Skip to main content

Logainmneacha: Dianghá le Cruinneas

 An Tae Beag le linn an fómhar a bheith á bhaint i mBothchúna.

An Tae Beag le linn an fómhar a bheith á bhaint i mBothchúna. 

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1992. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ó tosaíodh ag cur ainmneacha na mbailte in aired ag ceann chuile bhóithrín sa taobh seo tíre tá an-suim múscailte i logainmneacha. Gné fhíorthábhachtach den stair áitiúil í seo agus ó tharla gurb ea níor mhór a bheith an-chúramach go mbeadh na hainmneacha cruinn agus litrithe i gceart. Má dhéantar dearmad tá baol ann go mbuanófar an dearmad sin leis an aimsir. "Beatha teanga a labhairt: buanú teanga a scríobh", a deirtear.

 An sceimheal á cur ar chruach choirce.

An sceimheal á cur ar chruach choirce Peadar Ó Cualáin is a athair, Micilín Mhaighréad Mhicíl, ag obair san iothlainn i mBothchúna.

De bhrí gur i mBothchúna a rugadh mé féin, chuir mé suim ar leith i gcónaí in ainm an bhaile sin. Ach caithfidh mé a rá nach ró-shásta atáim leis an gcaoi a bhfuil an t-ainm Iitrithe ar an gcloch ag ceann an bhóthair. Bothán a' Chaonaigh an seanainm a bhí ar an mbaile agus tá daoine beo fós a bhfuil tuairim mhaith acu cá raibh an bothán seo. Teachín beag cruinn ceann tuí a bhí ann agus é clúdaithe le caonach. Dúirt fear as Bualuisce liom tráth go raibh bothán den déanamh céanna ina bhaile féin freisin. Ar bhealach bhí na botháin seo an-chosúil leis na cinn san Afraic ach gur as cloch a rinneadh iad abhus.

Cúpla bliain ó shin tháinig mé trasna ar chóipleabhar aistí scoile le mo dheartháir Peadar, beannacht Dé lena anam, agus tráthúil go leor tá aiste amháin ann faoin gcaoi a bhfuair Bothchúna a ainm. I bhFeabhra na bliana 1933 a scríobhadh an aiste nuair a bhí Peadar sa gceathrú rang.

 Aiste a scríobh Peadar Ó Cualáin i 1933.

Aiste a scríobh Peadar Ó Cualáin i 1933.

Seanafhraochóg

Is deacair a thuiscint cén fáth a bhfuil Seanafhraochóg litrithe mícheart. Uaireanta i gConamara fuaimítear focail cosúil le 'fraoch', 'craobh', 'baol', 'saol' díreach mar a fhuaimítear iad i gCiarraí is i gCorcaigh. Tarlaíonn seo go minic in amhráin Chonamara. Ach cé go bhfuil sin amhlaidh i gcanúint an Deiscirt ní scríobhtar na focail ansin mar fraech (fréach), craebh, bael, sael!

Rinneadh léirscrios ceart ar an ainm breá Áth an Ghlugair i mBearna. ‘Áth an Ghlagair’ atá greanta ar an gcloch. Thuigfeadh duine ar bith a raibh aon eolas aige ar Ghaeilge Chonamara cén chiall atá leis an bhfocal ‘glugar’ mar tá focail cosúil le 'ubh ghlugair' is 'scraith ghlugair' coitianta go maith sa gcaint.

Mar fhocal scoir ní fhéadfainn gan mo mhíshástacht a chur in iúl faoin millteanas as éadan atá á dhéanamh ar Iogainmneacha ag conraitheoirí móra foirgníochta i nGaillimh agus i gcomharsanacht na cathrach. Tá na logainmneacha chomh sean leis an gceo agus is náireach an scéal é go ligfí do na boicíní seo na hainmneacha ársa a chaitheamh i dtraipisí agus cinn áiféiseacha ar nós Seacrest, Monalee Heights agus a leithéidí a chur ina n-áit. Ach tá an milleán faoi seo le cur ar Bhardás na Gaillimhe nach dtuigeann cé chomh tábhachtach is atá na seanainmneacha stairiúla seo.