Skip to main content

Raidió na Gaeltachta: Saor-Raidió Chonamara

 [Gan Teideal]

Seosamh Ó Cuaig

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1991. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá aithne agam ar fhear áirid a bhíodh ag dearbhú go síoraí dom i dtús na bliana 1969 nach raibh i gcaint faoi raidió Gaeltachta a bhunú ach caint gan chéill agus gurb éard a bhí le déanamh ó cheart feabhas a chur ar líon na gcláracha Gaeilge ar Raidió Éireann.

An fear céanna inniu shílfeá gurb é féin go pearsanta a chuir stiúideo Chasla le chéile, ó bhloc go bloc agus ó bholta go bolta, leis an gcaoi a mbíonn sé ag cur síos ar an leas atá déanta ag an tseirbhís Ghaeltachta ó lá a bunaithe.

Cén bhrí dá mbeadh sé sásta a admháil gur athrú intinne a tháinig air - rud a d'fhéadfadh tarlú do dhuine nádúrtha ar bith. Ach ní bheadh ná go deo.

Cloisfidh tú daoine eile ag rá go raibh stáisiún na Gaeltachta i gceann Éamoin de Valéra na blianta fada ó shin - nó ina chroí b'fhéidir, os isteach ina chroí a bhíodh air breathnú uair ar bith a mbíodh beart nua tábhachtach éigin á chur ina shuí aige. Ach más ina cheann nó ina chroí a bhí sé ní dheachaigh sé níos faide.

Is í an fhírinne ghlan, shoiléir, ar ndóigh, nach mbeadh Raidió na Gaeltachta ann anois, ná caint ar bith air, murach gur bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i Márta na bliana 1969. Is í an Ghluaiseacht seo a dhúisigh an Ghaeltacht den chéad uair agus is í an Ghluaiseacht is túisce freisin a chuir éileamh cinnte chun cinn as an taobh seo tíre ar son stáisiúin raidió dár gcuid féin. Rud mba thábhachtaí ná sin seacht n-uaire ba í an Ghluaiseacht a chuir Saor-raidió Chonamara ar bun in aghaidh an dlí. Ba dearfa go mór de ghníomh é sin ná dá mbeadh De Valéra ag breathnú isteach ina chroí ó shin, gan trácht ar thuarascálacha a bheith á scríobh ná rúin á moladh.

Tá scéal an tSaor-raidió insithe chomh minic sin anois agam go bhfuil mé éirithe tuirseach de mar scéal. Na dátaí féin tá siad imithe in ainseal orm. Ach tá cnámharlach an scéil i mo intinn fós agus beidh i gcónaí is dócha.

I nDoire dom tar éis The Battle of the Bogside chuala mé Raidió Free Derry. Ar theacht anuas abhaile dom arís scríobh mé ar Inniu gur cheart raidió mí-dhleathach a bhunú sa Ghaeltacht ar mhúnla Dhoire. Dúirt mé nár theastaigh ach scil theicniúil...go raibh dream i gConamara a dhéanfadh an chuid eile.

Bhí fear óg i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, a raibh an scil seo aige. Léigh sé an t-alt agus nuair a casadh go Gaillimh é go gairid ina dhiaidh sin chuir sé tuairisc an dream a seo i gConamara a raibh suim acu i mbunú stáisiúin fothalamh.

As sin a tháinig. Bhunaigh muid i gcarabhán i Ros Muc é seachtain na Cásca. MUID an focal ceart freisin, ar eagla na míthuisceana; murach an grúpa dílis a chuaigh in aghaidh an dlí an uair sin, agus a chuidigh go dícheallach leis an teicneoir, Mícheál Ó hÉalaithe, ba bheag ab fhiú m'ailtín suarachsa ar Inniu faoi Raidió Free Derry.

 Seosamh Ó Cuaig.

Seosamh Ó Cuaig.

Bhí sé ag craoladh againn i Ros Muc agus bhí sé ag craoladh againn arís ar An gCeathrú Rua. Bhí an-spraoi againn lena linn agus is iomaí eachtra barúil a tharla fad is a bhí muid ag plé leis. Cuimhním go háirithe ar an oíche a raibh muid ag cur an trealaimh le chéile thuas staighre Tigh Mhaidhcó i Ros Muc agus an Sáirsint ag breathnú ar an teilifís thíos staighre sa mbeár - ar scéal iomráiteach Henry the Eighth. An chéad uair eile d'iompaigh Henry the Eighth thart agus thosaigh sé ag cur 'Púcán Mhicil Pháidín' amach dá chroí chomh maith is a casadh in Iorras Aithneach riamh é.

"Trioblóid theicniúil" a thabharfaí air inniu is dócha.

Agus arís an ghruaim a bhí ar Tom Clarke nuair a fuair sé amach cá raibh an carabhán a híreáileadh go múinte mánla uaidh seachtain roimhe sin...

Ach níl iontu sin ach cuimhní fánacha. An rud ba mhó ar fad gur mhúscail Saor-raidió Chonamara bród agus misneach i muintir Chonamara agus gur thug sé dúshlán an rialtais ar bhealach a chaithfí a fhreagairt.

 Cuid den fhoireann a chuir Teilifís na Gaeltachta ar an aer.

Cuid den fhoireann a chuir Teilifís na Gaeltachta ar an aer i Ros Muc, Deireadh Fómhair 1987; Billy Keady, Seosamh Mac Donncha, Colm Ó Mainnín agus Piaras Ó Gaora.

Raidió na Gaeltachta: Saor-Raidió Chonamara