Skip to main content

Meaircín agus Joe Clochartaigh

  Meaircín agus Joe Clochartaigh.

Meaircín agus Joe Clochartaigh. Buíochas le Noel Ó Tuairisg a chur an pictiúr thuas ar fáil.

Coiste Eagarthóireacht an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1995. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Meaircín agus Joe Clochartaigh, na saorbháid ó Mhaoinis, le model den bád deireannach a thógadar, An Meaircín Joe. Beidh borradh iontach ag tíocht faoi tógáil bád aríst i gConamara de bharr Scéim Eorpach, atá ceadaithe do Chumann Húicéarai na Gaillimhe. "Saor Bád" atá ar an scéim agus tá £7,500 ceadaithe faoi Clár Horizon do Chumann na Húicéaraí le plean a chur le chéile chun cúrsa oiliúna do dhaoine óga ó Chonamara a chur ar bun, i dtógáil agus i ndeisiú bád seoil.

Má éiríonn le Cumann na Húicéaraí plean sásúil a chur le chéile, a bheas inghlactha, ba chóir go mbeadh tús dhá chur leis an Scéim Oiliúna seo mí Eanáir seo chugainn. Ba cheart go gcuirfeadh an cúrsa seo glún nua saorbháid ag obair agus go gcoinneoidís an traidisiún lenar bhain Meaircín agus Joe Clochartaigh beo i gConamara. Comhghairdeachas leCumann na Húicéarai.

Meaircín agus Joe Clochartaigh