Skip to main content

Séamas Ó Cualáin

[Gan Teideal]

M. P. Ó Conaola

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2006. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Is deacair a rá cén áit ar cheart do dhuine tosú ag caint faoi Shéamas Ó Cualáin nó Séamas Mhicilín mar ab fhearr aithne air. Ba duine fíor chumasach a bhí ann ar go leor bealaí. Chuireas féin aithne mhaith air tar éis dó ballraíocht a ghlacadh i gCoiste na gCurachaí i ndeireadh na seachtóidí. Ba múinteoir bunscoile, scoláire, scríbhneoir cumasach agus léachtaí breá a bhí ann. Ba é a ghlac freagracht ar Chlár Leabhar 'Aonach Ceoil agus Curachaí' ó lár na n'ochtóidí agus ba bheag leisce a bhí air an t-airgead fógraíochta a bhailiú, alt nó dhó a scríobh, an leabhar a chur i dtoll a chéile agus ansin na leabhráin a dhíol sna siopaí ina dhiaidh sin. D'oibrigh sé crua agus bhíodh casán dearg déanta siar chuig Clódóirí Lurgan aige laethanta sul a bhfoilseofaí an leabhrán chun profaí a léamh agus na botúin ghramadaí a cheartú.

Ba spóirtúil an duine a bhí ann. Bhí an-acmhainn ar an ngreann aige agus thaithnigh píosaí spraoi thart cionn leis. Bhí tóir aige ar na crosfhocail agus ba nós leis ar Dhomhnaigh fada Geimhridh, an Foclóir Beag a tharraingt chuige féin agus tabhairt faoin gcrosfhocal sa bpáipéar Foinse. Dhéanfainn féin corruair freisin é agus chuirfinn glaoch air i ndeireadh an lae ansin chun cúpla focal nach raibh agam féin a mhealladh uaidh. Níor eitigh sé riamh mé cé go ndéarfadh sé go spraoiúil go raibh an bheirt againn ag coimhlint don duais chéanna.

Uair ar bith a dtéinn ar cuairt chuige bhíodh neart seanchais aige faoi laethanta a óige agus ba aoibhinn liom bheith ag éisteacht leis. Leagfadh sé amach buidéal fuisce ar an mbord agus ansin thosaíodh sé ag caint ar na sean laethanta - nuair a bhí sé i gColáiste Chaoimhín i mBaile Átha Cliath, ina dhiaidh sin i gColáiste Éinde i nGaillimh agus ina dhiaidh sin fós i gColáiste Phádraig, i mBaile Átha Cliath áit ar hoileadh ina mhúinteoir scoile é i 1944.

Ar ndóigh ní gá a rá go raibh a chroí is a anam i gcúrsaí peile agus iománaíochta ar feadh a shaoil, go háirithe i bpeileadóirí agus in iománaithe na Gaillimhe. Mhairfeadh sé ag caint orthu agus leanfadh sé go féiltiúil iad ar fud na tíre nó gur chlis a shláinte faoi dheireadh. Ba cairde leis na peileadóirí móra a bhua Craobh na hÉireann le Gaillimh i 1956 agus a d'imigh ar shlí na fírinne le bliain anuas, Jack Mahon, Seán Purcell agus Mattie McDonagh. Ba dlúth chairde leis freisin Gary agus Ritchie Fahy agus Kevin Walsh a bhua Craobh na hÉireann le Gaillimh i '98 agus 2001 mar go deimhin ba é féin a mhúin iad nuair a fuair sé post múinteora i gCill Ainín i 1975.

Ach bhí suim aige i spóirteanna eile freisin. Bhí an-chur amach aige ar éachtaí an t-sárimreora liathóid láimhe - Pádraig Mac Donnchadha nó Peait na Máistreasa as an Droim, Leitir Móir agus chuir Séamas Comórtas Bailéad Nuachumtha ar bun ina onóir i 1984. D'éirigh thar cionn leis an gcomórtas agus cumadh 22 bailéad ar fad. Scríobh Séamas cuntas breá ar an laoch imeartha liathróid láimhe freisin de bhrí nach raibh an oiread sin cuimhne air i gConamara ag an am. De réir cosúlachta ba sna Stáit Aontaithe ba mhó a bhain Peait na Máistreasa cáil amach leis an liathróid láimhe.

Thaithnigh an dornálaíocht freisin leis agus chuirfeadh sé síos go minic dhom ar dhornálaí mór an Spidéil, Máirtín Ó Droighneáin nó Máirtín Thornton mar ab fhearr aithne air. Dúirt Séamas go bé féin an t-aon duine ón Spidéal a bhí i láthair i Siopa Chlery i Sráid Uí Chonaill ar an 19ú Samhain 1943, nuair a mheáigh Máirtín agus Woodcock iad fhéin sular thugadar aghaidh ar a chéile sa Theatre Royal ní ba dheireanaí an oíche sin.

Nuair a cháiligh Séamas ina mhúinteoir scoile ba ar Churach Chill Dara a thug sé a aghaidh i dtosach. As sin chuaigh sé go Cill Rois, Co. an Chláir sular chroch se a sheolta go Co. Longfort. Chaith sé seacht mbliana fichead i mBaile Nua an Chaisil ó 1947 go dtí 1974 agus bhí an-mheas air ann. Ba ansin a chuir sé tús le Comórtas Peile eadarchlub a sheas ó 1956 go dtí lár na seachtóidí. Is mór i gceist an comórtas eadarchlub a reachtáileann an Cumann Lúthchleas Gael anois ach ba é Séamas a chuir tús leis an gcineál seo comórtais i lár na gcaogadaí. Thagadh foirne chuige ó chlubanna cáiliúla ar fud na tíre agus go dtí an lá atá inniu ann labhrann imreoirí ar dhíogras, ar fhlaithiúlacht agus ar chumas riaracháin an Chualánaigh. Ní hiontas ar bith é go raibh nóiméad ciúinis ina onóir i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach ar imir Maigh Eo in aghaidh Bhaile Átha Cliath le gairid.

Bhí Proinsias Ó Ceallaigh, chauffeur agus cara mór le Séamas as Baile Liam sa Spidéal ag rá liam gur thug sé Séamus suas go dtí Baile Nua an Chaisil cupla bliain ó shin agus gur cuireadh na múrtha fáilte rompu thuas ann. D'inis sé freisin dom go raibh baint ag Séamas leis an gcéad ghrúpscéim uisce sa tír thuas ansin.

Tá súil agam go bhfoilseofar na haistí agus na píosaí breátha cainte a scríobh agus a réitigh Séamas le dúthracht do irisí agus do ócáidí faoi leith. Ba mhaith liom freisin go mbuanófaí a ainm amach anseo ionas nach ligfí i ndearmad an obair a rinne sé agus an cumas a bhí ann. Nuair a bhronn Plearáca Chonamara gradam an Phlearáca ar Shéamas i 2004 chuir sé litir chugam - Tiger Woods a dó (nó a trí) a scríobh sé ar an gclúdach litreach ó tharla go n-imrím beagán den chluiche sin a imríonn Tiger. Dúirt sé sa gcárta 'tá an chorr éisc ar charraig dhaingean láidir agam anois go ceann bliana. Go gcuire Dia an t-ádh oraibh ar fad agus go mbeirimid beo ar an am seo arís'.

Bhí sé fíor bhródúil as an gcorr éisc chéanna agus muide bródúil dá réir go raibh an gradam faighte aige. Ach d'imigh an chorr éisc tar éis bliana. D'imeodh Séamas freisin go gairid ina dhiaidh sin. Sin é an saol agus nádúr an tsaoil. Mar adeir an t-amhrán 'níl ann sa deireadh ach mar an cheo'. "Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chuir". Aireoidh muid uainn é. Go ndéana Dia grásta ar a anam uasal gaelach.

Séamas Ó Cualáin