Skip to main content

Saol an Bhádóra

 Ruaidhrí Ó Tuairisg.

Ruaidhrí Ó Tuairisg

 Johnny Bailey sa <i>gCapall</i>.

Johnny Baily sa gCapall.

Ruaidhrí Ó Tuairisg

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2001. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

I ngach eagrán de iris Phléaráca ó 1991 rinne Ruaidhrí Ó Tuairisg cur síos ar bháid mhóire. ln eagrán na bliana seo déanann sé cur síos ar an saol a chaith na bádóiri agus a dteaghlaigh.

Ar an bhfarraige go hóg

Má bhí sé d'ádh (nó de mhí-ádh) ar ghasúr go raibh bád ag a mhuintir ní raibh mórán blianta caite aige gur cuireadh eisean amach ag déanamh rud eicínt sa mbád. Bhí sé amhlaidh freisin go raibh go leor bádóirí ina gcónaí ar oileáin agus bhí sé riachtanach go mbeadh duine in ann bád a láimhseáil.

Dúirt Pat Cheoinín liom go raibh sé ag gliomadóireacht lena athair nuair a bhí sé deich mbliana d'aois agus go mbíodh sé ag tabhairt lámh chúnta leis an mballasta. D'fhág sé an scoil nuair a bhí sé cheithre bliana déag, agus thosaigh sé ag obair ar an Pearl, nobby a bhí acu. Bhí siad ag tarraingt stuf amach as Gaillimh ag na siopaí.

Nuair a bhí sé seacht mbliana déag bhí sé ag obair lena dheartháir, Seán, ar An Áirc, bád mór 43 tr. a bhí ag a uncail, Coilmín Mac an Iomaire, a raibh siopa láidir aige i Muighinis. Dála an scéil, níor fritheadh aon amharc ar An Áirc ó scaoileadh le sruth í agus í ar cheann téide ag an úinéir Harry Killea amach ó chósta na Spáinne sa mbliain 1988.

Bhí na bádóirí uilig cosúil le Pat Cheoinín. Bhí John William Seoige as Inis Bearachain ag obair lena chol ceathrar John Bhaibín, ar a leath-bhád, Bláth na hÓige nuair a bhí sé féin ceithre bliana déag. Thug siad móin go hÁrainn, go Cinn Mhara, go dtí An Chéibh Nua agus áiteacha eile.

Bhí Johnny Bailey as an Sruthán Buí ag bádóireacht ar an gCapall lena athair nuair a d'fhág sé an scoil agus bhí sé féin ina mháistir uirthi nuair a bhí sé seacht mbliàna déag.

Níorbh é an mac is sine a fuair an bád i gcónaí óna athair. Fágadh í go minic ag an té b-ábalta agus ag an té ba mhó a raibh spéis aige inti. Go deimhin bhí daoine chomh ádhúil go bhféadfá a rá gur phós siad isteach sa mbád. Phós Peada Ó Conghaile as Inis Bearachain Nóra Ní Chonaire as Tír An Fhia agus as seo a fhaighimid an t-ainm Bád PheadaAn Morning Star anois.

I bhfad ó bhaile

Cé gur saol an-chrua a bhí sa mbádóireacht bhí buntáistí ag baint leis freisin. D'éirigh Ie fir óga imeacht ar feadh tamaill ó fheilmeacha agus ó thrá, agus áiteacha a bhí i bhfad ó bhaile, mar Chinn Mhara, Gaillimh, An Spidéal agus Árainn a fheiceáil. Tá na háiteacha seo ar leic an dorais anois againn ach ní amhlaidh a bhí cheithre scór bliain ó shin. Ar na haistreacha seo mar a dúirt mé bhí cruatan ach bhí daoine nua, craic agus saoirse.

 Conn McCann agus Donncha Ó hÉallaithe sa <i>gConnacht</i> i nDouarnanez na Fraince i 1988.

Conn McCann agus Donncha Ó hÉallaithe sa gConnacht i nDouarnanez na Fraince i 1988.

Saol crua

Beirt a bhíodh ag obair ar an mbád go minic ar feadh na bliana. D'fhág siad Carna, Ros Muc, An Cheathrú Rua, An Máimín go luath ar maidin ag braith ar an taoille. Amannta chaitheadh an bád a bheith amuigh ar ancaire. Tháinig cuid acu timpeall Cheann Gólaim. Tháinig báid Ros Muc agus Chamuis tríd An Daingean, áit a raibh droichead luascadh go dtí 1967. Mar adúirt na bádóirí, 'Tá an dá bhealach ann, An Daingean agus an Ceann.'

Thug siad móin go hÁrainn agus Cinn Mhara, feamainn go Gaillimh. Chodail siad faoi deic, áit a lastaí tine ar leacracha le haghaidh cócaireachta. Fataí, arán, iasc agus im an bia ba choitianta a bhí acu. Is maith is cuimhin liom fós an chéad uair a chonaic mé tine mar seo agus mé ag ól tae a bhí déanta ag Micil Bailey ar an gCapall agus muid ar an mbealach ón Máimín go Cinn Mhara ag tús na nochtóidí. Tá a leithéid ag Máirtín O Briain ar An Tónaí agus ag Pádraig Johnny Jimmy ar An Mhaighdean Mhara. Bhí an tine ag teastáil freisin le éadach a thriomú mar ní riabh aon chaint ar chultacha báistí.

Bhí na seolta níos lú ná mar atá siad anois ach fós bhí siad trom mar gheall ar an ábhar a bhí iontu, cadás nó baffidy go háirid nuair a bhí sé fliuch. Ní bhíodh an oiread sin imní ar na bádóirí faoi na báid féin i ndrochaimsir ach faoin rigeáil. Go minic bhíodh fuireacht calaidh orthu. Is minic a chaith John William cúig nó sé lá i gcaladh, chaitheadh Pat Cheoinín laethanta fada i nGaillimh agus dúirt Johnny Bailey gur fhág sé An Máimín uair le móin go Cinn Mhara agus mar gheall ar dhroch-aimsir nach raibh sé sa mbaile go ceann trí seachtainí.

Nuair a bhí an aimsir ró-bhreá bhí fadhbanna eile agat. ln aimsir cailm bhíodh ar na bádóirí dhá mhaide rámha a oibriú agus san oíche bhíodh orthu bheith ag faire agus ag éisteacht le farraigí ag briseadh ar thránna agus ar charraigeacha, ag faire ar an ngealach, ar réaltóga agus ar thithe solais. Dúirt John William liom go raibh an sneachta níos measa ná rud ar bith eile. Ní raibh fhios agat ó thalamh an domhain cá raibh tú.

Ba mhinic imní ar mhná-chéile agus ar mháthaireacha ach go minic tháinig siad féin ó dhream a raibh baint acu leis an bhfarraige agus thuig siad an scéal. Chuireadh bádóirí scéal abhaile le comharsana a chasadh leo i nGaillirnh go raibh chuile shórt ceart go leor.

Seán agus Pat Cheoinín.

“Sin ceann maith!” Seán agus Pat Cheoinín.

Obair na mban

B'iontach an obair a rinne na mná. Chomh maith le obair an tí, chuir siad fataí agus coirce, bhain siad feamainn agus carraigín agus shábháil siad móin. Dúirt Pat Cheoinín nár chuir sé féin mórán fataí ariamh, ní raibh cinneadh ar bith lena mháthair. Rinne bádóirí eile roinnt oibre idir dhá thuras agus thriáil siad na fataí a bheith curtha acu roimh Lá'l Pádraig.

Luach saothair

Dóibh siúd a bhí ag plé le móin thosaigh an obair timpeall mí na Márta agus lean sé ar aghaidh go dtí Mí na Samhna. B'fhéidir go ndeachaigh siad ag plé le lastas ina dhiaidh sin. Is cuimhin le John William móin a thabhairt go hÁrainn Oíche Shamhna agus é bheith sa mbaile in lnis Bearachain ag 11 i.n. Ní mórán a rinne Pat Cheoinín le móin. D'oibrigh sé ar feadh na bliana ag tarraingt ag siopadóirí. Thosaigh sé nuair a bhí sé cheithre bliana déag agus tá sé ag obair fós ar a bhád Star of Faith. D'oibríodh sé sé lá na seachtaine, bhí an Domhnach saor go h-iondúil mura mbeadh tú ag teacht abhaile nó ag cur báid amach ar ancaire. Ní raibh aon chaint ar pháigh seachtaine, rag-obair nó bónus. Sna ficheadaí agus na tríochadaí fuair úinéir an bháid luach trí ualach agus fuair an leath-bhádóir an ceathrú ceann. Níos deireannaí fuair sé an triú ualach. Ar bhealach bhí sé seo níos fearr ná bád a bheith agat mar ní raibh aon chostas cothabhála ort. 'An ceathrú pingin agus an triú pingin' a thug Johnny Bailey ar an gcóras seo. 'An ar an gceathrú pingin a bhí tú?'. Fear Fóirne a thug muintir an Chladaigh air an leath-bhádóir. Bhí an ceathair agus an haon ag Pat Cheoinín freisin. 'Chaon dara hualach a bhí ag John William agus John Bhaibín.

Nuair a thosaigh Johnny Bailey ag deire na gceathrachadaí fuair sé £7 in Árainn agus £8 i gCinn Mhara. Bhíodh Paddy agus John Mhichael Labhráis as lnis Oilte, Camus ag fáil £5 i gCill Éinne lena leath-bhád An Swan timpeall an ama céanna. Nuair a chríochnaigh Johnny Bailey le móin i 1959 bhí sé ag fáil £20. Choinnigh Paddy agus John Mhicheal Labhráis orthu go dtí lúil '84 agus fuair siad £165 ar an ualach deire in lnis Méain. Chríochnaigh na húicéirí i dtús na seachtóidí agus fuair siad £30 ar ualach in Árainn. Chosain sé £15 ar an bportach agus £4 nó £5 don leoraí í a thabhairt ag an gcéibh.

Sna blianta roimhe sin thugadh asal agus cléibh nó capall agus carr an mhóin ag an gcaladh. Théadh seacht nó ocht gcarr móna i mbád. Ba mhaith leis na bádóirí féin í a líonadh, bhíodh 'boiscíní' déanta ag cuid acu agus móin mhaith in uachtar. Bhíodh orthu an mhóin a fholmhú, pionta nó dhó leis an gceannaitheoir agus ar ais abhaile. Scaití in Árainn fuair na bádóirí iasc in áit airgid, 480 bréam, a dhíol siad sa mbaile. Bhí sé scór móide trí sa gcéad, nó mar deir John William, 'sé scór agus lámh isteach'. Dhéanadh Mike O'Brien agus Johnny Jimmy aistir nó dhó sa ló, rinne Johnny Bailey trí aistir as Ros an Mhíl lá amháin. Anois is arís bhí turasóirí acu agus thug siad beithigh as Árainn agus fataí isteach go Gaillimh. Tugadh cloch aoil abhaile as Árainn agus as An gCéibh Nua le dó i dtornógaí cosúil leis an gceann sa Máimín.

Chuala mé gur thug An Áirc trí scór duine agus trí scór rothar go hÁrainn uair. Bhí na húicéirí ábalta cheithre thonna dhéag a iompar agus bhí na ceanna móra mar An Áirc agus Fág a’ Bealach in ann ag seacht dtonna dhéag.

 Joe Mhaidín agus Johnny Bailey sa <i>gCapall</i>.

Joe Mhaidín agus Johnny Bailey sa gCapall.

 Máirtín Tom Deairbe.

Máirtín Tom Deairbe

Micil Bailey, John Bhaibín, Johnny Bailey agus Dudley Bailey.

“Cá bhfuil do phíopa, a Mhichil?” Micil Bailey, John Bhaibín, Johnny Bailey agus Dudley Bailey.

Siopaí

Ba le lucht na móna a gcuid báid féin ach níorbh amhlaidh do na daoine a bhíodh ag plé leis na siopaí. Bhí a bhád féin ag chuile shiopadóir agus bádóirí ag obair aige. Chuirfeadh sé iontas ort inniu suíomh na siopaí sin a fheiceáil. Tá siad ar oileáin nó ar chinntíre iargúlta, cosúil leis An Crapach, Leitir Mealláin áit ar thosaigh sinsir Thomas McDonagh na Gaillimhe, nó An Gairfean, Ros Muc, áit a raibh siopa mór ag muintir Chonroy. Caithfear cuimhneamh gur tógadh na siopaí seo nuair nach raibh aon bhóithre ann ná droichid agus ba é an bád an t-aon mhodh taistil agus tráchtála.

Tá Pat Cheoinín ar dhuine den dream beag bádóirí atá fágtha a bhí ag freastal ar shiopaí an t-am ar fad. Bhí sé ag obair lena athair ar an nobby An Pearl agus ar Fág a' Bealach agus ar An Áirc lena dheartháir, Seán. Tharraing siad earraí ag na siopaí móra ar fad, Tommy Flaherty i mBaile Uí Chonghaile, Ó Móráin agus Moylett i gCarna, Mac Con lomaire i Muighinis. Dúirt Pat liom gur chuir sé 17 tonna plúir ar An Áirc lá leis fhéin.

Is minic go raibh an oiread glaoch orthu go gcaithidís ualach a bhriseadh suas agus roinnt a thabhairt ag cúpla siopadóir agus thabharfadh na báid mhóna an chuid eile abhaile nuair a bheadh seans acu. Dúirt John William liom gurbh í An St. Patrick an bád ba deise a chonaic sé fhéin ariamh ar Chuan na Gaillimhe ach go raibh sé chomh gnóthach nach raibh am acu cóta breá tearra ná culaith ceart seoil a chur uirthi. Dúirt Pádraig a’ Mháille gur dhúirt a athair go bhfaca sé aon bhád déag i nGairfean i Ros Muc ag tabhairt earraí ag siopa Chonroy. Bhí sé fhéin ar cheann acu. Dúirt Macdara Ó Maoláin as Árainn go bhfaca sé fhéin 20 bád i gCill Rónáin agus chonaic sé 35 bád ag seoladh amach as Conamara.

Ag tús an chéid seo caite fuair an bádóir scilling an tonna ar lasta agus bhí sé bailithe suas go dtí deich scilleacha sna ceathrachadaí. Sí An Mhaighdean Mhara a thug ábhar an tséipéil nua na Ceathrún Ruaidhe, teach an tséiplínigh agus an scoil anoir as Gaillimh timpeall na bliana 1894 agus fuair siad scilling an tonna. Báid eile a rinne freastal ar shiopaí áitiúla An Catherine agus Erin's Hope go dtí Monica Réamoinn i dTír an Fhia, An St. Patrick go dtí siopa Chonroy i Ros Muc, An Meiricean Mór ag O'Donnells ar an gCeathrú Rua, an nobby Pride of Mace ag Ó Conghaile sa Más, An Stail ag Conroy's i gCill Chiaráin agus go leor leor eile.

Thug siad feamainn go Gaillimh. Dhíol siad í le daoine mar Delia Lydon a bhí san áit a bhfuil The Quays anois. D'fhág siad ballasta ina ndiaidh agus thug siad ualach stuif abhaile leo. Bhí carr agus capall ag Thomas McDonagh & Sons ag freastail ar an mballasta.

Michael Chóilín agus Willie Phádraigín as an gCeathrú Rua, i gCinn Mhara (i 1979 nó ’80).

I measc na ndaoine ar an mbád tá Michael Chóilín agus Willie Phádraigín as an gCeathrú Rua, i gCinn Mhara (i 1979 nó ’80).

 Tom Bottle Conroy  ar Bhád Chonroy i gCill Rónáin.

Tom Bottle Conroy (le hata) ar Bhád Chonroy i gCill Rónáin.

Clárú

I rith an Chéad Chogaidh Mhóir b'éigean báid a chlárú. Chosain sé seo cúig scilleacha agus go minic tugadh ainm nua 'oifigiúil' ar an mbád seachas an sean ainm áitiúil a bhí uirthi. Bhí cuid de na húinéirí sa gcogadh agus chuir siad isteach ar chostaisí cothabhála ar an mbád nuair a tháinig siad abhaile. Ní raibh aon chaint ar árachas go dtí gur chaill bád le Conroy as Ros Muc ualach plúir ag dul suas an Daingean.

Ól

Tríd is tríd ní raibh baint an-mhór ag bádóirí le ól cé go raibh siad imithe ó bhaile go minic. Bhíodh corr-bhraon poitín ar bord acu agus d'ólaidís corr-phionta ag ceann scríbe ach sin an méid. Dúirt bádóir amháin liom, 'ní raibh an t-airgead fairsing le pórtar a cheannacht agus bhí an stuf glas contúirteach'. Thug cuid de na báid poitín go Gaillimh, Cinn Mhara agus go Co. an Chláir. Tógadh An Mhaighdean Mhara i gCinn Mhara uair agus 16 galún poitín ar bord. Is beag nár chaill siad an bád. Thug An Capall roinnt mhaith poitín soir agus is beag nár gabhadh í uair i mBéal a’ Chloga. Dúirt Pat Cheoinín liom go mbíodh gimléad ag corr-bhádóir le braon a shú aníos as na bairillí pórtair. Bhíodh bád ag fear darbh ainm Micil Bairéad as Leitir Meailáin ag tarraingt poitín go Sráid na Cathrach. Ba mhinic leis an oíche a chaitheamh ar Oileán an Dá Bhruinneog, siar ó lnis Mór. Timpeall na bliana 1890 bádh é féin agus a bhád amach ón oileán agus tháinig na ceaigeanna i dtír ag An Aird Thiar, Carna.

Deisiúcháin

Rinne na bádóirí go leor den deisiúchán iad féin. Má bhí obair mhór le déanamh chuaigh siad go dtí saortha mar Cathasaigh, Clochartaigh, Maoilchiaráin i gCarna, Willie Pheaitsín Mhílidh as Tír an Fhia, Michael Mór O Nia as Ros Muc, O'Donnell agus Reaney i nGaillimh agus Keane i gCinn Mhara. Nuair a tógadh báid cosúil leis An Capall agus An Mhaighdean Mhara bhain an saor timpeall cúig phunt amach ar an obair agus chosain an t-ábhar idir seasca agus seachtó punt. Rinne go leor bádóirí a gcuid seolta féin. Gearrann agus fuáileann Johnny Bailey seolta terylene don Chapall agus dá ghleoiteog le lámh. Tá seolta gearrtha ag Pat Cheoinín do riar mhór de bháid Chonamara. Tá an traidisiún dhá choinneáil suas i gcónaí ag bádóirí mar John Deairbe agus Cóilín Ó hlarnáin.

Geallta

 Breandán Ó Tuairisg, Pádraicín Bhríd Rua, Pádraig Ó Tuairisg agus Colm Ó Donnchadha.

Breandán Ó Tuairisg, Pádraicín Bhríd Rua, Pádraig Ó Tuairisg agus Colm Ó Donnchadha.

Ní raibh an oiread geallta ann fadó is atá anois. Má chaith tú sé lá na seachtaine ar an bhfarraige amuigh faoi chuile chinéal aimsire bhí scíth ag teastáil uait ar an Domhnach. Ach bhí roinnt ann, chonaic John William geallta i gCuigéal, Cill Chiaráin agus i gCloch na Rón. Bhailítí cúpla punt go háitiúil agus thugtaí é don bhuaiteoir. Cé go raibh airgead gann bhí an chéad áit i bhfad níos tábhachtaí. Bhí na báid ag fiachaint a chéile i gcónaí ag dul le hualach nó ag teacht abhaile. Tá a fhios againn go raibh geallta in Árainn i 1884. Bhí agus tá fós lá mór ar an 16 Iúil, Lá'l Mhic Dara i gCarna. Tugann báid na háite chuile dhuine amach go hOileán Mhic Dara, áit a léitear Aifreann. Is iontach an radharc é, báid innill agus báid seoil, cúpla scór acu a fheiceáil ar ancaire thíos fút lá breá gréine. Ritear geallta i ndiaidh an Aifrinn. Bhí na patrúin seo níos tábhachtaí ná geallta. Bhíodh lá mór ag Tobar Cháilín in aice le Ceann Léime ar an 13 Samhain, Tobar Chiaráin i gCill Chiaráin ar an 9 Meán Fómhair agus Tobar Cholm Cille in aice leis an Tulach ar an 9 Meitheamh. Ar na hócáidí seo insíodh scéalta, óladh corr-dheoch, rinneadh cleamhnas, gearradh corr-smut agus bhí lá maith ag chuile dhuine.

Mná ar Bord

Go hiondúil níor oibrigh mná ar bháid. Bhain siad feamainn agus thug siad amach ag na húicéirí í i gcurrachaí. Chuaigh siad ag siopadóireacht go Gaillimh sna báid ach sílim gur cheap bádóirí nárbh b'shin é a náit. Chuala mé fhéin sean-bhádóir ag rá i dtús na seachtóidí 'Céard a dhéanfadh siad dá dtiocfadh orthu?' Ach ar ndóigh bhí eisceachtaí ann freisin. Sheol Jude Bairead as Leitir Mealláin pucán go minic. Tá sé spéisiúil gur dhúirt Seán Mac Giollarnáth ina leabhar Annála Beaga ó Iorras Aithneach' go mbíodh seanathair Jude, Seán Ó Lorcáin agus a dheirfiúr as Daighinis ag tarraingt mhóna agus fheamainne le bád.

Tráchtann sé ar mhná eile freisin, Máire Pheatsaí Thomáis agus iníon Mhicil Bheite a sheoladh as an Oileán larthach i gCuan Chill Chiaráin go Cill Chiaráin ag an Aifreann go Cuigéal agus go Carna. Tá trácht aige ar bheirt eile as Oileán Máisean, Caidín Nic Thuathaláin agus Máirín Shéamais Mhíchil a bhíodh ag seoladh lena gcuid fear.

Tá modh maireachtála a chleacht daoine ar feadh na gcianta imithe uainn go deo agus mar adúirt Tomás O Criomhthain faoi mhuintir An Bhlascaoid Mhóir, is féidir linne a rá faoi bhádóirí Chonamara, 'ní bheidh a leithéidí arís ann.'