Skip to main content

Cérbh é Sam Maguire?

 [Gan Teideal]

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1998. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Nuair a shéidfidh an réiteoir an fheadóg i bPáirc an Chrócaigh ar an seachtú lá fichead den mhí seo le críoch a chur le Cluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Gaillimh, gaiscígh Chonnacht, agus Cill Dara, curaidh Laighean, tógfar gártha molta maíte mustracha agus iomprófar an captaen buach go caithréimeach croíléiseach go hArdán Uí Ógáin mar a mbronnfar Corn Shomhairle Mhig Uidhir air. Ach cé hé an sárfhear sainiúil seo ar ainmníodh an corn gleoite ina dhiaidh?

I bhfoisceacht achair ghearr do Dhún Mánmhaí in Iarthar Chorcaí a saolaíodh agus a tógadh Somhairle Mac Uidhir sa bhliain 1879. Bhí feirm ag an mhuintir agus iad deisiúil go maith. Ní miste a lua gur Phrotastúnaigh gheanúla a bhí iontu a raibh an-mheas is gnaoi ag a gcuid comharsana orthu.

Ceathrar deartháireachta agus beirt dheirfiúracha a bhí ag Somhairle, ach tá siad ar fad i gcré na cille anois agus níl aon duine dá shliocht fágtha san áit. Go ndéana Dia trócaire orthu.

D'éirigh le Somhairle togha scolaíochta a fháil agus nuair a bhí fiche bliain slánaithe aige fuair sé post sa Státseirbhís. Cuireadh go Londain mar chléireach é sa Roinn Poist agus Telegrafa.

Fear gan Cháim

Duine caoin ciúin cneasta a bhí ann - fear ba ea é a raibh meon agus cáilíocht thar an gcoitiantacht aige agus duine ba ea é nach seasfadh siar dá bhféadfadh sé leas a dhéanamh dá thír. Ní raibh fiafraí siar ar an bhfear.

Ba mhór an cúl taca é do Chumann Lúthchleas Gael i gcathair na gceo agus in imeacht tréimhse an-ghearr bhí feabhas iontach tagtha ar an eagraíocht ansin.

Peileadóir den chéad scoth a bhí ann chomh maith agus d'imir sé d'fhoireann Hibernia thall. Ina cheann sin roghnaíodh é ar fhoirne Ghaeil Londain, i gcluichí Chraobhcheannais Peile na hÉireann sna blianta 1900, 1901, agus 1903 agus bhí sé d'onóir aige a bheith ina chaptaen ar fhoirne 1901 agus 1903. Ar an drochuair buadh ar Ghaeil Londain na trí bliana seo.

Nuair a bhí an sop séidte in Éirinn i 1916, faillí ná maoilscríb ní dhearna Somhairle Mag Uidhir sna dualgais a iarradh air a chomhlíonadh. Ní raibh gníomh dá mhéad ná beart dá dhéine nach raibh a chuid ionnais in ann aige agus i ngeall ar a phost sa Roinn Poist agus Telegrafa chuir sé ó am go ham eolas fíorthábhachtach do chúis na hÉireann ar fáil.

Tar éis Éirí Amach na Cásca 1916, chuaigh Somhairle i gcabhair ar an gCorcaíoch eile sin, Micheál Ó Coileáin a bhí i Londain freisin lena a chion a dhéanamh ar son a thíre dúchais.

Is beag trua ná taise a fuair aon duine le post faoin Rialtas a raibh baint dá laghad aige leis na hÓglaigh na blianta 1916-'21 agus is cinnte gur Túr Londain an chríoch a bheadh ar Shomhairle dá mbéarfaí air. Ach a bhuí le Dia d'éirigh leis na haenna a thabhairt slán leis as gach guais.

Ar ais in Éirinn

Tháinig sé ar ais go hÉirinn nuair a bunaíodh an Saorstát agus lean air ina phost go 1924. D'fhill sé ansin ar a fhód dúchais áit ar shíothlaigh sé go suaimhneach i 1927.

I reilig Eaglais na hÉireann i nDún Mánmhaí atá sé ag fanacht leis an Aiséirí. Tá crois fhíor dheas Cheilteach os cionn na huaighe agus inscríofa uirthi tá:

"Erected to the memory of Samuel Maguire, who died 6 Febuary 1927 by the people of Dunmanway and his numerous friends thoughout lreland and England in recognition of his love for his country. Ar dheis Dé go raibh a anam."

I ndiaidh a bháis bhailigh a chairde i gcéin is i gcóngar airgead agus chinn siad ar chorn a cheannach le cuimhne an tsárGhaeil seo a choinneáil go húrghlas agus go buan i measc Chlainne Gael. Bronnadh an corn ar Chumann Lúthchleas Gael le haghaidh bhuaiteoirí an Chraobhchomórtais Peile bliain i ndiaidh bliana.

Buaiteoirí an Choirn

Ba iad peileadóirí Chill Dara a d'ardaigh leo an corn álainn den chéad uair riamh. Ar 30 Meán Fómhair 1928, ghlac an captaen, Liam Ó Gionnáin, Corn Shomhairle Mhig Uidhir, go macnasach mórálach mórtasach thar ceann a chontae thar éis dóibh an lámh in uachtar a fháil ar an gCabhán le cúilín amháin (2-6 i gcoinne 2-5) i gcluiche ceannais peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh.

Aisteach go leor ba é seo an t-aon am ó shin i leith ar éirigh le peileadóirí Chill Dara a n-ainmneacha a fháil greanta ar an gcorn measúil mórluachach atá múnlaithe ar Chailís Ard Achaidh.

Agus tá a fhios ag an saol Fódlach go bhfuil an tsean-chailís ársa seo ar cheann de mhórsheoda ealaíne ár gcine.

Chomh maith le Cill Dara ghnóthaigh na trí chontae dhéag seo a leanas Corn Mhig Uidhir go dtí seo:

Ciarraí: ceithre huaire is fiche (agus iad go mór chum tosaidh ar chontaetha uile na Fódla)
Baile Átha Cliath: ocht n-uaire
Gaillimh agus An Mhí: sé huaire an taobh
An Cabhán agus An Dún: cúig uaire an taobh
Corcaigh: ceithre bhabhta
Maigheo agus Ua bhFáili: trí huaire chaon chontae acu
Ros Comáin: dhá bhabhta agus
An Lú, Dún na nGall agus Doire: uair amháin an taobh.

I reilig Dhún Manmhaí cois na Banban i bhfad ó aird is aire an tsaoil agus i bhfad ó bhéicíl bhorb bheoga bhríomhar an ollslua i bPáirc an Chrócaigh atá an sárlaoch dílis dúthrachtach, Somhairle Mag Uidhir ina luí faoi shuan. Ach go bhfása an biolar trí lár na leice ní dhéanfaidh Gaeil Éireann dearmad air.

Foireann Peile na Gaillimhe a thug an craobh leo i gConnacht i mbliana in aghaidh Ros Comáin.

Seaimpíní an Iarthair. Foireann Peile na Gaillimhe a thug an craobh leo i gConnacht i mbliana in aghaidh Ros Comáin. An acu a bheas Corn Mhic Uidhir dá bhreith thar na Sionna siar, ag deireadh na míosa?