Skip to main content

Scoth Peileadóra as Carna ar lár

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1996. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ar an dara Domhnach deiridh de mhí Iúil seo caite d'fhuadaigh an bás uainn Hugó Ó Ciardha a raibh cónaí air le fad i mbaile mór an Longfoirt. Faoi mar is eol dá lán ba ón mbaile seo a thiomáineadh sé bus paisinéirí le C.I.É. go Gaillimh lá i ndiaidh lae ar feadh na mblianta. Go ndéana Dia trócaire ar a anam.

 Foireann na Gaillimhe: Buaiteoirí Chraobh Peile na hÉireann 1934.

Foireann na Gaillimhe: Buaiteoirí Chraobh Peile na hÉireann 1934. Líne Tosaigh ó chlé: 'Cosán' Ó Braonáin, Donncha Ó Súilleabháin, Micheál Feirtéar (a d'aimsigh dhá chúl mhaithe), Micheál Ó hUiginn (captaen) le sonóg, Tadhg Mac Cárthaigh, Diarmaid Mistéil, Breandán Mac an Adhastair agus Éamann Ó Cionaoith (bainisteoir na fóirne). Ar gCúl ó chlé: Máirtín Ó Riagáin (Rúnaí Bhord Peile na Gaillimhe), Proinnsias Mac an tSionnaigh, Ralf Ó Gríofa (an duine ab óige ar an bhfoireann), Máirtín Ó Ceallaigh, Hugó Ó Ciardha, Micheál Ó Conaire, Seán Ó Duinn, P.S. Mac Dónaill, Tomás Mac Aodha agus Stiofán Mac Shiúrtáin T.D., réiteoir iomráiteach ag an am.

Ba mhac é Hugó le Mairéad Ní Bhéarra as baile Charna féin agus le hAnraí Ó Ciardha, póilín as Co. Aontrama a bhí lonnaithe i gCarna. Tar éis a phósta aistríodh Anraí go Carraig Álainn i gCo. Liatroma agus ba anseo a saolaíodh Hugó i 1910.

Beagán blianta ina dhiaidh sin d'fhill an comhluadar ar fad ar Charna arís agus ba anseo a d'fhreastail Hugó agus an chuid eile den chlann ar an scoil náisiúnta agus ba ansin chomh maith a thosaigh Hugó ar a ré dhearscnaitheach peile.

D'fhéadfaí a rá gurbh é an Ciardhach an chéad pheileadóir as Gaeltacht Chonamara a ghnóthaigh bonn Chraobh Shinsear Peile na hÉireann le Gaillimh. Chuir roghnóiri an chontae sonrú san ógfhear ard dea-dhéanta scafánta seo nuair a chonaic siad é i mbun imeartha le foireann bhuach Charna i gcraobhchomórtas shóisear an chontae i dtús na dtríochaidí. I measc na buíne sin freisin bhí sarimreoirí eile cosúil le Cóilín Ó Cualáin sa Maighros.

Ag an am chaitheadh foireann Charna geansaithe uaine agus bána cniotáladh i monarcha bheag olla a bhí faoi stiúradh Shiúracha na Trócaire san áit.

Ba mhór an onóir do Charna gurbh iad na geansaithe céanna seo a chaith foireann shinsear peile na Gaillimhe i 1933 agus suas go dtí Cluiche Ceannais na hEireann i 1934. Athraíodh na dathanna seo go cróndearg (marún) agus bán don Chraobhchluiche a imríodh i bPáirc an Chrócaigh ar 23 Meán Fómhair, 1934. (Is fiú a lua gur dath é an cróndearg a raibh an-tóir air ag mná an Chladaigh i nGaillimh leis na blianta fada riamh anall.)

Roghnaíodh Hugó Ó Ciardha mar lánchúlaí ar dheis ar fhoireann sinsear na Gaillimhe den chéad uair i 1932 agus ba san ionad sin a d'imir sé uaidh sin amach ní hamháin dá chontae ach do Chonnachta i gComórtas an Bhóthair Iarainn chomh maith.

Nuair a thosaigh craobhchomórtas peile Chonnacht i 1933 bhí na Gaillimhigh faoi threoir an imreora dhíograisigh, Micheál Ó Dónalláin as an Dún Mór, dóchasach go gcruthóidís go maith. Rug siad leo Craobh Chonnacht nuair a sháraigh siad Maigh Eo i gcluiche ceannais an chúige le dhá chúilín (1-7 v. 1-5) tar éis dóibh a bheith sé bliana ar an gcúlráid. I gcluiche leathcheannais na hÉireann bhí cúilín d'fharasbarr (0-8 v. 1-4) acu ar na Bleácliathaigh, ach sa gcIuiche ceannais fuair an Cábhán an lámh in uachtar orthu le 4 chúilín (2-5 v. 1-4).

Ainneoin sin ba léir go raibh spiorad úrnua múscailte i bhfir an Iarthair. Ar Lá Fhéil' Pádraig, 1934 d'éirigh le foireann Chonnacht Corn an Bhóthair Iarainn a bhuachan den chéad uair riamh, nuair a chloígh siad na Laighnigh le cúilín (2-9 v. 2-8). I dteannta an chaptaein, Micheál Ó Dónalláin, bhí seisear Gaillimheach eile - Hugó é féin, Micheál Ó Conaire, Breandán Mac an Adhastair, Micheál Ó hUiginn, Seán Ó Duinn agus an scoth reathaí Proinsias Mac an tSionnaigh ón Dún Mór a bhásaigh agus é i mbláth na hóige agus na maitheasa.

Bhí na Gaillimhigh in uachtar arís i gConnacht i 1934. Bhuail siad Ros Comáin gan stró (2-7 v. 0-4) ar dtús agus i gcluiche ceannais Chonnacht a imríodh sa Chaisleán Riabhach chuir siad an cath ar Mhaigh Eo le 5 chúilín (2-4 v. 0-5).Gan amhras ar bith ba é seo lá fómhair Hugó Uí Chiardha. Sheas sé an fód gan stríocadh gan staonadh agus ba chumasach freisin mar a d'imir an lánchúlaí láir, Séamas Ó Dálaigh, a rinne ionadaíocht do Mhicheál Ó Conaire.

Socraíodh Tuaim mar an láthair do chluiche leathcheannais na hÉireann idir na Gaillimhigh is fir an Chabháin, curaidh Uladh agus gaiscígh na hÉireann chomh maith.

Ar 12 Lúnasa, 1934 thriall os cionn 25,000 duine ar Thuaim leis an gcoimhlint a fheiceáil ach baineadh mealladh as an ollslua nuair a shroich siad an pháirc imeartha. Bhí cúrsaí ansin ina gcíor thuathail - rud a d'fhág nach bhfuair na milte léargas ar bith ar an gcluiche. Ní hionadh mar sin gur thug slua mór den lucht féachana aghaidh ar an seastán ar Ráschúrsa Thuama, a bhí níos mó ná 200 slat ón bpáirc, ag súil go bhfaighidís amharc ar an gcoimheascar.

Cuireadh tús leis an imirt ag 4.13 i.n. ach i ngeall ar an lucht féachana a bheith ag brú thar an dtaobhlíne isteach mhair an chéad tréimhse 48 nóiméad agus bhí Gaillimh cúl (1-5 v. 0-5) chun cinn. Ag an am sosa chuaigh an réiteoir, Seán Mac Cárthaigh as Trá Lí, Oifigigh ó Lárchoiste Ch. L.G. agus ionadaithe ón dá fhoireann i gcomhairle lena chéile. Ach cinneadh dul ar aghaidh leis an bhféachaint.

Dá dhonacht dá raibh an chéad 'leathuair' bhí an dara tréimhse ina ceap magaidh i gceart. Ón mbrú mór daoine a bhí i láthair bhí an spás imeartha ag laghdú de réir a chéile agus b'éigean an imirt a scor go rímhinic. Comhrac cothrom go maith a bhí ann le linn na tréimhse seo. Bhí cúl d'fharasbarr (1-8 v. 0-8) ag na Gaillimhigh ag tarraingt ar dheireadh na himeartha nuair a tugadh speach éirice do na hUltaigh. Chuir seo tuilleadh moille ar an gcoimhlint. Bhí lucht leanúna an Chabháin ag tnúth go mbáfadh an tosaí géarchúiseach, M.S. Mag Aoidh, an liathróid i gcúl na heangaí ach baineadh stangadh astu nuair a loic a mbuachaill bán.

Bhí an cath feartha agus Gaillimh réidh le dul i ngleic le Baile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh ar an tríú Domhnach de Mheán Fómhair. Bhain fir an larthair tuisle as na Laighnigh sa chluiche ceannais (3-5 v. 1-9) agus d'ardaigh siad leo Corn Mhig Uidhir go buacach caithréimeach thar Sionainn siar den chéad uair riamh. Bua ar leith a bhí ansin mar ba í seo bliain cheiliúrtha lubhaile Órga Chumann Lúthchleas Gael.

Is trua le haithris nach maireann beo ach duine amháin (Diarmaid Mistéil as Cora Finne) de na dea-laochra seo a scal solas na honóra ar a gcontae agus ar Chúige an Iarthair.

Flaithis Dé dá n-anamacha uilig.

 An Pharáid roimh Chluiche Ceannais 1934.

An Pharáid roimh Chluiche Ceannais 1934: Gaillimh á dtreorú ag an gCaptaen Micheál Ó hUiginn agus ina dhiaidh sin tá Micheál Ó Conaire, Hugó Ó Ciardha, Breandán Mac an Adhastair, Prionsias Mac an tSionnaigh, Diarmaid Mistéil (an t-aon duine a mhaireann fós), Tomás Mac Aodha, Donnchadh Ó Súilleabháin 'Cosán' Ó Braonáin, Máirtín Ó Ceallaigh, Ralf Ó Gríofa (beag nach clúdaithe), Micheál Feirtéar, Tadhg Mac Cárthaigh, P. S. MacDónaill agus Seán Ó Duinn ar deireadh.

Scéilíní a bhaineann le Hugó

Le linn do Amhrán na bhFiann a bheith á chasadh i bPáirc an Chrócaigh sular thosaigh Cluiche Ceannais na hÉireann ar 23 Meán Fómhair, 1934 nár bhreathnaigh Hugó síos ar an talamh agus céard a d'fheicfeadh sé ar an bhféar ach píosa trí pingne. Chomh luath agus a bhí deireadh leis an Amhrán Náisiúnta chrom Hugó síos, thóg sé an bonn airgid agus chuir sé é i bpóca beag a bhí ar a bhríste peile.

Is gnách nach mbíonn póca ar bith ar an mbríste peile ach rinne a mháthair póicín speisialta le bonn beannaithe den Mhaighdean Mhuire ann agus d'fhuaigh sí ar an mbríste é. Ba anseo a chuir Hugó an t-airgead i dtaisce. Choinnigh sé an píosa trí pingne leis na boinn ar fad a bhuaigh sé i rith a ré peileadóireachta. Agus nuair a bhí Aifreann na Marbh á chur lena anam in Ardeaglais Naomh Mel i mbaile mór an Longfoirt tugadh an píosa airgid seo i dteannta na mbonn eile go dtí an altóir le haghaidh na hOfrála.

Faoi mar a dúirt mé cheana chaith fear Charna bunús a shaoil ag tiomáint an bhus ó lár na tíre go Gaillimh. Ba mhinic a thaistil mé féin leis agus caithfidh mé a rá go mba dheas lách soilíosach an duine é a raibh gnaoi is gean air de shíor.

Tharla sna caogaidí go raibh sagart paróiste sa Turlach Mór nach raibh róshásta lena phobal mar go mbídís mail ag teacht chuig an Aifreann. Domhnach amháin, agus é crosta go maith, dúirt sé leo dá socróidís a gcuid clog le bus Hugó Ui Chiardha go mbeidís in am i gcónaí!

Nuair a cuireadh deireadh leis an traein ó Ghaillimh go dtí an Clochán i 1932 ní gan fáth go raibh muintir an Chlocháin agus muintir lar-thuaisceart Chonamara ar buile dá bharr. An lá tar éis don traein stopadh nárbh é Hugó a thiomáin an chéad bhus paisinéirí ón gClochán go Gaillimh. Bhailigh lucht agóide sa gClochán agus ag crosbhóithre ar an aistear isteach go Gaillimh agus murach an aithne mhór a bhí ar Hugó is cinnte go dtartódh scliúchas. Ag an am, b'fhéidir go raibh daoine ann a cheap gurbh é tiománaí an bhus ba chúis le gur scoireadh den chóras traenach seo.