Skip to main content

Oscailt Féile na gCurachaí, An Spidéal 1994

 Tom Phaidí Mac Diarmada.

Tom Phaidí Mac Diarmada. 

Tom Phaidí Mac Diarmada

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1994. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Rinne Tom Phaidí Mac Diarmada an píosa cainte seo nuair a d’oscail sé Féile na gCurachaí sa Spidéal i mbliana.

Ní feasach mé fhéin go bhfaca mé riamh agus mé ag éirí suas i mo ghasúr aon rásaí, ná aon gheallta curachaí ná báid mhóra thart ar cheantar Chois Fharraige le linn m'óige. Ní shin le rá nach raibh neart acu ann. Bhí agus go leor acu ann ar chuile bhaile den limistéar agus dalladh curachaí agus foirne fear osgardha, dalbaí, có-láidir, có-ábalta, le iad oibriú agus a úsáid.

Bhí dhá theach dhéag 's fiche thíos ar an tsean-tsráid sa Lochán Beag agus curach i mbeagnach chuile theach acu sin. Bhí cuid mhaith den oiread céanna curachaí ar an mbaile taobh thiar agus dhá réir sin ar an mbaile taobh thoir ag muintir Dhonnachú, muintir Fhátharta agus ag muintir Thuathail ar an mbaile thoir sna hAille.

Bhíodh an méid sin curachaí ar fad as cnáimh-éadan a chéile ar a mine-ghéire aimsir Earraigh chuile rabharta ó Lá'l Bríde go dtí lá buí Bealtaine mar bheadh tine ar an gcraiceann ag baint fheamainne le coráin agus le croisíní amuigh ar Charraig a' Mhatail 's ar na carraigreacha eile bhí tamall amach ón gcladach agus ar na mulláin dhoimhne. Na curachaí sin ar fad ag teacht ina scuaidiríní i ndiaidh a chéile le casadh na taoille agus ag stríocadh sna caltaí le tír 's iad lochtaithe thar maoil fhad is thuill slám nó dosán iontu, líonta suas go dtí pluic a dhá mása agus mar sin a bhídis go dtí deireadh Aibreáin agus an lá fada le tús séasúir agus aimsir na h-iascaireachta.

Ní raibh aon chaint ar rásaí ná geallta an uair sin ar muir ná ar tír, ach ní shin le rá nach dtagadh anois 's aríst nuair a bhíodh trí nó ceathair de churachaí ag teacht abhaile ndiaidh chéile go leagfaí ar na maidí nó go mbeadh sé ann, an fhéachaint láidir chrua as sin amach go dtí deireadh an chúrsa. Fiú 's na gliomadóirí nach mbíodh a gabháil i bhfad amach i bhfarraige ach ó 5 feá go dtí 15 feá. Théadh siad an uair sin siar chomh fada le Coradh an Chaisleáin nó b'fhéidir Coradh Ard a'Chú, agus soir go dtí céibh an Spidéil, agus chomh fada leis an sean-chéibh, go dtí coradh thoir na Dúiche Móire, nó soir chomh fada le Caladh an Spriogadáin, ag tarraingt potaí gliomach agus b'fhéidir go minic gurbh í an tarraingt fholamh bhíodh acu ach a' cur baoití úra sna potaí aríst agus iad a chur amach aríst ar ais ag iascach. Chaitheadh an gliomadóir bheith ina shuí go fíor-mhoch ar maidin, go minic roimh an lá agus mura mbeadh an lá in araíocht is amuigh a chaithfí a bheith.

Ba í an ghliomadóireacht an obair ba mheasa, ba throime, ba chruaichte, agus ba í an obair ba thiarálaí, ba shraimlí, ba ghoralaí dá b'fhéadfadh a bheith ar aon iascaireacht eile farraige. Ba ar chorr-uair go dtarlódh ar mhí-chaoi nó ar mhí-dheis eicínt go mbeadh ar an ngliomadóir bocht déileáil le útamáil choraíle na farraige, dá n'éireodh maidhm ghuagach nó fágstoránach de ghrua-stramhsach mulláin go tobann a chuirfeadh de dhroim seoil é le iompú do bhoise.

Ní ró-mhinic fhéin a bhíodh an téisglim ná luain na hoibre ró-ghorálach nuair a bhíodh an lá maith go leor agus an aimsir bhreá ar ghort an bhaile 's gur gearr an t-achar nach mbeadh aon dearmad déanta ar an gcorr-ghéabh rásaíochta ná ar an ngéarchoimhlint. Fánach go leor nó le sleamchúis nó fachnaoid eicínt a thosáidís ar dtús agus ó bhí píosa breá farraige ón Spidéal siar go Carraig a' Mhatail agus b'fhéidir gliomadóir doscúch nó géaraithiseach nach n-aireodh sé go mbeadh curach eile leis na sála aige 'na dhiaidh aniar agus ansin bhí an bainne doirtithe agus an rása tosaithe ina bhruith-shléachta agus díocas danartha na coimhlinte agus na teangbhála ina thine-bhruite nó ina ábhar comhrá agus gaisce achar fada ina dhiaidh sin agus ó shoin.

Na hiascairí bhíodh ag iascach amuigh ar an doimhin, amach ó chóngar a' ghlan 'san tsalachair, trí nó ceathair de mhílte farraige amuigh ar an bhfeá-mhóir, is ar éigin go mbíodh aon rása ná aon choimhlint idir iadsan agus ba é tuirse na bhfear agus an bruach lucht éisc a bhíodh sa gcurach acu ba chúis leis sin. lasg mór geal agus an-mheachan iontu. Iad a'stríocadh le caladh i ndeireadh lae, troisg mhóra gheala chomh trom is do shaineirne sin chaon cheann acu, cadógaí móra leathana geala glégeala, faoitíní breátha ar dhath an airgid, colamóirí fada móra geala ar ghile na bán-chéise - dhá iasc iad sin faoi dheireadh nach bhfuil le fáil ar chor ar bith anois ná le fada.

Bhí aithne agam féin ar shean-fhear ar an mbaile, é gliomadóireacht 's na ceithre scór caite aige go maith. Chuireadh sé síos go baileach dhom ar na púcáin a bhí ag na fíodóirí sa Lochán Beag agus púcáin eile ag na Fátharta agus í feistithe i gCéibh an Bháid sna hAille. Chuir an seanghliomadóir síos dom freisin ar ghleoiteog mhór a bhí ag an sean-ghabha Pádraig Ó Coisdealbha sa Lochán Beag. Bhí teach ósta aige an uair sin, An Poitín Stil anois. Is cuimhneach go maith an ghleoiteog sin anois, í titithe taobh istigh de chlaí agus í 'na creatlach agus gur iomaí píosa de lá fada a chaith mé agus mo chasúr agam, 's mé ag briseadh fonnsaí, 's liúrachaí i mo ghasúirín an-óg agus mé cipínteacht liom má bfhíor dom féin.

Má dúirt mé anois beag nach bhfaca mé aon rásaí curach le linn m'óige i gCois Fharraige agus a bhí go láidir i bhfíor thosach an 19ú ceada gus ba mhór le rá iad ag an Aill Fhinn an uair údaí. Deireadh an sean-ghliomadóir fadó shoin liom gur bhuach sé féin agus m'athair agus fear eile as an mbaile, Peadar Pháidín minic go leor na rásaí thoir ag an gColbha i mbéal na hAille Finne, nuair a bhí siad ina mbuachaillí óga agus go minic ina dhiaidh sin. Tá cur síos fós agus trácht ar na rásaí úd, ar an ngleo agus ar an sárú bhíodh idir na daoine, agus bhíodh sin ann agus na sluaite móra bhí ann agus bailithe thar ar an lá. Tá agus bhí go leor scéilíní agus go leor scéilíní beaga deasa agus an-chuid de dhea-scéalta móra gaisce bhí ag an sean-ghliomadóir ar na hócaidí móra sin ar fad.

Ní shílim go bhfaca mé riamh aon rásaí ná geallta báid mhóra roimhe sin le mo chuimhne go dtí tús na ndaicheadaí agus na giaráin curtha go maith agamsa an uair údaí. Shíl mé nach mbeinn thiar go deo mar d'airigh mé an t-achar chomh fada sin ar shean-rothar meirgeach a bhí i ndroch-chaoi.

Bhí an oiread cloiste agam ó dhaoine ar na geallta breátha agus ar na rástaí móra a bhíodh thiar i gcuan Chill Chiaráin Lá'l Muire Mhór sa bhFómhar, an 15ú lá Lúnasa. D'iarr muid deoch uisce ar chailín óg taobh amuigh den doras agus muid a' gabháil thar bráid agus d'iarr sí isteach muid agus chuaigh agus ba é sin an teach fiail, flaithiúil, cóir. Ní uisce bhí le fáil istigh ach tae breá agus dalladh le nithe agus deoch bhreá de bhainne na heasóige a bhainfeadh an duairceas agus an tochas den chliabhrach ba muingí dá bhfaca tú riamh. Bhí na geallta ar phoinntí bheith tosaithe anois agus ar bóthar ón mbaile beag go dtí an chéibh dubh-daite, ní le teara, ach breacaithe, brataithe, brúite le daoine. Ní raibh claí, aill, caracán ná cnocán ón Aird thiar ná taobh thiar de Aill na Brún thoir nach an siúd a bhí a dtarraingt. Ní bheadh áit ar chnocán ag siogán nach raibh brúite, dingithe, pacáilte le fir, mná agus gasúir 's páistí. Sealta patrúnacha pingineachaí a bhí ar na mná agus na fir dea-ghléasta, an chuid ba mhó acu faoi na mbrístí agus bheistí ceann asna agus faoi na gcuid báiníní bána geala, glégeala, bréatha anuas de chraiceann na gcaorach agus chuile shórt déanta sa mbaile leis. Báiníní dhubha tá anois orthu.

Cuan leathan álainn Chill Chiaráin ina bhrat-scair breac-bhallach, daite, le chuile chinéal bád, ón húicéir, an ghleoiteog, an púcán, an leathbhád, an cocbhád, an nobby agus báid eile nach bhfuil an'ainm agam.

Tar éis na ngeallta agus ceiliúradh an lae ar fad, an sult, an spraoi, an ceol, an spóirt, agus na hamhráin gur thóg an bádóir leis go dtí an bád muid. Gur chroch sé suas ar ais aríst a chuid seolta móra bacóideacha, bán dearga 's taobh istigh de leath uair a'chloig gur stríoc sí le balla i Leitir Calaidh na mBád i gcúirt an tSrutháin Bhuí mar bhí sí ag Colm a' Bhailís lá dhá shaol.

Tá riar mór geallta 's rásaí feicthe a'm le fada, 's mórmhór ó aimsir an Tóstail atá an dul chun cinn ar fad, is tús áite i mbliana ag an Spidéal le cúrsaí reachtála agus riartha agus gur ag neartú atá siad, nár laga Dia iad 's go néirí leo.

Anois mar fhocal scoir ní fhéadfainnse gan mo bhuíochas a ghlacadh leis an gcoiste bheo, bhríomhar, láidir, mhisniúil, fhíriúil, a bhfuil réasún, éirim agus substaint le féile mhór mar í seo, a bhfuil obair na gcapall inti a chur i gcrích gan marach.

‘S anois ar deireadh thiar focal molta don rúnaí Maidhc P. a d'iarr é seo orm ó thús 's a raibh a fhios agam go maith nár mé fhéin b'ábalta don ócáid. Ach ó mo chroí amach agus ó mo choinsias ní fhéadfainn diúltú, is tá áthas croí, aoibheal agus gliondar orm gur éirigh liom é dhéanamh más go ciotach fhéin é. Agus a éisteoirí d'éist chomh ciúin, chomh measúil sin ó thús agus leis sin tá Féile geallta bád agus curachaí agus naomhógaí oscailte ag an Spidéal i mbliana '94.