Skip to main content

Pádraig 'Ac Coisdeala ón Spidéal: Gael Dílis, Sárbháireoir, Ilcheardaí, Cainteoir is Ceoltóir Cumasach

 Pádraig ‘Ac Coisdeala.

Pádraig ‘Ac Coisdeala.

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1994. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ba i mBaile an Dónalláin i bhfoisceacht leathmhíle de shráidbhaile an Spidéil a saolaíodh Pádraig 'Ac Coisdeala (Peait Sheáin Tom), duine de na Gaeil ba dhílse dár chuir cos i mbróig riamh. Chuir sé suim i ngach ar bhain le saíocht Chlainne Gael is le saoirse a thíre

Bhí aithne mhaith aige ar Phádraig Mac Piarais, ar Éamann Ceannt is ar Liam Ó Maoilíosa. Nuair a bunaíodh na hÓglaigh níor loic Pádraig agus níorbh fhada go raibh sé mar chaptaen na buíne sa taobh seo tíre - ón Spidéal go dtí an Cheathrú Rua.

Rinne an Coisdealach cion fir ina liacht eachtra le linn Chogadh na Saoirse. Ba é teach a mhuintire an chéad teach i gCois Fharraige a dhóigh na Dúchrónaigh. Nuair a síníodh an Conradh ar 6 Nollaig, 1921 labhair Pádraig go láidir ina aghaidh mar ba léir dó drochthionchar na críoch-dheighilte. Faoi mar a dúirt sé féin: 'Ó chuaigh siad go hioscaid ba cheart dóibh dul go hascaill!'

Sheas Pádraig gan stríocadh gan staonadh ar son na bPoblachtach sa Chogadh Cathartha. Ba le linn an chogaidh mhí-ámharaigh seo a thug saighdiúirí an tSaorstáit an-drochbhualadh agus ainíde dhó agus é i mbun oibre ar theach a dheirféar i mBaile an tSagairt. Ach cé go mba náireach an beart é níor léirigh sé gangaid ná faltanas dóibh siúd ba shiocair leis.

Gaeilgeoir Cumasach

Ba iontach an Gaeilgeoir é Pádraig. Bhí binneas, cruinneas agus gontacht ina chuid cainte a thug sé leis óna mhuintir. Agus ó thaobh grinn, dea-chainte is caschainte dhe ní raibh a shárú le fáil.

D'insíodh Peait ina bhealach barrúil féin faoin gcéad uair riamh a casadh Sean-Phádraic Ó Conaire air. Bhí sé féin is triúr ón bhFaiche Bheag i nGaillimh ‘ag sclaibéireacht Béarla', faoi mar a deir Peait, taobh amuigh de theach ósta Antaine Uí Fheinneadha nuair a tháinig Sean-Phádraic an bealach. Sheas sé - a chamóg ar bhacán na láimhe clé is a hata siar go maith ar a cheann - ag éisteacht leo ag caint.

Nuair a fuair Sean-Phádraic deis, labhair sé le Peait.

“As an Spidéal tusa?”

“Sea,” a deir Peait, “Nach maith a bhí 'fhios agat é sin”.

“A!' a deir Sean-Phádraic, “d'aithneoinn go maith ar do chuid Béarla gur as sin tú!”

Ilcheardaí

Fear an-stuama in éadan aon chineál oibrea bhí sa Choisdealach - bhí sé ina shaor cloiche, ina shaor adhmaid, ina thógálaí, agus é in ann de shíor bail is slacht a chur ar chibé cén saothar a raibh sé ag gabháil dó. Go fiú na bhfeadóg féin bhí sé oilte ar iad a dhéanamh, óir ba thogha ceoltóra é. Ní raibh ríochan ar bith leis ar an bhfeadóg mhór.

Ní iarrfá de shó ach a bheith ag breathnú ar Phádraig ag aisteoireacht ar an ardán, mar bhí an-tuiscint aige ar an ealaín sin. Is iomaí gáire a bhain sé as an luch féachana i ndrámaí mar Aintín Séarlaí, An Dochtúir Bréige, Tart agus Droichead an Diabhail. Léirigh sé a fhiúntas is a stuaim chomh maith i ndrámaí cosúil le Cor in aghaidh an Chaim, An Deoraí, Na Tans i gConamara agus An Mac Mí-Ásach. (Is fiú a lua gurbh é an tAthair Colm Mac Suibhne as an Sídheán sa Spidéal a chuir an dá dhráma deiridh seo i dtoll a chéile go hábalta ealaíonta).

Báireoir Oilte

Ba dheas ón gCoisdealach fuaim bhog bhinn a bhaint as an bhfuinseog freisin. Nuair a bunaíodh Cumann Iománaíochta an Spidéil thart ar 1912 bhí an-bháireoirí san áit. I dteannta Phádraig bhí Mícheál Ó Droighneáin (Captaen), Mícheál Ó Duigneáin is a dheartháir Peadar, Seoirse Ó Flatharta, Conchúr Ó Cuanaigh, Maidhc Pháidín Eddie, Maidhc Antaine, Maidhc Sheáinín, Ned Choilm, Máirtín Mhaidhc Mhóir, Taimín Tomty, Peait Mhaggie, Tom Pháidín Tom, Pádraig Rua Ó Cualáin, Máirtín Chonchúir, John Cheaite, Micheál Ó Briain (timire Gaeilge as Inis Meáin), Johnny Furey (as Órán Mór), Máirtín Ó Droighneáin (deartháir Mhichíl) agus Joe Tim.

 Foireann lománaíochta an Spidéil 1912.

Foireann lománaíochta an Spidéil 1912. Sé Pádraig 'Ac Coisdeala an triú duine ó chlé sa dara líne. Líne tosaigh (ó chlé): Conchúr Ó Cuanaigh is Tomás Ó Conaola. Dara líne: Micheál Ó Duigneáin, Mícheál Ó Droighneáin (captaen), Pádraig 'Ac Coisdeala, Peadar Ó Duigneáin. Triú líne (ina seasamh): Seán Furey, Seoirse Ó Flatharta, Pádraig Ó Droighneáin, Brian Ó Cualáin, Pádraig Ó Cualáin, Máirtín Ó Céidigh, Éamonn Breatnach, Tomás 'Ac Coisdeala is Séamas Ó Murchú. Is fiú a mheabhrú gur imir mac le Micheál Ó Duigneáin – Proinsias - agus beirt mhac le Micheál Ó Droighneáin - Seán is Piaras - do Ghaillimh sna daichidí.

Tá daoine beo fós a chuimhníonn ar an gcéad chluiche a d'imir báireoirí an Spidéil - iad feistithe amach go hinnealta néata ina ngeansaithe uaine is órga agus 'Naomh Éinde' scríofa go feiceálach orthu.

Ba in aghaidh fhoireann Chonradh na Gaillimhe as cathair na Gaillimhe a bhí siad agus imríodh an cluiche i ngarraí Chonway ar Lá Fhéil' Muire sa bhFómhar, 1912. Bhí slua ollmhór i láthair le héachtaí na bhfear a fheiceáil is a mholadh.

Lá Croídhílis

Ar fhoireann an Chonartha bhí daoine cáiliúla ar nós an reathaí Tomás Ó hEidhin, Séamas Mac Artúir, Seoirse Mac Niocaill, Tomás Ó Flanagáin (an píobaire), beirt deartháireacha de mhuintir Mhig Oireachtaigh agus an Loinseach ó dheisceart na Gaillimhe a raibh a ainm in airde mar iománaí.

Fágadh faoi Pheait Sheáin Tom súil a choinneáil ar an Loinseach i gcaitheamh na huaire agus ba é a rinne a chuid oibre go maith mar oiread is scór amháin féin níor aimsigh an Loinseach.

An-chluiche amach is amach a bhí ann agus tráchtar fós ar an gcaoi ar imir an Spidéal i gcoinne shárfhir Chonradh na Gaeilge. Ba é Paddy Shéamais Sheáin (Pádraig Ó Droighneáin) as Baile Éamainn a bhí ina réiteoir an lá éachtach úd, ach ní róshásta a bhí cuid den lucht féachana leis. Ó tharla gurbh ar an bhFaiche Bheag i nGaillimh a rugadh Paddy cuireadh ina leith gur thaobhaigh sé le foireann an bhaile mhóir. Ag am sosa rinne dochtúir na háite - An Dr. Ó Ciardhuáin - casaoid ghéar agus dúirt leis an réiteoir nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag báireoirí Chois Fharraige uaidh.

Is iomaí cor atá curtha dhe ag an saol ón lá croídhílis sin i 1912, ach maireann gaisce na bhfear seo fós agus mairfidh. Tá na gaiscígh seo uile imithe ar Shlí na Fírinne. I measc na bhFiníní ar Neamh go raibh an-anamacha.

Pádraig 'Ac Coisdeala ón Spidéal: Gael Dílis, Sárbháireoir, Ilcheardaí, Cainteoir is Ceoltóir Cumasach