Skip to main content

Tógáil Curraigh sa Bhriotáin

Brian Ó Carra

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1991. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Nuair a tugadh cuireadh dom a bheith páirteach i Brest 92, an taispeántas báid traidisiúnta is mó ar domhan, bhí an-ríméad orm. Bhí mé le currach a thógáil mar chuid de na céadta imeachtaí a bhí eagraithe don ócáid.

Rinne mé cuid den obair sa mbaile mar theastaigh uaim a bheith in ann an currach a chríochnú agus a chur ar uisce taobh istigh de cheithre lá.

B'aisteach an radharc muid ag teacht amach as an ferry agus ag tiomáint siar tríd an Fhrainc. Timpeall orainn bhí carranna leo siúd a bhí ag dul ar saoire agus iad ag déanamh íontais faoi mo charr-sa le cúigear inti agus ualach mór adhmaid ar an díon. ln éindigh liom bhí mo bhean Kay, m'iníon Róisín agus mo bheirt mhac, Colm agus Donncha.

Thosaigh muid ar an Déardaoin an 9ú lá san ionad a bhí réitithe dúinn agus is beag deis a tugadh dúinn ár n-anáil a tharraingt idir sin agus an Mháirt dar gcionn. Bhí an-suim go deo acu sin a bhí ann san taispeántas léaráidí, seanphictiúir, múnlaí srl a bhí againn san ionad, agus ar an sráid amach ar aghaidh an ionaid bhí sé an-deacair ormsa aon obair a dhéanamh ar an gcurrach leis na sluaite a bhí i gcónaí timpeall orainn.

Bhí muid ó mhaidin go hoíche ag freagairt ceisteanna faoi Iarthar na hÉireann. Bhí ualach maith bróiséir againn ó "Chósta Chonamara" agus ní raibh siad i bhfad ag imeacht. Tá mé ag súil go mbeidh méadú mór i líon na gcuairteoirí a thiocfas chugainn ón Eoraip dá bharr.

 Brian Ó Carra agus Ruaidhrí Ó Tuairisg ag iompar an churraigh len é a sháthadh san sáile don chéad uair.

Brian Ó Carra agus Ruaidhrí Ó Tuairisg ag iompar an churraigh len é a sháthadh san sáile don chéad uair. Tá Donncha Ó Carra ag iompar an maide rámha chun tosaigh.

Cé nach raibh aon seastán eile ón tír seo ann ní raibh muid uaigneach mar bhí cúig cinn de bháid mhóra na Gaillimhe gar dúinn ag an gcéibh. Bhí an Mac Duach, An Lady Mór, An Saint Patrick, Clíona agus An Morning Star ann. Fuair mé chuile chabhair uathu. Tar éis dom an fhuáil a chríochnú ar an gcanbhás tháinig slua acu aníos leis an gcéad chóta tarra a fheiceáil dá chur ar an gcanbhás. Bhí siad arís ann tráthnóna Dé Luain leis an gcurrach a iompar agus í a chur ar uisce don chéad uair. Níor briseadh aon bhuidéal fíona uirthi ag an lánsáil ach bhí an-chraic againn.

Thugamar linn abhaile an churrach ar dhíon an chairr agus tá sí anois ag céibh Bhearna. Meastú an í sin an chéad churrach a déanadh sa bhFrainc le n-úsáid i gConamara?

Ag an bhFéile bhí 3,400 bád, 13,000 duine ag seoltóireacht iontú, 900 seastán de gach sórt, taispeántais agus 1,500,000 cuairteoir. Beidh an chéad Fhéile ann i 1996.

 Brian Ó Carra ag cuir an chéad cóta ar an gcurrach a rinne sé i mBrest na Briotáine.
Brian Ó Carra ag cuir an chéad cóta ar an gcurrach a rinne sé i mBrest na Briotáine. Tá a bhean Kay ar thaobh na lámha deise dhó.