Skip to main content

John Phaitín Tom

 [Gan Teideal]

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2001. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá Seán Ó Mainnín, an dornálaí as Ros Muc a throid i gCraobh an Domhain i Madison Square Gardens tagtha abhaile le bliain. Chuaigh Meta Uí Mháille chun cainte leis faoina shaol, faoina mhuintir agus go leor eile.

An dornálaí óg agus gradam bainte amach aige.

(Ar dheis:) An dornálaí óg agus gradam bainte amach aige.

“Rugadh i Snabó mé i 1956, d'aistrigh muid go Cill Bhriocáin, tá mé beagnach siúráilte gur i 1959. Ní raibh mé ag dul ar scoil, ní raibh mé ach dó nó trí do bhlianta ach is cuimhneach liom an lá ar athraigh muid siar, cáirín asail a bhí againn le chuile rud a thabhairt siar, ní raibh aon Uhaul thart.

Ba as Cill Bhriocáin mo athair - Paitín Tom Mhártain agus ba as áit a dtugtar Bárrtha, Ros Dubhach, Co. Mhuigheo mo mháthair Theresa McGrath, ach is i mBaile Átha Cliaith a rugadh í. Gearmánach a bhí i sean-athair mo mháthair, De Courcy an sloinne a bhí air. Ba iníon leis máthair mo mháthar a bhí pósta ag John McGrath. Bhí naonúr clainne acu - Mike, Owen, Martin, Louis, Lilly, Bridget, May, Annie a fuair bás an-óg agus mo mháthair. Rugadh mo mháthair ar an 20 Aibreán 1916. Bhí an tÉirí Amach ar siúl i mBaile Átha Cliaith. Ní raibh mo mháthair ach chúig lá d'aois nuair a tháinig saighdiúirí Shasana isteach sa teach. Bhí a máthair an-lag tar éis an pháiste agus í ar an leaba. Tharraing na saighdiúirí amach as an leaba í agus chaith siad í. Bhíodh an t-athair ag obair ar na báid agus nuair a tháinig sé abhaile bhí a bhean, máthair mo mháthar, mo mhamó marbh roimhe. Thóg gaolta an chlann ansin, thóg aintín mo mháthair agus tógadh i mBaile Ros Dubhach í. Chuaigh cuid den chlann go Meiriceá ina dhiaidh sin. Is i New York a fuair Mike agus Owen bás, tá siad ar fad imithe anois. Tá cuid de mhuintir mo mháthar scaipithe thart i gceantar Ros Dubhach fós, tá iníon le colceathar leí thíos ann. Tá smeadar gaoil agam le go leor daoine i Muigheo.

Bhí cúigear dearthár ag m'athair agus deirfiúr amháin - Cóilín, Tomáisín, Peadairín, Michaelín, Joeín, agus Mary. Chuaigh cuid acu go Meiriceá, fuair Peadairín bás go h-óg i Chicago, is i mBoston a bhí Mary, sa mbaile a bhí Cóilín agus Tomáisín. Níl aon duine acu beo anois.

I Sasana a casadh m'athair agus mo mháthair ar a chéile, is ann a phós siad, tá mé ag ceapadh gur i 1937. Tá seisear deirfiúr agam agus cúigear dearthár, tá Paddy, Bríocán, Maidhc, Nóirín, Mary agus Josie anseo i gConamara agus tá Eileen, Bab, Nan, Tommy agus Colm i Meiriceá. Tá mé fhéin ar ais abhaile anois le bliain buíochas le Dia.

Ar an Turloch Beag a chuaigh mé ar scoil ó bhí mé cheithre bliana nó go raibh mé cheithre bliana déag. As sin ag an Tech 'Gairmscoil na hPiarsach' ar feadh cheithre bliana. Rinne mé an Meán Teastas, An Teastas Sóisearach agus an Teastas Grúpa sa Tech agus chuaigh mé go Cárna le haghaidh an Ard Teastas a dhéanamh, chaith mé bliain ansin ag na mná rialta.

 1976 i gColáiste Tin Ros Muc:.

1976 i gColáiste Tin Ros Muc: Frank Ó Máille, Colm Tom Chóil Ó Conaire, Mike Flaherty, Paddy Ó Niaidh, Máire Uí Chonaola, Colm Ó Mainín, Seán Ó Mainín (agus crios an Golden Shamrock air), Michael John Sheáinín Ó Confhaola agus Bab Sonny (Bean M. Flaherty).

Bhí an t-uafás gasúir i scoil an Turlaigh Bhig ag an am sin, déarfainn go raibh ó dhá chéad go dtí dhá chéad go leath ann nuair a bhí mise ag dul ann. Bhí go leor gasúir ar chuile bhaile thart, tá athrú mór tagtha ar sin anois. Théis na scoile bhíodh fataí le piocadh, féar le triomiú agus rudaí beaga mar sin le déanamh. Bhíodh muid ag spraoi thart le gasúir an bhaile ar ndóigh, sa trathnóna. Bhínn fhéin, Michael Pheige agus Máirtín in éineacht i gcónaí. Chaithfeadh muid píosaí ag specáil ar ghaeilgeoirí.

Chuaigh mé go Boston i mí Iúil 1974. Bhí mo dheirfiúr Josie sa mbaile agus chuaigh mé anonn leí. D'fhan mé thall go Nollaig, tháinig mé abhaile mar gur cailleadh mo uncail Cóilín Tom. Ní raibh mé le fanacht ach sé seachtainí ach dúirt m'athair liom fanacht píosa eile agus an Irish Championship a thriail. D'fhan mé ansin agus chuaigh mé go Rath Cairn ar chúrsa traenála a bhí eagraithe ag Gaeltarra Éireann le ABM, comhlacht a raibh monarcha oscailte acu i Ros Muc. Chuaigh seisear againn suas, sé Dónal Ó Lubhlaí a thug suas muid - Tommy Cevan, Steve Johnny Mhainín, Packie Mhic Bhearthla, Thomas Mhicí Stephen agus Michael Pheige. Chomh maith leis an traenáil sa monarcha chuaigh muid ag dornálaíocht leis an gclub áitiúil, an Girly Club. De réir a chéile ansin bhí cuid acu ag imeacht go dtí nach raibh fanta ach mé fhéin agus Thomas Mhicí Steven. Fuair an club dornalaíochta carabhán dúinn agus baisteadh the odd couple orainn. Bhuaigh mé an Irish Championship thuas ann. D'fhan mise ann ag obair go dtí 1976, fuair m'athair go dona le ailse agus tháinig mé abhaile agus chuaigh mé ag obair san monarcha a bhí ag an gcomhlacht ABM i Ros Muc.

Bhí an-slua leaids ag obair ann, fuair muid ar aghaidh go maith lena chéile. Go sábhála Mac Dé sin, bhíodh an-chraic againn ach bhíodh an obair dhá déanamh chomh maith céanna. Is cuimhneach liom go maith an dream a bhí ag obair ann san am sin, bhí Michael Phete Taimín, Michael Tom Chóilín, Tommy Tom Robert, Tommy Cevan, Mattie Mhatt Mhaithiais, Máirtín Mhichael Sheáin Phaddy, Packie Mhic Bhearthla, Beannacht Dé lena anam. Bhí mac le mo dheirfiúr Mary, Pádraig ann, sé a bhí ina tea-boy. Bhí Pádraig Mhatt Mhaitiais ann ar feadh píosa freisin agus ba é Michaelín John Sheáinín a bhí ina bhainisteoir ann. Tá sé fhéin anois ar shlí na fírinne. Bhí foireann beag sacair againn, ní raibh aon mhaith liom fhéin ag imirt sacar. Bhí foireann tarringt téide againn freisin. Chuaigh muid suas go Dún na nGall ag tarraingt i gcomórtas a bhíodh idir monarchain an Údaráis agus bhí an-deireadh seachtaine againn.

Obair iarainn a bhí ar siúl sa monarcha, ag déanamh scafaill agus ag déanamh chassis leoraithe. Bhí go leor obair weldála agus péinteála i gceist, thar lear a cuirtí an-chuid den táirgeadh. Bhí obair mhaith dhá dhéanamh ann, ba é an t-aon tionscail sa gceantar é ag an am. Thug sé fostaíocht mhaith, sé an trua gur dhún sé, b'fhéidir marach gur dhún go mbeadh go leor dá bhfuil imithe fanta sa mbaile.

Sé'n chaoi ar chuir mé suim sa dornalaíocht ar dtús, bhíodh Johnny Mháirtín Mhainín ag reáchtáil seisiúin aclaíochta istigh sa sean scoil i Ros Muc agus bhíodh Paddy agus Briocán, mo bheirt dearthár ag dul isteach ann. Tar éis scaithimh, iarradh ar Mhichael Sheáin Chóilimín - Mike Flaherty - dornálaíocht a mhúineadh ann, bhí mé fhéin agus Colm sa mbaile ag breathnú ar an teilifís, ceann a bhí ar cíos againn. Tá a fhios agam go raibh Muhammad Ali ag troid air agus bhí mé fhéin agus Colm ag sparáil le chéile ag aithris air. Nuair a tháinig Bríocán agus Paddy abhaile bhí siad ag inseacht do m'athair go raibh Michael Sheáin Choilimín ag bunú club dornalaíochta agus go mbeadh sé ag tosnú Dé Máirt. 'M'anam má tá', a deir m’athair, 'go mbeidh an bheirt agaibhse istigh ann'. Thug mo athair an bheirt againn isteach oíche Dé Máirt, sin é an chaoi ar thosnaigh sé.

Is maith is cuimhneach liom an chéad oíche sin, bhí slua leaids mhóra ann agus bhí mé fhéin chomh beag agus péire spéacláirí orm. Bhí mé thart ar dhá bhliain déag ag an am. Thosnaigh siad ag gáire fúm. Sheas cupla leaid as Ros Muc suas agus dúirt siad leo stopadh ag gáire, go mb’fhéidir go mbeadh mise agus Colm chomh maith leo fhéin lá eicínt. B'iad sin Máirtín Cevan (Máirtín Niaidh) Paddy McGrath, Éamonn Phatraicín Ó Mainín agus Paddy Mhairtín Breathnach.

Bhí an-suim ag m'athair sa dornálaíocht. Déarfadh muintir na h-áite go raibh sé fhéin go maith leis na lámha, fear an-chiúin a bhí ann ach is dóigh dhá gcuirtí aige é go raibh sé in-ann é fhéin a chosaint. Thug m'athair agus mo mháthair an-chúnamh agus an-tacaíocht dom agus go deimhin chuile dhuine den chlann, ligtí saor mé ó phiocadh fataí is rudaí mar sin nuair a bhíodh troid ag teacht aníos.

Bhí an-chlub i Ros Muc, bhí an-slua leaids ann ag an am agus bhí an traenálaí ab fhearr sa domhan againn - Michael Sheáin Choilimín nó Mike Flaherty mar a bhfearr aithne air. Tá mé dhá rá sin ó mo chroí. Thraenáil mé faoi thraenálaí a thraenáil daoine ar nós Muhammad Ali. Bhí mé trí bliana le Angello Dundee agus le dream a thraenáil seaimpíní domhanda, ach ní choinneodh siad coinneal do Mhike Flaherty. Thaispeáin Mike chuile rud dúinn, thaispeáin sé dúinn leis an iarradh a chaitheamh, thaispeáin sé freisin céard a d'fhéadfadh tarlú muna raibh tú lena dhéanamh ceart. Sé an sórt fear a bhí ann, mhúin sé faoi an dornálaíocht dúinn ach mhúin sé faoin saol dúinn freisin. Bheadh fonn ort dul ag an gclub i Ros Muc. Sin rud nach raibh amhlaidh le traenálaí i Meiriceá. Ní raibh caoi ar bith orthu ag déileáil le daoine, bheadh drogall ort scaití dul ag an Gym, bhíodh go leor brú i gceist.

 Tuismitheoirí Sheáin: Paitín Tom agus Teresa.

Tuismitheoirí Sheáin: Paitín Tom agus Teresa.

Thug Mike Flaherty, beannacht Dé lena anam, seans iontach do leaids óga an cheantair agus d’éirigh thar barr leis an gclub. Tháinig dornálaithe maithe amach as - Michael Newell as Ros Cíde, ní raibh sé ach bliain ag traenáil nuair a chuaigh sé chomh fada le Craobh na hÉireann. Throid sé Christy Curtis i mBaile Átha Cliaith, bhuaigh sé an troid go héasca ach níor tugadh dó é.

Bhí dornálaithe eile - Séamus Macken as an Turloch, Packie Mhick Bhearthla Bhreathnaigh as Snabó, Beannacht Dé leo, tá an bheirt acu imithe, Michael agus Máirtín Mhaidhcó Pheige agus Paddy McGrath as Cill Bhrocáin. Níor buaileadh ariamh Paddy ag troid go hamaitéireach, Paddy Martin as Snabó, Máirtín Cevan as an Tamhna Bhig. Tá a fhios ag chuile dhuine faoi Mháirtín cé chomh maith agus a bhí sé. Chaith sé roinnt blianta ag dornalaíocht go profisiúnta i Sasana agus d'éirigh go maith leis. Bhí Colm sin againne agus Tommy Ó hEithir an-mhaith, Tom Fheilipe mar a bhfearr aithne air nó Tom Ó Conaire as Ros Cíde, bhuaigh sé go leor craobhacha ach ní bhfuair sé aon seans ceart ariamh, Stephen Mhicí Stephen as Sála Laoi, bhuaigh sé Craobh Chonnacht. Ba é Stephen Johnney Mhainín an chéad duine a throid go hoifigiúil do Chlub Dornalaíochta Ros Muc. Throid sé Anthony Walsh as Gaillimh sa sean-scoil i Ros Muc. Bhí trófaithe go leor ann an oíche chéanna agus bhí mé fhéin ag rá an oíche sin gur bhreá an rud ceann acu a bhuachaint.

Bhíodh cuid de na babhtaí sparála a bhíodh againn sa gColáiste Tin i Ros Muc chomh crua le aon troid dhá raibh agam. An rud atá mé ag dul a rá anois agus ní ag déanamh gaisce atá mé, throid mé cuid den dream a bhfearr sa Domhan, ach an leaid is cruaichte, an leaid ba scafánta agus an leaid ba smeartáilte a bhuail dorn orm ba as Ros Muc iad. Ba é Martin Mhaidhcó Pheige an fear ba cruaichte, Tom Fheilipe an fearr ba scafánta agus ba é Michael Newell an fear ba smartáilte. B'fhéidir go gceapfadh daoine go bhfuil mé ag déanamh gaisce as Ros Muc ach sin í an fhírinne.

Thosnaigh mé ag troid ag meáchán chúig chlocha go leith agus ag dul suas as sin. Bhuaigh mé Craobh na hÉireann sna sóisir ag deich gclocha. Trí huaire a throid mé go h-idirnáisiúnta, throid mé d'Éirinn i Meirceá, i Sasana agus in Albain. Throid mé do Chonnacht in aghaidh Shasana i Leisiureland i nGaillimh nuair a bhí mé sé bliana déag d'aois, leaid den chine dhubh as Sasana, Brian Wilson a bhí air. Throid mé leaid i Meiriceá - Rusty Rosenburg a bhí air. Ní cuimhneach liom anois ainm an leaid as Albain.

Nuair a bhíodh muid ag dul isteach ag traenáil i Ros Muc, bheinn ag cloisteáil caint ar amateur boxing agus ar professional boxing ach níor thuig mé an difríocht a bhí eatarthu. D'fhiafraigh mé do leaid as an mbaile ceard é amateur boxing agus céard é professional boxing mar ní raibh barúil agam. Dúirt sé liom, amateur boxing an rud atá tú a dhéanamh ach professional boxing an rud a fhaigheann tú íocaithe air. Sé an fear é sin Peter Michael Sheáin Phaddy Ó Conaire, 'bydad' a dúirt mise 'más mar sin é tá mise le bheith ag fáil íocaithe air'. Sin é a chuir i m'intinn an chéad uair dul ag dornálaíocht go profisiúnta, sin a thug go Meiriceá mé le triail fáil amach cé chomh fada agas a rachfainn. D'fhéadfainn dul go Sasana ach ní raibh mé ag iarraidh. Ní bhaineann mé fhéin ná na Sasanaigh mórán cearta as a chéile. Mar Éireannach, d'Éirinn a bhí mé ag iarradh troid agus bhí fhios agam go mbeadh níos mó seans agam é sin a dhéanamh i Meiriceá. Ní raibh mé ach ag iarraidh fháil amach cé chomh fada agus a rachfainn, bhí mé ag ceapadh go mbeadh cúpla troid agam agus gur b'shin a bheadh ann.

Chuaigh mé go Meiriceá ar dtús mar a duirt mé nuair a bhí me 17 mbliana déag d'aois. Bhí mé ag fanacht le Paddy mo dheartháir i mBoston agus le fear as Tír an Fhia, Bobby Connolly. Thug siad sin go dtí Gym Jim Connolly mé agus chuaigh mé ag obair le Jerry Phatrick Chóil as Ros Muc. Bhí an-uaigneas i ndiaidh an bhaile orm i gconaí, cé go raibh rudaí difriúil i mBoston an uair sin seachas anois, bhí muintir na hÉireann níos gaire dhá chéile, bhíodh damhsaí gaelacha ann, théadh muid amach go Forest Hill chuile oíche Dé Sathairn agus Dé Dómhnaigh agus casadh daoine as gach ceard d'Éirinn orm. Níl sé sin amhlaidh chor ar bith anois, sna pubanna a bhíos an ceol anois.

Nuair a chuaigh mé go Meiriceá an dara huair, fuair mé cuid mhaith babhtaí dornalaíochta. Bhuaigh mé cuid mhaith acu agus buaileadh mé freisin, ach d'éirigh liom cuid den dream sin a bhualadh aríst. Bhí an-leaid as Korea a bhí uimhir a haon sa domhan, In-Chul Baec an t-ainm a bhí air. Fiafraíodh dom an dtroidfinn é. Throid mé é agus bhuail mé é agus i ndiaidh an bhabhta sin bhí mé áirithe ag uimhir a dó sa domhan. Leaid beag as Jamaica a bhí áirithe ag uimhir a haon - Mike McCallum, ba é Roberto Derrane a bhí ina World Champion.

Tairgeadh do Derrane mise a throid, ní raibh aon duine ag iarradh McCallum a throid, bhí sé ró-mhaith. Le mise a throid ní bhfaigheadh Derrane ach chúig chéad míle dollar. Tairgeadh troid dó in aghaidh Tommy Hearns ar thrí mhilliún go leath dollar. Thóig sé an troid sin. Leag Hearns amach é agus baineadh an chraobh de Derrane agus sin é an chaoi gur casadh mise agus Mike McCallum le chéile sa bhfáinne.

Bhí a fhios agam go raibh sé go maith agus thraenáil mé chomh crua agus a bhí mé in-ann. Gearradh mo shúil roimh an troid ach níor chuir sé sin tada as dom. Bhí Paddy ag iarradh an troid a chuir siar ach ní raibh mise ná ní raibh Connolly, níor mhaith liom an deis seo ar an World Title a scaoileadh tharm.

Bhí an troid crua, bhí Mike McCallum go maith. Ní bhfuair an fear sin leath an oiread aitheantais agus a bhí tuillte aige. Ní throidfeadh an dream eile é mar bhí sé ró-mhaith, bhuaigh sé World Title i dtrí mheáchán, light middle weight, middle weight agus light heavy weight ina dhiaidh sin. Níl ach aon duine dhéag eile sa saol a rinne é sin.

Ní raibh fhios agam go dtairringeodh an troid an oiread airde agus a tharraing. Bhí fhios agam go raibh mo mháthair agus Mary ag teacht amach. Tháinig Colm Mhainín agus Michael John Sheáinín agus daoine eile amach freisin. Ba Éireannaigh aon mhíle dhéag den fiche míle duine a bhí i Madison Square Gardens an oíche sin, gan caint ar an dream de bhúnú Éireannach a tháinig as gach áit i Meiriceá. Ní raibh aon cheapadh agam go mbeadh an oiread cainte dhá dhéanamh dhe.

Istigh sa seomra feistis roimh an troid is ag smaoineamh siar a bhí mé ar an mbaile. Bhí Paddy in éineacht liom. D'fhiafraigh mé do Phaddy an cuimhneach leis an trathnóna a raibh an bheirt againn ag piocadh fataí a dtáinig m'athair ag glaoch orm, ag rá go raibh dornalaíocht ar siúl ait eicínt i Muigheo an oíche sin agus bhí Michael Sheáin Choilmín ag iarradh orm a bheith réidh mar go raibh babhta dornalaíochta socraithe dhom. An oíche roimhe sin bhí muid ag breathnú ar throid ar an teilifís a bhí ag Muhammad Ali agus Joe Frazer i Madision Square Gardens. 'Nár stopadh tusa' a deir Paddy 'muna gearr go mbeidh tú ag ceapadh go bhfuil tú chomh maith agus gur go Madision Square Gardens a bheas tú ag iarradh dhul'. 'Diabhal a mbeadh fhios agat' a deirmse.

Níor chuir tada as dom roimh an troid, ní raibh mé neirbhíseach, níor thug mé aon suntas don slua ná cé a bhí ann. Ní raibh tada i mo chloigeann ach Craobh an Domhain a bhuachaint agus é a thabhairt abhaile go Ros Muc. Ach níor éirigh liom. Tháinig fear ó chomhlacht spóirt chugam ag iarraidh orm ainm a chomlachta a chaitheamh ar mo togs ach bhí m'intinn déanta suas agam, mar ómós do mo bhaile do mo thír agus don dream a thug an seans dom a theacht chomh fada seo gur 'Ros Muc' a bhí le bheith ar mo togs. Thairg sé 25,000 dollar dom ach dúirt mé leis dhá dtairgeodh agus milliún go raibh comhlacht agam. ‘Agus céard a tháirgíonn Ros Muc?' a d'fhiafraigh sé. 'Daoine maithe' a deirimse.

Ceapaim go mba cheart do chuile dhuine a bheith brodúil as a áit fhéin, is cuma cé as tú, sin comhairle a chuirfinn ar aon duine mar is cuma cá rachfaidh tú, fillfidh tú ar an mbaile sa deireadh. Ní raibh aon aithne agam ar McCallum ach casadh orm i mBoston é i 1990 tar éis dó Steve Collins a throid. Fear an-deas é, ní dhearna muid aon chaint faoi an troid a bhí againn le chéile ach dúirt sé liom nach dtroidfeadh sé aon Éireannach níos mó. 'You Irish, you make long nights for mé' a dúirt sé. Bhí Steve Collins tar éis dul dhá bhabhta dhéag leis, ní raibh aon chleachtadh ag McCallum ligean do throid dhul thar ceathair nó cúig de bhabhtaí.

Bhí na babhtaí laghadaithe ó chúig bhabhta déag go dtí dhá bhabhta déag ag an tráth seo.

Tháinig mé abhaile ar an 9ú Samhain, agus muna taispeáineadh ómós dom ní lá go maidin é. Bhí muid i Shannon ag a 6 a chlog ar maidin, bhí slua mór i Shannon agus i nGaillimh agus tinte cnámh ar feadh an bhealaigh amach as Gaillimh. Níor shroich muid an Crannóg i Ros Muc go raibh sé a deich a chlog san oíche. Bhí chuile dhuine go maith dhom i chuile áit dhá ndeachaigh mé. Ní fhéadfadh daoine níos mó a dhéanamh dhom dá mbuafainn an title ná mar a déanadh. Ach sin é an chaoi a bhfuil muintir Chonamara, tá siad bródúil as a n'áit féin agus as a muintir fhéin agus comhaireann sé sin go leor. Ní oíche amháin a bhí i gceist ach chuile oíche ar feadh míosa. D'fhan mé sa mbaile ar feath trí mhí an t-am sin. D'fhág mé an teach trí huaire le n-imeacht agus chasfainn aríst. Chas mé as Shannon lá amháin, bhí an oiread uaigneas orm. Bhí mo mháthair sa mbaile leí fhéin, cé nach raibh sí leí fhéin i ndáiríre. Bhíodh Briocán agus clann Mhary agus chuile dhuine den chlann a bhí ina gconaí thart ag baile isteach chuici chuile lá.

 Máirín Mulkerrins agus John in éindigh le clann atá gaolta le John.

Máirín Mulkerrins agus John in éindigh le clann atá gaolta le John.

Nuair a chuaigh mé anonn an chéad lá ariamh ní raibh sé de rún agam ach dó nó trí de bhlianta a chaitheamh i Meiriceá, ach ní raibh dornálaíocht profisiúnta in Éirinn agus ní raibh cúrsaí fostaíochta go maith anseo. Ach ansin anuraidh, tháinig mé abhaile ag bainis mac Nóirín, Kevin Ó Laoi. Le linn dhom a bheith sa mbaile bhí mé ag oscailt oifigiúil Gym i nGaillimh agus bhí Áine Lally ag déanamh agallamh liom le haghaidh TG4. D'fhiafraigh mé di cén chaoi a raibh a haintín, Máirín Mulkerrins as Oileán Fhínse. Dúirt sí go raibh sí togha agus go raibh sí ina conaí in Uachtar Ard, thug sí a huimhir fón dom.

Bhí mé ag dul amach le Máirín ó 1977 go dtí 1981, tá sé scór blianta ó shoin. Chuir mé glaoch ar Mháirín agus rinne muid socrú castáil le chéile agus nuair a chonaic muid a chéile aríst leáigh na blianta agus bhí sé nós nach raibh muid scartha óna chéile ariamh. Tá muid ag pósadh ar an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, le cúnamh Dé.

Tá iníon agam - Teresa, baisteadh Teresa uirthi i ndiaidh mo mháthair agus i ndiaidh iníon a bhí ag mo dheartháir Briocán agus Margaret a rugadh thart ar an am céanna ach a fuair bás agus gan í ach chúig seachtainí. Tá Teresa ocht mbliana déag d'aois, tá sí ina conaí i Wisconsin agus ag dul ag coláiste ansin. Beidh sí ag teacht abhaile ar cuairt an Geimhridh seo le cúnamh Dé.

Tá an saol go maith anseo anois, ach cheap mise go raibh i gconaí, bhí an saol go maith againn fhéin nuair a bhí muid óg. Is dóigh go gcreideann an dream óg é sin anois freisin ach gur maith leo imeacht go bhfeicfidh siad an saol dhóibh fhéin. Cé a thógfadh orthu é. Déanfaidh sé maith dhóibh má smaoineann tú air, is ansin a thuigfeas siad céard atá fágtha ina ndiaidh acu.

Sé an t-athrú is mo a fheicimse ar an áit anois agus ní hé an chaoi a bhfeicim é ach sé an chaoi a gcloisim é. Tá go leor leor gasúir agus daoine óga anois ag labhairt Béarla, agus sin rud a chuireann as go mór dom. Ní in aon áit amháin atá sé ag tarlú ach ar chuile bhaile agus fiú ag obair bíonn mé ag éisteacht le leaids as Conamara ag labhairt Béarla lena chéile. Bím ag fiafrú cén fáth agus is dócha gur gearr go ndéarfaidh siad liom aire a thabhair do mo ghnóthaí fhéin ach is cuma liom. Ba cheart dúinn cuimhniú ar na daoine a fuair bás ar son tír agus teanga, ach dream a bhfuil sí acu ón nadúr ag labhairt Bhéarla, ní thuigim é. Ní ualach ar dhuine ar bith a bhfuil sí aige ón nádúr í a labhairt. Tá daoine ar fud na tíre nach bhfuil sí acu a thabharfadh a dhá súil a bheith in-ann í a labhairt. Ach aríst níl chuile dhuine mar sin.

Máirín Mulkerrin agus Seán Ó Mainín; Theresa, iníon Sheáin; John agus Paul, mac le Máirin Mulkerrins.

(Ón barr:) Máirín Mulkerrin agus Seán Ó Mainín; Theresa, iníon Sheáin; John agus Paul, mac le Máirin Mulkerrins

Tá ceadúnas faighte agam le Club dornalaíochta a oscailt sa gCrannóg i Ros Muc. Beidh an club seo oscailte do gach aois-ghrúpa ó 9 mbliana suas. Tá coiste le bunú agus tá súil agam an club a oscailt i lár mí Deireadh Fómhair. Beidh sé mar choinníol gur Gaeilge a bhéas dhá labhairt. Bheadh súil agam go dtabharfadh sé seo seans agus spreagadh do dhaoine ar bheagán Gaeilge, cleachtadh an teanga a fhoghlaim agus í a labhairt.

Nuair a tháinig mo mháthair go Ros Muc ar dtús ní raibh focal Gaeilge aici agus ní raibh focal Béarla ag mo shean mháthair, ach d'fhoghlaim sí Gaeilge agus is Gaeilge a labhair muid i gconaí sa mbaile. Tá a fhios agam nuair a thagadh gasúir abhaile as Meiriceá go mbíodh náire orm mar nach mbeinn in-ann Béarla a labhairt ach tá mé bródúil as sin anois mar dhá mbeadh is ag bearlóireacht a bheadh muid. Sin atá ag tarlú anois, tá Béarla ag chuile ghasúr, ní locht ar bith é sin dhá dtugtaí tús aite don teanga dúchais. Má théann tú go aon tír eile tá a dteanga fhéin acu agus iad bródúil aisti. Cén fáth nach mbeadh muid anseo i gConamara bródúil as an nGaeilge, nach bhfuil sí ar cheann do na teangacha is sine sa domhan.

Chonaic mé ar an teilifís an lá cheana, tar éis an chluiche iománaíochta idir Luimneach agus Corcaigh, daoine a ndearna TG4 agallamh leo. Tar éis an chluiche, chuirfeadh sé ríméad ort ag éisteacht leo, an Ghaeilge bhreá a bhí acu. Tá a fhíos agam go bhfuil sé deacair ag daoine a thagann abhaile as Sasana agus Meiriceá agus teastaíonn cúnamh uathu leis an teanga a fhoghlaim, ach ní aon chúnamh dhóibh a bheith ag labhairt Béarla leo.

Sin é an dífriocht idir an Conamara a d'fhág mise i 1977 agus Conamara anois. Tá an Ghaeilge ag dul síos go mór agus muna bhfuil na gasúir seo anois ag dul dhá labhairt cén chaoi a mbeidh sé ag an gcéad ghlúin eile?”