Skip to main content

Eagarfhocal 1994: Buailte gan Nuachtán Gaeltachta

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1994. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá sé deich mbliana ó shin ó foilsíodh an chéad eagrán den pháipéar seachtainiúil ANOIS. Bheartaigh Roinn na Gaeltachta i 1984 an deontas a bhaint den dá pháipéar Ghaeilge INNIU agus AMÁRACH, a bhíodh ann ag an am agus tugadh an deontas a bhíodh ag an dá pháipéar sin móide beagán lena chois do Ghael Linn le ANOIS a fhoilsiú.

Bhí INNIU ag tíocht amach go seachtainiúl le 40 bliain roimhe sin agus cé go raibh sé seanaimsearthach agus coiméadach ó thaobh leagan amach agus ó thaobh dearcadh eagarthóireachta ba pháipéar nuachta é a thug aitheantas don Ghaeltacht, cé gur ar nuacht náisiúnta agus ar imeachtaí ghluaiseacht na Gaeilge is mó a bhí sé dírithe. Ba dheacair a shamhlú go mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta ann, gan na torthaí in Inniu an tseachtain d'ár gcionn. Níor tharla mórán i saol naGaeilge nach raibh tuairisceoireacht déanta air ag INNIU. Ba laochra iad an dream a bhíodh ag plé leis. Chaitheadar an saol ag obair ar bheagán pá don Ghaeilge agus chaith an Rialtas go dona leo ach ní hé sin is cás linn san eagarfhocal seo ach an bealach ar fágadh an Ghaeltacht gan seirbhís nuachtáin.

Páipéar Gaeltachta ab ea AMÁRACH. Bhíodh sé dhá fhoilsiú i dtosach ag an eagraíocht Muintir na Gaeltachta agus is ar Ghaeltacht Thír Chonaill is mo a bhíodh sé dírithe go dtí gur cheannaigh Comharchumann Chois Fharraige an páipéar i 1975. Ceapadh Pól Mac an Draoi, nó Paul Drury atá anois ina eagarthóir ar leagan na hÉireann den STAR, ina chéad eagarthóir ar an bpáipéar agus ón tús bhí an páipéar ag dul isteach i mórán chuile theach i gConamara.

Cúlchaint

Bhí díolaíocht láidir ag an bpáipéar mar go raibh tuairisceoireacht an-mhaith déanta faoi imeachtaí agus spóirt áitiúil agus níor sheachain an páipéar aon chonspóid. Bhíodh sciob-sceab ar chóipeanna gach Dé Céadaoin le fáil amach céard a bhí i gCúlchaint - colún ina mbíodh corr scéilín barúil agus spalaí dhá gcaitheamh anois is aríst le eagraíochtaí agus daoine mór le rá, gan scáth ná faitíos.

San iris seo tá tuairisc tugtha againn ar an díospóireacht phoiblí a bhí ar Amárach nuair a chuir Joe Steve in aghaidh Fintan Coogan ag speecháil i mBéarla. Le scéal fada a dhéanamh gearr níl aon deis a thuilleadh sa Ghaeltacht seo scéalta atá ag déanamh tinnis dhúinn a phoibliú agus díospóireacht oscailte a dhéanamh fúthu mar nach bhfuil aon pháipéar Ghaeltachta againn agus níl aon chlár ar nós Bunscéalta agus Barrscéalta ar Raidio na Gaeltachta ag tíocht ó Chasla a thuilleadh. Tá freastal áirithe dhá dhéanamh ag an bpáipéar míosúil dhátheangach Glór Chonamara ar an nGaeltacht seo agus is iontach an deis bollscoireachta é do eagraíochtaí sa nGaeltacht ní leor é.

Tar éis deich mbliana den pháipéar ANOIS caithfidh go bhfuil sé soiléir nach bhfuil an páipéar ag freastal ar phobal na Gaeltachta. Níl mórán díolaíocht ar ANOIS anseo, mar nach bhfuil mórán beocht sa pháipéar agus mar nach mbaineann an páipéar le saol na Gaeltachta.

Tá dhá thoradh ar cliseadh an pháipéir ANOIS. Is ar éigean go bhfuil Gaeilge ar bith dhá léamh sa nGaeltacht seo, le hais deich mbliana ó shoin, seachas an méid a léitear sna hirisí áitiúla a fhoilsítear go deonach ó am go ham. Agus níl aon bhealach éifeachtach le eolas a scaipeadh go seachtainiúl sa Ghaeltacht ná le ceisteanna poiblí a phlé.

Is maith ann iad na hirisí áitiúl a, a fhoilsítear ó am go ham ach tá locht mór amháin ar na hirisí seo uilig, an ceann seo san áireamh - ní bhíonn aon ghearradh iontu. Seachnaíonn siad conspóidí chomh fada agus is féidir. Tá faitíos orthu aon olc a chur ar pholaiteoirí, ar an Údarás, ar an Roinn, ar an Raidió (cé gur éirigh linne é sin a dhéanamh bliain amháín). Tá i bhfad an iomarca béime iontu ar an mbéaloideas; na seanlaethanta atá caite; na báid; seanphictiúirí agus gan leath a ndóthain faoin saol mar atá. Tá na hábhair sin tábhachtach cinnte ach is tábhachtaí i bhfad scagadh a dhéanamh ar imeachtaí an tsaoil timpeall orainn. Is deacair é sin a dhéanamh in irisí a thagann amach uair sa mbliain agus atá foilsithe go deonach.

Eagraíochtaí Nua

Tá eagraíochtaí nua tagtha chun cinn le cúpla bliain anuas - Pléaráca, Meitheal Forbartha na Gaeltachta, Cumas - a bhfuil airgead ón Eorap fáighte acu agus atá ag obair ar son an phobail ach is beag eolais atá ag an bpobal fúthu, seachas an dream beag atá ar na coistí stiúrtha. Na coistí pobail atá ann, i go leor cásanna, is beag eolais atá ag an bpobal fúthu. Ní féidir le gach eagraíocht nuachtlitir dá gcuid féin a chur amach. Ach dá mbeadh nuachtán áitiúil againn bheadh sé an-éasca an pobal a choinneál ar an eolas faoi chéard tá na heagraíochtaí seo ag déanamh agus dhéanfadh sé an pobal Gaeilge seo ó Bhearna go Cárna a chomhdhluthú; scaipfeadh sé eolas ar imeachtaí pobail sa cheantar; chuirfeadh sé brú ar an Údarás agus ar eagraíochtaí eile stáit faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht; thabharfadh sé deis don phobal tuairimí éagsúla a nochtadh agus a scagadh faoi cheisteanna móra an cheantair agus thabharfadh sé cothrom na féinne do imeachtaí spóirte na Gaeltachta.

Ach cé dhéanfas é? Agus an mbeadh cúnamh le fáil ó Roinn na Gaeltachta? Tá an cheist oscailte againn. Bíodh sé faoi dhíospóireacht!