Skip to main content

Seán Mac Giollarnáth (1880-1970)

 Seán Mac Giollarnáth.

Seán Mac Giollarnáth

Dónall Ó Colchúin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1995. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Cé gur chaith sé cuid mhór dá shaol, mar aturnae agus mar ghiúistís ins na cúirteanna i gCondae na Gaillimhe, is féidir a rá gur fearr aithne atá ar Sheán Mac Giollarnáth, mar bhailitheoir béaloidis, agus mar fhear a scríobh faoin dúlra.

Rugadh sa mbreac-Ghaeltacht é – sa nGoirtín, in aice le Béal Átha na Slua, in1880, agus tar éis a chuid scolaíocht, fuair sé post i Londain sa stáitsheirbhís. Le linn dhó bheith i Londain, chuir sé an-suim sa nGaeilge, agus thosaigh sé ag freastal ar na ranganna Gaeilge a bhí dhá reáchtáil ansin ag Conradh na Gaeilge. Ba dá bharr sin, a chuir sé aithne don chéad uair ar Mhicheál Breathnach, agus ar Phádraic Ó Conaire. Thagadh siad le chéile go minic, i dteach bia in Adelphi Terrace, agus mar gheall gurbh as Condae na Gaillimhe don triúr acu, agus go raibh suim acu sa scríbhneoireacht, is cinnte gur iomaí oíche fhada a chaith siad le chéile, ag caint 's ag comhrá faoi nua-litríocht na Gaeilge.

Go deimhin, casadh Seán Mac Giollarnáth agus Pádhraic Ó Conaire go mion-minic ar a chéile ina dhiaidh sin, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, agus i gCarna, agus freisin i Ros Muc, i gCill Chiaráin agus in Árainn.

D'fhág Seán Mac Giollarnáth Londain i 1908, agus ceapadh mar leas-eagarthóir ar an gClaidheamh Solais é, ag deireadh na bliana sin. Tar éis cúpla mí, b'é bhí ina eagarthóir ar an bpáipéar, i gcomharbacht ar Phádraig Mac Piarais. Scríobh sé roinnt altanna don pháipéar, agus i 1913 foilsíodh Mac na Mná Déirce - aistriúchán a rinne sé féin agus Mícheál Mac Ruairí ar The Shúiler's Child le Séamas O'Kelly.

Bhí sé sna hÓglaigh, ach níor thóg sé páirt san Éirí Ámach, seachtain na Cásca, agus an bhliain dár gcionn, d'fhág sé a phost mar eagarthóir ar an gClaidheamh Solais.

Rinne sé freastal ar léachtaí an Law Society, agus i 1920, fuair sé a dhindiúirí mar aturnae, agus chuaigh sé siar go Condae na Gaillimhe, go Bleá 'n Ríogh, áit a raibh sé gnóthach le cúrsaí dlí. Rinneadh giúistis de i 1925, agus go ceann chúig bhliana fichead ina dhiaidh sin, bhí aithne air mar 'Seán Forde an Giúistís' ag dream amháin, agus mar Séan Mac Giollarnáth bailitheoir sean-scéalta ag dream eile.

Mar gheall go raibh sé ag taisteal ar fud an chondae, ag dul ó chúirt go cúirt, bhí an-seans aige castáil leis na daoine a raibh béaloideas agus seanchas acu. I 1934, foilsíodh Peadar Chois Fharraige - bailiúchán breá de scéalta agus de chuimhní cinn sean-fhir, a thóg sé ó Pheadar Mac Thuathalán agus i 1936 bhí Loinnir Mac Leabhar agus scéalta gaiscí eile i gcló. Ba ó Sheán Ó Briain agus ó thriúr nó ceathrar eile, a fuair Seán Mac Giollarnáth na sean-scéalta fada sin. Bhí cónaí ar Sheán Ó Briain i Loch Conaora, gar do Chill Chiaráin, agus ní raibh scéalaí mar é beo in Éirinn le feabhas inseachta, de réir mar labhair Seán Mac Giollarnáth faoi. Agus i 1932 chuir Mac Giollarnáth Seán Ó Brian in aithne don bhailitheoir béaloidis Séamas ó Duillarga, agus chaith seisean cúpla seachtain in éineacht leis, agus thóg sé slám mórscéalta uaidh.

Bhí bailiúchán eile ar fáil ag Mac Giollarnáth i 1941, b'é sin Annála Beaga ó Iorras Aithneach - stair áitiúla ón gceantar sin. Ach, chomh maith leis na leabhra sin a bhí bunaithe ar bhéaloideas agus ar sheanchas a fuair sé ó dhaoine eile, bhí roinnt leabhar a scríobh sé uaidh féin.

Bhí an-tsuim go deo aige in éanacha agus scríobh sé dhá leabhar Saol Éanacha i 1925, agus Féilire na nÉan i 1940. D'aistrigh sé péire eile, Ríocht na nÉan, agus The Seashore a cuireadh i gcló i 1947, agus Cladach na Farraige an teideal a bhí aige ar an gceann sin. Chuir sé liosta focal faoi éanacha ar fáil do fhoclóir Uí Dhuinnín i 1927, agus tá tagairt déanta dhó sa réamhrá, mar Mr. Justice Forde.

San amhrán breá sin Ócum an Phríosúin, a chum Tomás Ó Lochlainn as Bun an Charnáin, agus a chas Cóil Neaine Pháidín go minic, tá tagairt do Sheán Mac Giollarnáth nó Seán Forde sna línte:-

"Ó molaim sú na h-eorna go deo deo is choíche,
nach mairg nach mbíonn tóir ag rí Sheoirse ar a dhéanamh,
Seán Forde a bheith ina ghúistís go gcomhairleodh sé na daoine,
Mar sé chuir mise ag foghlaim, le ócum a spíonadh".

Is iomaí scéal a bhí faoi, agus é ag taiseal ó áit go háit, agus ó chúirt go cúirt, rudaí a tharla sna tithe ósta agus daoine a casadh air - agus insítear scéal faoin lá ar ghearr sé fíneáil ar fhear, nach raibh in ann an fíneál a íoc, agus mar gheall go raibh aithne ag Mac Giollarnáth air, d'íoc sé dhó é as a phóca fhéin.

Ach i 1949, 'sea tháinig an leabhar is mó cáil ón údar seo, Mo Dhúthaigh Fhiáin. Ins an leabhar seo, thug sé le chéile an t-eolas cuimsitheach ar fad a bhí aige ar an dúlra, chomh maith le seanchas agus béaloideas a bhí bailithe aige le blianta roimhe sin. Chuir sé os ár gcomhair é, i nGaeilge bhreá nádúrach agus bhuaidh an leabhar seo duais an Chraoibhín, agus roghnaíodh é don Chlub Leabhar. Cuireadh ar fáil é freisin, mar eagrán scoile, faoin teideal Cúdar - cheithre cinn déag de ghearrscéalta spéisiúla, a d'fheil go mór do ghasúir scoile.

Chuaigh Seán Mac Giollarnáth amach ar pinsean in 1950, agus chuaigh sé ar ais arís ag obair mar aturnae. Scríobh sé leabhar Conamara, a cuireadh i gcló in 1954 agus a bhí urraithe ag Comhar Chúltúra na h-Éireann. Cuntas i mBéarla a bhí ann, ar na ceantracha éagsúla ar fud Chonamara, agus cuid mhaith den seanchas a bhain leo. Is iomaí alt agus aiste a scríobh sé ina dhiaidh sin, agus bhí suim i gConamara agus sa mbéaloideas aige, go bhfuair sé bás i 1970, agus é deich mbliana agus cheithre scór.

Sliocht

Sliocht as an leabhar ‘Conamara’ a scríobh Seán Mac Giollarnáth agus a d'fhoilsigh Merder Press i 1954 do Chomhar Cultúra Éireann.

“The poverty of the coastal land might suggest that fishing is the staple industry, but this is not so for fishing is only an occasional occupation and the people, men and women have become versatile in many occupations that provide them with food, fuel and clothing, and that very often enable them to make appreciable savings. The sea indeed provides manure for the stony soil. Without the harvest of seaweed there would be no harvest from the land, for it is the weed washed ashore or cut at low tide that enables the industrious worker to grow his potatoes, his patch of corn and meadow hay. The toil of gathering the weed is the most laborious of the year's round. Men plunge into the retreating waves to snatch escaping brown hanks and women no less zealous carry dripping backloads beyond the high water mark. No clothes or footwear seem adequate to protect the worker from the soaking salt water, but a sea-wetting never gives a cold.”
Seán Mac Giollarnáth (1880-1970)