn, go Cinn Mhara agus go Baile Uí bhFiacháin.

Amannta go deimhin thug siad mná abhaile leo le pósadh ó na háiteacha seo. Bhí Báid Mhóra ag na siopadóirí, mar Mac an Iomaire i Maoinis, Conraoi i Ros Muc agus Ó Conchubhair i Leitir Móir. Le teacht na leoraithe, agus le tógáil na ndroichead tháinig meath ar obair na mbád.

[Gan Teideal]

D'fhan An Tónaí le muintir Uí Bhriain agus An Mhaighdean Mhara le muintir Uí Dhonnchadha ag tarraingt mhóna go dtí tuairim is 1971. Is leis an dá chlann seo na báid sin ó thús agus in éineacht le Capall Johnny Bailey agus Bád MhicíSt. Jude le muintir Uí Dhomhnaill i dTír an Fhia, sin iad an t-aon chlann nár lig uathu na báid. Is mór an chreidiúint dóibh é.

Sula gcríochnóidh mé ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do na báid eile a luaigh mé cheana. Tá an Leathbhád níos lú ná an Bád Mór, idir 28 troigh agus 35 troigh, an ghleoiteog níos lú arís - idir 21 troigh go 28 troigh. Sé an cineál céanna feisteas seoil atá ar na báid seo.

Tá cabhail an phúcáin cosúil le gleoiteog ach tá difríocht sa gculaith seoil. Níl ach dhá sheol ar an bpúcán, jib agus seol mór. Tá an seol mór crochta ar chleith a thugann tú síos agus timpeall ar an gcrann nuair atá tú ag dul ar chúrsa eile. Tá stair an-sean ag baint leis an gcineál seo seoil agus seo é an seol lateen a úsáideann na hArabaigh i gcónaí.

Tá baint mhór ag na báid seo ar fad le saol mhuintir na Gaillimhe agus mhuintir Chonamara maidir lena gcuid oibre agus a gcuid caitheamh aimsire. Tá deireadh leo mar bháid oibre ach tá borradh nua tagtha fúthu ó lár na seachtóidí mar bháid phléisiúir. Níl mórán Domhnach sa samhradh nach bhfuil geallta in áit éigin agus tá mé cinnte go bhfuil pictiúr na mbád seo scaipthe ar fad an domhain. Ach fós féin ní fheiceann aon rialtas ná aon Bhord Stáit gur fiú deich triuf iad.

(Tá an t-alt seo bunaithe ar dhá alt Béarla a scríobh Pádraig de Bháldraithe agus Dick Scott.)

 [Gan Teideal]