Skip to main content

Na Súilleabháin Chróga as Uachtar Ard

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1994. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá a fhios ag an saol Fódlach faoi “Bhliain na bhFrancach” agus tráchtar go minic i gConamara ar “Bhliain an Bhrosna” ach tá bliain eile fós nár cheart go Ghaeil na Gaillimhe ligean i ndearmad choíche agus sin í an bhliain 1945 ar a nglaoimse go caoin ceansa “Bliain na Súilleabhánach”.

Fanann an bhliain seo gan chlaochlú i mo intinn go fóill agus, go gcuirtear na seacht sluaiste orm, cuimhneoidh mé ar éachtaí Thomáis is Dhonncha Uí Shúilleabháin, an bheirt deartháireacha docheansaithe as Uachtar Ard.

 Dinny dochloíte Ó Súilleabháin.

Dinny dochloíte Ó Súilleabháin agus é ag cosaint ar a chroídhícheall i gcoinne Shligigh i gcluiche leathcheannais peile Chonnacht i Ros Comáin ar 24 Meitheamh, 1945. Sé a dheartháir Tomás an dara imreoir ó chlé agus ar dheis sa phictiúr (ar chúl Dinny) tá Seosamh Ó Dúgáin (as Anach Cuain) a bhuaigh craobh na hÉireann ag caitheamh an dioscais.

Nuair is léir dúinn gur thosaigh Dinny ar a ré oirirc peile i 1933, go ndearna sé gaisce le Gaillimh i mórán gach cluiche ó shin i leith, chomh maith le Craobhacha Peile na hÉireann a bhuachan i 1934 agus i 1938, caithfear a admháil go mba fhear thar an gcoitiantacht é. (Ní miste a lua gur bhuaigh na Gaillimhigh ar Bhaile Átha Cliath i gcluiche leathcheannais na hÉireann i 1933 agus go ndearna siad an beart arís in aghaidh pheileadóirí na hardchathrach sa chluiche ceannais i 1934 leis an scór Gaillimh 3-5, Baile Átha Cliath 1-9. Agus creid é nó ná creid níor éirigh linn na Bleácliathaigh a chloí sa chraobhchomórtas ó shin i leith – tréimhse fhíorfhada gan amhras ar bith).

Bhí Tom is Dinny agus beirt deartháireacha eile - Séarlas is Eddie – mar chnámh droma na foirne a ghnóthaigh craobh shinsear peile an chontae do Uachtar Ard i 1938. Ba é seo an chéad uair, agus an t-aon uair amháin fós, a bhuaigh foireann ó IarChonnachta nó aon cheantar eile i gConamara, craobh shinsear an chontae.

Lanchúlaí Lar

I samhradh na bliana 1945 i gcluiche leathcheannais peile Chonnacht in aghaidh Shligigh thug Dinny taispeántas uaidh mar lánchúlaí láir (ar chlé ba ghnách leis imirt) nach bhfacthas a leithéid riamh. Chosain sé go calma cróga agus ba chuma an liathróid ag teacht chuige san aer nó ar an talamh d'aimsigh sé í le díocas lena lámha daingne doscaoilte agus ghread amach í le brí is le fuinneamh. Agus tabhair speach ar chic an tSúilleabhánaigh!

Ba ardú meanman a chuid imeartha do na báireoirí eile agus, le cuidiú a dhearthár Tom i lár páirce, fuair siad an lámh in uachtar ar Shligeach. Bhí scoth na bhfear ag Sligeach na blianta sin óir ag imirt dóibh i measc gaiscíoch eile bhí Colm Mac Duibhir as Tír Chonaill agus an cúlaí cumasach Tomás Ó Doinnléibhe.

I mbaile mór Ros Comáin i mí Iúil casadh Gaillimh is Maigh Eo ar a chéile i gcluiche ceannais Chonnacht agus fearadh cath dána dásachtach sular éirigh leis naGaillimhigh le dhá chúilín (2-6 in aghaidh 1-7). Bhí Dinny agus Tom i mbuaic a maitheasa arís agus tharraing siad meas is urraim orthu féin is ar a gcontae.

Is fiú a rá gurbh é Seán Ó Droighneáin as na Forbacha a thug an criogbhuille do Mhaigh Eo le scór deiridh na coimhlinte. Shleamhnaigh sé isteach ar chúl Richie Mhic an Gheimhridh as Maigh Eo nuair a chonaic sé an liathróid ag teacht isteach go hard. Léim an Maigheoch ach chinn air breith ar an liathróid. Níor leis an Droighneánach ab fhaillí é. Rug sé ar an liathróid, thug leis í ar ruathar aonair agus bháigh sé i gcúl na heangaí í.

Mórghaisce

Ar aghaidh le Gaillimh ansin go ndeachaigh siad i ngleic le Corcaigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh. Mura n-imreodh Tomás Ó Súilleabháin ach an cluiche seo amháin bheadh a ainm in airde ní hamháin i nGaillimh ach ar fud Chríocha Fáil.

Chuir sé an clár binne ar a chuid imeartha le mórghaisce an lae úd agus is dóigh nár imir aon pheileadóir riamh chomh díograiseach dúthrachtach agus mar d'imir an Súilleabhánach. Ní raibh fear a chloíte ar an bhfaiche agus ghabh sé trína Corcaigh amhail mar rachadh seabhac trí mhionéanlaith. Ach ainneoin a dhíchill ní raibh i ndán dó féin is dá chontae ach díomua catha sa deireadh leis an scór 2-12 gcoinne 2-8.

Séard dúirt Proinsias Ó Broin, ríthosaí na Mí, liom tar éis an chluiche: "Ba chomhrac é idir Tomás Ó Súilleabháin agus foireann Chorcaí". Níor bheag sin mar mholadh. Bhí seo le rá ag sárimreoir Mhaigh Eo, Liam Ó hOistín, go ndéana Dia trócaire air: "Gan amhras ar bith ba é Tomás an peileadóir ab fhearr sa tír i 1945.”

Clulche Ceannals Chonnacht 1948

Shleamhnaigh na blianta thart agus i 1948 bhí Gaillimh is Maigh Eo ag iomaíocht lena chéile arís i gcomhair Chraobh Chonnacht agus tar éis dhá chluiche peile chomh maith is a imríodh riamh i Ros Comáin nó ar aon pháirc eile, bhí an scéal gan réiteach fós agus b'éigean am breise a imirt an dara lá.

Beidh cur síos agus trácht go héag ar éachtaí an tSúilleabhánaigh sa dá chluiche. Ní raibh gníomh dá mhéad ná beart dá dhéine nach raibh ina riocht a dhéanamh agus níor shéan sé an chontúirt tráth ar bith. Gan aon áibhéil ba iad Tomás, An tAthair Breandán Ó hAinfe agus Pádraig Ó Riain as Béal Átha na Sluaighe curaidh an chéad lae nuair a chríochnaigh an dá thaobh ar chomhscór - Gaillimh 1-7, Maigh Eo 2-4.

Is fiú a ndúradh i Scéala Éireann an lá i ndiaidh an chluiche a athinsint: "Nuair a chuir Tomás Ó Súilleabháin an liathróid thar an dtrasnán ó shaorchic i gcomhair an chúilín a chothromaigh an cluiche ba mhaith a thuill an báireoir as Uachtar Ard an onóir sin mar rinne sé obair churata i gcaitheamh na dea-choimhlinte a chorraigh an slua go smior".

Sa chluiche athimeartha (a bhuaigh Maigh Eo le trí chúilín 2-10 in aghaidh 2-7 tar éis am breise) bhí an Súilleabhánach dochloíte arís agus nó go séala an t-anam asam meabhróidh mé i m'aigne an cúl a fuair sé ó chic éirice sa tréimhse bhreise. Bhí an tAth. Ó hAinfe ar a bhionda freisin agus lá is faide anonn ná inniu imreofar agus athimreofar na comhraic iontacha seo i measc lucht leanúna Mhaigh Eo is na Gaillimhe.

 Foireann Shinsear Peile as Uachtar Ard i 1936.

Foireann Shinsear Peile as Uachtar Ard i 1936: Líne ar gcúl (ó chlé) Máirtín Ó Nuáin, 'Dev.' Mac Suibhne (traenálaí), Micheál Ó Loideáin, Micheál Mac Donnchadha, Seán Ó Loideáin, Eddie Ó Súilleabháin, Seán Ó Conghaile, Seán Ó Dónalláin (réiteoir). Líne láir (ó chlé): Tomás Ó Súilleabháin (óganach 15 bliana ag an am), Pádraig Seosamh Ó Gibne, Pádraig Mac Giobúin (captaen), Máirtín Ó Tuathail, Séarlas Ó Súilleabháin. Líne tosaigh (ina suí, ó chlé): Séamas Ó Muireasáin (cúl báire), Anraí Ó hAIIúráin, Pádraig Mag Oireachtaigh, Pádraig Ó Maoldhomhnaigh.

De thoradh an chathbhuailte bhí seans deiridh Thomáis Craobh na hÉireann a ghnóthú imithe le sruth go deo. Nárbh é an trua é!

Cuireadh duifean croí ar Chlanna Gael i gcéin is i gcóngar nuair a bhásaigh an sárpheileadóir seo i Nua Eabhrac, Mheiriceá ar 17 Nollaig, 1979.

Go dtuga Dia suaimhneas síoraí na bhFlaitheas dá anam.