Skip to main content

Seosamh Ó Bradáin: Baireoir a mhairfidh a chuimhne

[Gan Teideal]

Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2002. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Is iomaí sin báireoir fiúntach a tharraing gnaoi is gean ar Ghaillimh ón lá stairiúil úd - 1 Aibreán 1888 - ar threoraigh Séamus ó Laigheanáin fir an Iarthair i gcoinne Thiobraid Árann i mBiorra sa chéad chluiche ceannais iománaíochta do Chraobh 1887.

Go ceanúil céimiúil i measc na ngaiscíoch iomána sin tá Seosamh ó Bradáin (Joe Salmon), saothraí mór lár páirce ar feadh breis is naoi mbliana déag (1946-1965).

Stílí go smior a bhí i Seosamh a bhréagadh chuige an sliotar go ceardúil cliste éasca amhail is dá mba slaitín draíochta a chamán. B'ait uaidh an sliotar a ghreadadh go néata neamhearráideach ar an talamh nó san aer, agus ba é a bhí oilte ar phoc sleasa a thóigáil go cruinn díreach agus an sliotar a sheoladh go hálainn thar an dtrasnán.

Taobh amuigh ar fad dá chumas iománaíochta dhéanfadh sé maitheas do dhuine breathnú air ag teacht ar pháirc na himeartha agus é cóirithe go hinnealta i gconaí. Ach thar gach rud eile ba é croí na huaisle é de shíor mar níor bhain sé úsáid riamh as claonbhearta nó camchleasaíocht leis an láimh in uachtar a fháil ar a chéile comhraic.

Nuair a bhí Seosamh ag freastal ar Choláiste Naomh Seosamh i mBéal Átha na Sluaighe chruthaigh sé thar cionn ag imirt peil Gaelaí agus Rugbaí agus mar lúthchleasaí ach i ndeireadh na dála chloígh sé níos díograisí leis an iománaíocht.

Bhí sé ar fhoireann mionúir a chontae ó 1946 go dtí 1949 agus gach a raibh I láthair i mBiorra ag cluiche leathcheannais na hÉireann i 1947 nuair a bhris na Gaillimhigh ar mhionúir Bhleá Cliath, curaidh na hÉireann ag an am, ní fhéadfaidfís gan taitneamh a thabhairt dá imirt stuama ealaíonta.

Agus bíodh gur éirigh le foireann Thiobraid Arann sa bhabhta ceannais, thug an t-ógánach lúfar ligithe ó Dhún an Uchta údar cainte agus tuar dóchais do mhuintir an Iarthair.

I Lúnasa 1949 taréis dó gaisce a dhéanamh leis na mionúir in éadan Chill Chainnigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh, cuireadh Seosamh chun fóirithinte ar na sinsir in aghaidh Laoise sa chluiche leathcheannais eile.

Uaidh sin amach bhí sé go seasta ar an taobh sinsir go 1965 agus ina theannta sin roghnaíodh é go féiltiúil ar fhoireann Chonnacht i gComórtas an Bhóthair Iarainn.

Bhí sé ina chúl toraic ag Coláiste Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nuair a d'ardaigh said leo Corn Mhic Ghiobúin i 1949 agus chuidigh sé le foireann na nOllscoileanna ó 1952 go dtí 1955 agus le foireann na hÉireann ó 1957 go 1960. I 1952 i gcomhluadar rí-iománaithe mar Liam Ó Dufaigh (Billy Duffy), Tomás Ó Ceallaigh is Fiontán Ó Spealáin, stiúraigh sé foireann sóisir Dhún an Uchta chun bua i gcraobhchomórtas na Gaillimhe.

Ar dhul go Corcaigh dó i 1958 d'fháiltigh Fánaithe an ghleanna roimhe agus bhí sé rannpháirteach i mórbhuanna an chlub cháiliúil sin sna blianta 1958, '59, '60, '62, agus '64. Go deimhin, murach a chuid stuaime in aghaidh Oilibhéir Uí Longardáil i 1962 ní móide go n-éireodh leis na Fánaithe na haenna a thabhairt slán leo.

Ní dhearna an Bradánach dhá leath dá dhícheall riamh agus é ag imirt le Gaillimh agus i gcúiteamh a dhúthrachta bhuaigh sé Corn Thomáis Ághais trí huaire (1950,'52, '58) agus chuaigh sé ar thuras go Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1951 nuair a ghnóthaigh na Gaillimhigh an Sraithchomórtas Náisiúnta.

Bhí sé de smál ar Sheosamh agus ar a chomhbháireoirí gur loic said trí bliana (1953,'55 agus '58) i gcluichí ceannais na hÉireann. Ach beidh cuimhne go héag ar an taispeántas oilte a thug sé i gcoinne Thiobraid Árann i 1958 - mar cé go raibh sruth agus gaoth leis na Muimhnigh, níor staon fear Dhún an Uchta gur séideadh an fheadóig scoir.

Ar an drochuair níor éirigh le Seosamh Ó Bradáin craobh na hÉreann a bhuachan dá chontae dúchais, ach murar éirigh féin, ní shéanfar a mhaitheas cois Coirbe choíche agus beidh sé go síoraí mar eiseamláir agus mar spreagadh do ógánaigh na Gaillimhe.

Ar an 23 Iúil, 1991 a shéalaigh an t-anam as Seosamh Ó Bradáin, go ndéana Dia trócaire air.

Nuair a bhí a chorp á iompar chun na cille chas píobaire aonair fonn an amhráin The Woods of Gort na Móna a chum Percy French i ndilchuimhne a ghrá ghil a saolafodh is a bhásaigh i nGort na Móna. Bhí go leor san ollslua lá na sochraide nár thuig cén bhaint a bhí ag an bhfonn brónach sin leis an iománaí geanúil gnaíúil. Ach tharla gur thug Seosamh cuairt gan choinne ar mo theach i mBaile Nua an Chaisil I gCo. Longfoirt i Meán Fómhair na bliana 1972 agus d'inis sé dhom gur i nGort na Móna a mhair a shean-mháthair agus gur séideadh an díon tuí dá teach Oíche na Gaoithe Móire (5 Eanáir 1839). Is dóigh gurbh é sin an fáth ar chas an píobaire an fonn brónach úd.

Seosamh Ó Bradáin: Baireoir a mhairfidh a chuimhne