Skip to main content

Na Súilleabhánaigh as Uachtar Ard

 Gallimh v. Sligeach 1945.

Gallimh v. Sligeach 1945: Dinny Sullivan (cromtha mar ba ghnách leis) ag teacht amach leis an liathróid agus a dheartháir Tom (dara himreoir ó chlé) ag coinneáil súil ghéar air.

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2004. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá a fhios ag an saol Fódlach faoi "Bhliain na bhFrancach" agus tráchtar ' go minic i gConamara ar "Bhliain an Bhrosna" ach tá bliain eile fós nár cheart do Ghaeil na Gaillimhe ligean i ndearmad choíche agus sin í an bhliain 1945 ar a nglaoimse go caoin ceansa "Bliain na Súilleabhánach".

Fanann an bhliain seo gan chlaochlú i mo intinn go fóill agus, go gcuirtear na seacht sluaiste orm, cuimhneoidh mé ar éachtaí Thomáis is Dinny Uí Shúilleabháin, an bheirt deartháireacha dhocheansaithe ó Uachtar Ard na Gaillimhe.

Nuair is léir dúinn gur thosaigh Dinny ag imirt i 1933, go ndearna sé gaisce lena chontae i mórán gach cluiche ó shin i leith, chomh maith le Craobhacha na hÉireann a bhuachan i 1934 agus i 1938, caithfear a admháil go mba fhear as an gcoitiantacht é.

Bhí Tom is Dinny agus beirt deartháireacha eile - Charlie agus Eddie - mar chnámh droma na foirne a ghnóthaigh craobh shinsear an chontae do Uachtar Ard i 1938. Ba í seo an chéad uair a bhuaigh foireann taobh thiar den Choirib craobh shinsear an chontae.

Lánchúlaí Láir

I Samhradh na bliana 1945 i gcluiche leathcheannais Chonnacht in aghaidh Shligigh ar pháirc Naomh Comáin i Ros Comáin thug Dinny taispeántas uaidh mar lánchúlaí láir (ar chlé ba ghnách leis imirt) nach bhfacthas a leithéid riamh.

Chosain sé go calma cróga agus ba chuma an liathróid ag teacht chuige san aer nó ar an talamh d'aimsigh sé í le díocas lena lámha daingne dochta doscaoilte agus ghread amach í le brí agus le fuinneamh. Tabhair speach ar chic an tSúilleabhánaigh!

Ba ardú meanman a chuid imeartha do na báireoirí eile agus, le cuidiú Tom i lár páirce, fuair said an lámh in uachtar ar Shligeach. Ná ceap, a léitheoir, go raibh drochfhoireann ag Sligeach na blianta sin - ní raibh go deimhin óir ag imirt dóibh i measc togha imreoir eile bhí an cúlaí cumasach Tom Dunleavy agus Colm McDyer as Tír Chonaill.

I bPáirc Naomh Comáin i mí Iúil casadh Gaillimh is Maigh Eo ar a chéile i gcluiche ceannais Chonnacht agus fearadh comhrac dána dásachtach sular éirigh le Gaillimh.

Bhí Dinny is Tom Sullivan i mbuaic a maitheasa arís agus tharraing said meas is urraim orthu féin is ar a gcontae.

Ach níor mhiste a lua gurbh é Seáinín Ó Droighneáin as na Forbacha a thug an criogbhuille do Mhaigh Eo le scór deiridh an chluiche. Shleamhnaigh sé isteach ar chúl Richie Winters as Maigh Eo nuair a chonaic sé an liathróid ag teacht isteach go hard. Léim an Maigheoch ach chin air breith ar an liathróid. Rug an Droighneánach uirthi, thug leis í de ruathar aonair agus chuir i gcúl na heangaí í.

An Súilleabhánach

Ar aghaidh le Gaillimh ansin go ndeachaigh said i ngleic le Corcaigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh. Mura n-imreodh Tom Sullivan ach an cluiche dochreidte seo bheadh a ainm in airde ní amháin i nGaillimh ach ar fud Chríocha Fáil go Lá Philip a' Chleite.

Chuir sé an clár binne ar a ré peile le mórghaisce an lae úd agus is dóigh nár imir aon pheileadóir riamh chomh danartha díograiseach dúthrachtach agus mar d'imir an Súilleabhánach. Ní raibh fear a chloíte ar an bhfaiche agus ghabh sé trína Corcaigh mar rachadh seabhac trí mhionéanlaith. Ach ainneoin a dhíchill ní raibh i ndán dó féin is dá chontae ach díomua catha sa deireadh leis an scór 2-12 gcoinne 2-8.

Séard a deir Frankie Byrne, sárpheileadóir na Mí, liom taréis an chluiche: "It was Tom Sullivan v Cork!". Níor bheag sin mar mholadh. Bhí seo le rá ag rí-imreoir Mhaigh Eo, Liam Hastings, go ndéana Dia trócaire air: " I 1945, déarfainn gan amhras ar bith gurbh é Tom Sullivan an peileadóir ab fhearr sa tír."

Cluichí nach ligfear i ndearmad

Shleamhnaigh na blianta thart agus i 1948 bhí Gaillimh is Maigh Eo ag iomaíocht lena chéile arís i gcomhair Chraobh Chonnacht agus taréis dhá chluiche chomh beo bríomhar is a imríodh riamh i Ros Comáin nó ar aon fhaiche eile, bhí an scéal gan réiteach fós agus b'éigean am breise a imirt an dara lá.

Beidh cur síos agus trácht go héag ar éachtaí Thomáis Uí Shúilleabháin sa dá chluiche.

 Foireann Peile Shinsear Uachtair Aird 1936.

Foireann Peile Shinsear Uachtair Aird 1936: Líne ar chúl ó chlé: Martin Noone, "Dev" Sweeney (traenálaí), Mick Lydon, Mick McDonagh, John Lydon, Edward Sullivan, John Conneely, Seán Ó Domhnalláin (réiteoir). Líne láir ó chlé: Tom Sulllvan (15 1/2 bliain ag an am), Paddy Joe Gibney, Pat Gibbons (captaen), Martin O Toole, Charlie Sullivan. Líne Tosaigh (ina suí): Jim Morrison (cul báire), Henry O Halloran, Paddy Geraghty, Paddy Moloney.

Ní raibh gníomh dá mhéad ná beart dá dhéine nach raibh ina riocht a dhéanamh agus níor shéan sé an chontúirt tráth ar bith. Gan aon áibhéil ba iad Tom i dteannta Fr Brendan Haniffy agus Pat Ryan as Béal Átha na Sluaighe curaidh na himeartha.

Is fiú cuntas "Green Flag" i "Scéala Éireann" an lá i ndiaidh an chéad chluiche a athinsint: "when Tom Sullivan sent over the equalising point from a free, it was the just reward of a great fight back. It was fitting that the honour of assuring another day for Galway should have fallen to Sullivan for his was the giant effort of the day, a tireless display that got only the support it deserved when all seemed lost."

Sa chluiche athimeartha bhí an Súilleabhánach i mbarr a mhaitheasa arís agus go séalfaidh an t-anam asam meabhróidh mé i m'aigne an cúl a fuair sé ó chic éirice san am breise.

Ar an drochuair bhí thiar ar Ghaillimh, agus seans deireanach fhear Uachtair Aird Craobh na hÉireann a ghnóthú, imithe le sruth. Nárbh é an trua é!

Chuir sé duifean croí ar Chlanna Gael i gcéin is i gcóngar nuair a bhásaigh Tom i Nua Eabhrac Mheiriceá ar 17 Nollaig, 1979. Go dtuga Dia suaimhneas síoraí na bhFlaitheas dá anam agus d'anamacha a dheartháireacha Dinny, Charlie is Edward.

Is buaine bladh ná saol!