Skip to main content

Ar Aistear na gCuradh Linn 1993

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1993. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ó tharla go bhfuil an iománaíocht faoi réim i gContae na Gaillimhe arís téann Séamas O Cualáin siar ar bhóithrin an smaointe agus bualann le sean-bháireoir a thuill clú agus cáil dó féin is dá chontae.

Ó bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884 tháinig ar an láthair anois is arís báireoirí a bhí cumasach amach is amach agus a rinne bearta laochais ar pháirc na himeartha fiú sula raibh na déaga féin slánaithe acu.

Duine de na hiománaithe iomráiteacha sin ba ea Micheál Mac an Rí as Cathair na Gaillimhe a raibh a ainm ina chraobh aonaigh ón gcéad lá ar imir sé ar fhoireann na Gaillimhe i 1925 nó gur scoir sé ag bordáil ar dheich m bliana ina dhiaidh sin.

 An báireoir cáiliúil ó Ghaillimh, Mick King.

An báireoir cáiliúil ó Ghaillimh, Mick King agus é réitithe le dul ag seoladh. (Pic: a iníon, Mrs. Walsh)

Bíonn meas ar leith i dtólamh ar an stílí, cuma cén cluiche a imríonn sé, agus gan amhras chuirfeadh imirt chliste chleasach Mhichíl Mhic an Rí ola ar chroí duine. D'fhéadfadh sé an camán a láimhseáil go healaíonta éifeachtach agus an sliotar a bhréagadh chuige amhail is dá mba slaitín draíochta an bata fuinseoige. An dá luath is a gheobhadh sé seilbh ar an liathróid, thabharfadh sé cor tobann lúfar agus é ag greadadh an tsliotar go beo bríomhar ag an am céanna. Agus ní i bhfad ón sprioc a chuirfeadh sé an t-urchar mar bhí an t-aimsiú ar fheabhas an domhain aige.

Go Macánta Meabhrach

Báireoir ba ea Micheál nach ndeachaigh i muinín an fhornirt ná an tsalachair riamh agus fiú sa choimhlint dho-eadrána d'imir sé, faoi mar ba dhual dó, go macánta meabhrach. Fear ard tanaí éadrom a bhí ann - é 6'2" ar airde agus gan aon chloch déag mhéachan ann nuair a bhí sé ina sheasamh. Ní fhéadfá gan suntas a thabhairt dó ar mhachaire an dúshláin óir bhí sé chomh díreach le giolcach Spáinneach.

D'fhear caolchumtha gan mórán toirte b'áibhéil an sracadh oibre a bhí ann agus i dtaobh scafántachta ní raibh Caoilte Mac Rónáin féin ann leis!

Thug sé aire ar leith i gcónaí don chinéal camáin a mbainfeadh sé úsáid as agus de bhrí go raibh an-mheas aige i gcaitheamh a shaoil ar stíl imeartha iománaithe Chill Chainnigh bh'fhéidir gurbh é sin an fáth gur ón gcontae sin cois Feorach a d'fhaigheadh sé a chuid camán.

Féith na hlománaíochta

Ba ar an mBóthar Beag i gCathair na dTreabh a saolaíodh Micheál Mac an Rí ach ba de bhunadh an Chladaigh a mhuintir agus ní miste a lua go mba chol ceathrar é do Mháirtín Mac an Rí a bhuaigh Craobh na hEireann le Gaillimh i 1923.

Léirigh sé agus é ina stócach go raibh féith na hiománaíochta ann. Agus nuair a bhí sé ag freastal ar Scoil na mBráithre Pádraig sa chathair d'fhorbraigh sé an cumas imeartha sin. Ag an am ní raibh aon chomórtas ann do mhionúir agus ar fhágáil na scoile dhó roghnaíodh é ar fhoireann sinsear Thomáis Ághas a bhí go mór chun tosaigh i gCathair na Gaillimhe nó gur bunaíodh foireann Liam Uí Mhaoilíosa.

Níor éirigh le Micheál craobh shinsear an chontae a bhuachan, agus ní raibh de thoradh a dhea-sheirbhíse don chlub ach dhá chraobh larthar na Gaillimhe i 1932 agus i 1934.

Gaisce dá chontae

Is beag cluiche nár fhág sé a shéala go domhain air ó thosaigh sé ag imirt lena chontae i lár na bhfichidí. Tráchtann na seanfhundúirí fós ar iliomad éachtaí Mhichíl - an gaisce a rinne sé i dtreascairt Chill Chainnigh (9-4 in aghaidh 6-0) i gcluiche leathcheannais na hÉireann i 1925 agus arís in éadan an chontae chéanna i 1929 nuair a bhuaigh fir an Iarthair leis an scór 7-7 i gcoinne 7-1, a shárimirt in aghaidh na bhfoirne ó Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcluichí Tailteann 1928 is 1932 - an taispeántas dodhearmadta a thug sé i gcluiche leathcheannais an Bhóthair Iarainn in éadan na Mumhan i 1933 - a chuid stuaime i gcluiche leathcheannais na hÉireann i 1934 nuair a bhí Gaillimh i dtaobh le ceithre fhear déag i gcoinne Luimnigh.

Gníomhartha gaile iad sin uile gan amhras ar bith, ach dá fheabhas iad siothlaíonn siad ar nós drúcht na maidine ar ghualainn na coscartha a thug sé do Thiobraid Árainn i gcluiche ceannais an tSraithchomórtais Náisiúnta i 1932 nuair a thapaigh sé cúl an bhua sa seiceant deiridh (4-5 v. 4-4).

I mbéal na tíre

Tar éis crógacht is áblacht Mhichíl Mhic an Rí i gcluichí Tailteann 1928 bhí a ainm i mbéal na tíre agus nuair a casadh Gaillimh agus Corcaigh ar a chéile i gcluiche ceannais n a hÉireann i bhfómhar na bliana sin bhí súil a muintir an Iarthair go gcruthódh sé a mhaitheas arís. Ach mo léan! In imeacht an chluich tarraingíodh buille fabhtach éagóradh a bhain an caipín de ghlúin amháin an rí iománaí.

Bhí an eachtra seo ina údar imris idir an dá chontae go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. Ach ó tharla dearmad déanta ar an mbeart faoi seo níl fúmsa seanchartacha a thochailt anois.

A bhuí le Dia gur fhill Micheál ar pháirc na himeartha arís i 1931 agus go raibh sé chomh líofa ag luascadh na fuinscoige is a bhí riamh.

D'fhuadaigh an bás an báireoir dearscnaitheach seo uainn in Aibreán 1961. Go ndéana Dia grásta ar a anam. Ba cheart go gcoinneofaí a chuimhne buan cois Coiribe le go mbeadh sé ina ábhar misnigh is spreagtha ag ógánaigh a chontae.

Aguisín: An Bóthar Beag a thugadh muintir Chonamara i gcónaí ar an mbóthar seo atá comhthreomhar leis an mBóthar Mór taobh thuas de. Ach ar nós go leor sean logainmneacha eile ní raibh sé sách galánta do na 'huaisle'. Bóthar an Choláiste a thugtar ar an mbóthar anois.