Skip to main content

An Naomh Bairbre

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2006. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

"Thóg sé a bhád ó phosta go ball agus sheol í anall, go hÉirinn."

Sin díreach an rud a rinne Stiofán Ó Maolchiaráin nó Stephen Chóilín Joe as an Máimín, Leitir Móir. Thóg sé an bád An Naomh Bairbre , réitigh amach í agus sheol sé féin agus criú de cheathrar cróga eile as Chicago go Nua Eabhrac ar dtús, agus as sin go Céibh an Mháimín.

[Gan Teideal]

Tá daoine ann a cheap go raibh siad craiceáilte, tá daoine ann a cheap go raibh an rud a rínne siad contúirteach, ach tá an chuid is mó do na daoine den bharúil gur éacht thar éachtaí a rinne Stephen, Barney Chóilín Saile Ó Flaithearta, na hÁrannaigh, Tomás agus Pat Joyce agus fear Chill Cholgáin, Coley Newell.

Ní hionadh ar bith go ndéanfadh mac le Cóilin Ó Maolchiaráin, nach maireann, éacht mar seo mar is cosúil le rud é a dhéanfadh Cóilín é féin. Dá gcuirfeadh sé rud ina chloigeann, dhéanfadh sé é, agus sé an scéal céanna lena mhac é. Chuir Stephen ina chloigeann Bád Mór de dhéanamh ‘Húicéir na Gaillimhe' a thógáil agus í a sheoladh ar ais go dtí an chéibh atá i bhfhoisceacht céad slat don áit a tógadh é.

Is iomaí duine a thug cuairt ar Chicago le roinnt blianta anuas, ní mórán duine acu sin nach raibh scéalta acu faoin mbád seo nuair a tháinig siad ar ais abhaile.

Bhí caint mhór acu ar an mbád agus ar an bhfis a bhí ag Stephen ach ní mórán duine a chreid ina gcroí go ndéanfadh sé é.

Sheol siad ar dtús as Chicago go Nua Eabhrac agus cé go gceapadh daoine gurb é an t-aistear as Nua Eabhrac go dtí Céibh an Mháimín an chuid ba mheasa den aistear, bhí an seal a sheol siad ar na Locha Móra níos contúirtí ná an chuid eile den aistear abhaile. Deir Stephen go bhfuil difríocht mhór idir a bheith ag seoladh ar na Locha Móra agus a bheith ag seoladh ar an bhfarraige mhór. Bíonn sé deacair an ghaoth a mheas ar na locha agus ní bhíonn aon tuairim agat ag aon am cén uair a ardóidh an ghaoth.

Ach bhí an Naomh Bairbre in ann ag an ngaoth agus ag an mbáisteach agus bhí muinín ag an gcriú as an mbád a d'ainmnigh Stephen in omós dá mháthair, Bairbre.

Bhí trácht mhór ar fud Chonamara ar an lá a d'fhág an Naomh Bairbre Nua Eabhrac. De réir mar a bhí an Statue of Liberty ag imeacht as amharc, bhí rogha acu casadh ar ais go Meiriceá nó tabhairt faoin aistear a bhí leagtha amach acu ón tús. Ní raibh mórán díospóireachta faoi agus lean siad leis an aistear go Céibh an Mháimín faoi stiúir Phat Joyce. Ba é an ceo an rud ba mhó a bhí ag cur isteach orthu ag an tús mar go mb'éigean dóibh a bheith san airdeall ar bháid mhóra agus ar longa móra eile a bhí ag trasnú lá i ndiaidh lae sna shipping lanes! Ní mórán codladh a bhí i ndán dóibh ar feadh an chuid sin den aistear. D'éirigh leo suíomh idirlín a shocrú suas faoi cheannas Choley Chill Cholgáin agus b'iontach an áis a bhí ann. Ní hamháin gur choinnigh sé muintir na tíre ar an eolas ach bhí deis ag daoine teachtaireachtaí a sheoladh chucu freisin.

Bhí ceiliúradh i gConamara nuair a tháinig an scéala go raibh oileáin na Azores sroichte slán sábháilte acu, mar go raibh cúpla lá ann nárbh fhéidir teagmháil a dhéanamh leo nuair a chlis ar an gcóras satailíte. Bhí agallamh le Stephen ar Raidió na Gaeltacbta tar éis dóibh an chuid sin den aistear a chur díobh. Bhí farraige fhíochmhar agus maidhmeanna 40 nó 50 méadar in airde curtha díobh acu, bhí an Naomh Bairbre á caitheamh anonn agus anall, ach buíochas le Dia, ní raibh baol uirthi, mar sheas sí go teann i gcoinne gach ní a chaith an saol agus an aimsir léi féin agus a criú.

Bhí gach a raibh i gConamara ag súil go mór leis an scéala go raibh an Naomh Bairbre ag teacht níos gaire de cheann scríbe. Bhí an coiste áitiúil a bhí ag obair go dian ag baile le fáilte a chuir rompu thar a bheith gnóthach ag cuir bailchríoch ar chuile ní. Bhí Céibh an Mháimín feistithe amach faoi bhratacha agus buintín agus bhí chuile bhaile i gceantar na nOileán faoi scáth breá bratacha freisin.

Chuaigh báid Chonamara agus Árann, idir mór is beag, amach le fáilte a chur roimh an Naomh Bairbre agus a criú an mhaidin Satharn a dtáinig an scéala go raibh sí ag déanamh ar oileáin Árann. Beidh caint is trácht is cáil go brách ar an radharc a bhí sa gcuan agus na céadta bád ag treorú an Naomh Bairbre aníos Cuan an Fhir Mhóir. Bhí na sluaite dhá faire ar chaon taobh den chuan, thiar is thoir. Thug daoine bualadh bos, scaoileadh flares san aer, lasadh tinte chnámha, bhí daoine ag caint is ag gleo agus thar aon ní eile, bhí deora i súile sean is óg agus an Naomh Bairbre agus a cúigear laoch ag seoladh isteach go Céibh an Mháimín.

Thug na sluaite cuairt ar Chéibh an Mháimín le go bhfeicfeadh siad lena dhá súil an t-iontas a bhí rompu sa gcéibh. Bhí ard mholadh ag gach duine don méid a chonaic siad, an sár-obair a bhí déanta, an chaoi a raibh chuile rud ina áit féin, gan barrcleite isteach ná bunchleite amach ach an bád fite fuaite fáiscithe le chéile sa gcaoi is nár bhaol di is í ag trasnú ó Mheiriceá go dtí céibh an Mháimín. Bhí an criú ansiúd le haon cheist a bhí ag aon duine a fhreagairt agus go deimhin féin cuireadh ceisteanna agus frítheadh freagraí. Ní hamháin ar feadh lá ach ar feadh laethanta ina dhiaidh sin, fuair lucht éisteachta raidió agus lucht féachana téilifise, neart agallamh, an chuid is mó dhó sin ar chláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí ócáidí céiliúrtha sa gceantar agus bhí na tithe ósta lán agus na sluaite cruinnithe ar Stephen, Barney, Tom, Pat agus Coley agus chuile dhuine den chúigear ag baint barr dhá chéile ag cur síos ar an turas anall. De réir mar a bhí na laethanta ag dul thart agus an scéal ag scaipeadh ar fud na tire, tri na meáin, bhí daoine ag teacht as chuile cheard den tír ag breathnú ar an Naomh Bairbre . Ní hamháin sin ach tháinig daoine as tíortha eile chomh maith le lán na súl a bhaint as an mbád seo. Tá agus beidh caint ar an éacht farraige seo go ceann i bhfad, beidh caint go deo ar an bhfís a bhí ag Stephen Chóilín Joe, a bhád féin a thógáil agus í a sheoladh abhaile go dtí a cheantar dúchais. Ní dóigh go dtuigeann aon duine cé chomh mór is atá an t-éacht a rinne sé. Éacht a bhí ann cuimhneamh ar a leithéid, éacht as ucht an mhisneach a bheith aige í a thógáil agus airgead ollmhór a chaitheamh leis an togra agus ansin éacht thar éachtaí í a sheoladh i dteannta ceathrar cróga eile an bealach ar fad as Chicago go dtí an Máimín. Dá mbeadh caint ag na cláir....ach dá mbeadh féin ba dheacair dóibh cur síos nios fearr a dhéanamh ar an turas ná mar a rinne an cúigear a sheol inti.

An dtarlóidh a leithéid arís go deo meastú? Deir Stephen Ó Maolchiaráin go dtiocfaidh sé féin anall arís lá éigin, le cúnamh Dé, ar thuras den sórt céanna go dtí Céibh an Mháimín, ach nach ar bhád a bheidh sé ach ar eitleán! Sea, tá sé ag cuimhneamh cheana féin ar eitleán dhá chuid féin a thógáil agus í a laindeáil sa Máimín. Ná cuir thairis é, mac Bhairbre agus Cóilín Uí Mhaolchiaráin, céard a dhéanfadh mac an chait ach…