Skip to main content

Cruinniú na mBád i mBrest/Douarnenez

 Taimín de Bháldraithe agus é ag baint boird as <i>Laoch na Mara</i>.

Taimín de Bháldraithe agus é ag baint boird as Laoch na Mara.

Taimín de Bháldraithe

Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1992. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.

Maidin bhreá ghrianmhar a bhí inti nuair a chrochamar na seolta ar an Mac Duach i gCinn Mhara ag triall ar an bhFrainc agus cruinniú na mBád thall i mBrest. Is maith is cuimhin liom Colm Ó Maoilchiaráin agus é ag plánáil an halmadóir nua faoi dheifir, fiú agus muid ar an mbealach siar go céibh na Páirce Móire.

Faoi dheireadh bhí muid ag seoladh siar caoláire na Gaillimhe i dteannta Tony Mór Moylan ar an nobby Gladys of Peel a choinnigh linn siar go Ceann Bóirne, slua mór ar bord aige ina measc Pat Sheoinín, agus a mhac Seán.

Siar amach Sunda Ghregory bhí na fataí nite, bruite agus ite, John Beag ag gabháil an bháid agus muid ag déanamh ár mbealach faoi lán scóid agus an ghrian ag dul faoi nuair a bhris an crann go hobann. Tráthúil go leor ní raibh cloigeann ar bith sa mbealach agus stríoc muid go beo lán chinnte go raibh deireadh lenár dturas. Ar ais linn go Cill Rónáin, chuile dhuine diomúch agus isteach linn tí Joe Mac le haghaidh pionta. Maidin lá arna mhárach chuaigh muid go Caladh Thaidhg áit a raibh meitheal romhainn ar bharr na céibhe. Béifear go deo faoi chomaoin acu siúd a chuidigh linn crann an Mheiricean a chrochadh, a leagadh isteach go cruinn i gceaptró an Mac Duach agus é a chóiriú i n-athuair le haghaidh an aistir chun na Fraince.

Ar ár mbealach arís tráthnóna, sheol muid amach sa sunda agus siar ó dheas. Aimsir bhreá chóiriúil ar feadh an ama go dtí gur shroich muid oileán Ouissant amach ó chósta na Briotáine. Maidin lá arna mhárach sheol muid go Brest i dteannta na gcéadta bád seoil ó chuile áit ar domhan, ina measc bhí an Morning Star faoi stiúr Johnny agus Paul Healion, an St. Patrick faoi Paddy Barry, An Lady Mór faoi Árannach, Ben Mac Donncha - agus Cíona na dTonn, ar le Barry Jones anois í.

B'álainn go deo an radharc iad uilig faoi lán tseoil i gcuan Bhrest, chuile chineál culaithe seoil orthu ag teacht le chéile don chruinniú is mó riamh de bháid thraidisiúnta. Deirtear go raibh os cionn 2,000 bád uilig i láthair i mBrest.

Chaitheamar cúpla lá i mBrest agus b'íontach an ceiliúradh a bhí ann. Bhí taispeántais ar fud an chalaphoirt - ceardaíocht, dealbhadóireacht, saothrú bád ina measc. Níor mhiste a luadh go raibh Brian Ó Carra thall agus taispeántas breá aige - rinne sé currach canbháis thall i mBrest ó thús go deireadh agus sáthadh thall í. Chuir mé féin an-tsuim sna taispeántais éagsúla, idir na mionbháid adhmaid de chuile chineál agus bailiúchán fíor shuimiúil - boscaí ceoil os cionn 500, cuid acu ó thús na haoise seo caite. Ara bhí neart ceoltóirí i láthair freisin i mbaile Bhrest ag casadh ar na stáitsí éagsúla sa gcalaphort agus baineadh an-tsásamh as an gceol agus as an amhránaíocht.

Bhí dinnéar mór ann an chéad oíche do na criúanna, thart ar 13,000 nó mar sin, faoi scáth seanchaisleán Bhrest agus b'álainn an radharc iad na seitseanna á ndamhsú le tionlacan cairdín, fidil, feadóg agus bodhrán.

Ar bhealach bhí an iomarca cuairteoirí i mBrest, deirtear go raibh os cionn 1. 50 milliún ann i gcaitheamh na seachtaine agus níorbh aon chúis gáirí é dá gcaithfeá dul go dtí 'teach an asail' go práinneach.

Faoi dheireadh sheol na báid le chéile go Douarnenez - baile álainn sa mBriotáin. Tháinig Colm Ó Maoilchiaráin agus Tom Rua Mac an Iomaire linn ar an Mac Duach an lá breá sin agus b'aoibhinn an radharc é cuan Port Rhu agus é breacaithe le báid seoil.

I rith na seachtaine sáthadh an Naomh Mac Dara - púcán a rinne saor báid as Douarnenez agus bhain mé féin cúpla bord aisti sa gcuan. Ár ndóigh bhí seisiún ceoil ann chuile oíche agus cheapfainn féin gur mba dheise leis na bádóirí Douamenez ná Brest.

Tháinig sé liom i gcaitheamh an ama thall a laghad suime a chuireann rialtas na tíre seo i gcúrsaí mara agus an chaoi a scaoileadar uathu saibhreas agus maoin na mara nuair a shínigh siad conradh na hEorpa sa bhliain 1972, i leaba na mílte a bheith fostaithe ar mhuir is ar tír i dtionscal na hiascaireachta. Fiú forbairt turasóireachta anseo san Iarthar cá bhfuil na céibheanna foscúla ar chósta an Iarthair, ní áirím céibh foscúil ar Inis Thiar ná ar Inis Meáin?

Chuaigh muid ar ancaire lá Douamenez ach thriomaigh an bád ar bhloc mór concréid nach raibh báite faoin talamh - an t-aon bhloc i measc na gcéadta a báthadh le haghaidh báid a fheistiú. Ar mí-ámhairí an tsaoil scoilteadh posta an bháid agus bhí faitíos orainn go mbrisfí an cíle, ach níor briseadh.

D'éirigh le Colm Ó Maoilchiaráin caoi mhaith a chur ar an bposta agus fad is a bhí an bád triomaithe cuireadh fáisceadh breise ar na strácaí íochtair agus déanadh corcáil orthu go daingean.

Faoi dheireadh bhí sé in am baile agus d'fhágamar Douamenez ar an 4 i Máirt. D'fhan muid thar oíche ar oileán Ouissant. Maidin Dé Céadaoin thug muid ár n-aghaidh ó thuaidh agus shroich muid an Gleann Dara ar chósta Chorcaigh le maidneachan lae Dé hAoine - cóir na gaoithe linn i gcaitheamh an ama.

Ghlac muid páirt i bhféile báid agus d'éirigh linn buachaint ar Bhád Chonraí a bhí páirteach sa bhféile chomh maith. Níorbh fhada go raibh muid ar ais arís i gCinn Mhara agus cé a bhí ann romhainn ar bharr na céibhe ach Tony Mór, bail ó Dhia air.

Míle buíochas do mhuintir na Ceathrún Rua a chuidigh linn. Buíochas faoi leith do Tom Deairbe, John Deairbe, Máirtín Ó Briain agus le chuile dhuine a chabhraigh go mór linn.

[Gan Teideal]<br />

Buíochas faoi leith do Cholm Ó Maoilchiaráin agus a bhean Caitríona. Ba bhreá an radharc iad húicéirí na Gaillimhe thall ag an gcruinniú agus bratach na hÉirinn orthu i measc na mílte bád ó thíortha eile. Is ar éigin a bheas a leithéid de chruinniú arís ann.

Ár mbuíochas uilig do Chasse Maree agus Ar Vag a d'eagraigh an cruinniú.

Cruinniú na mBád i mBrest/Douarnenez