Skip to main content

Agallamh le hÉamon Ó Cúiv

 Éamon Ó Cúiv.

Éamon Ó Cúiv.

Peigí Ní Chonghaile

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2002. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ceapadh Éamon Ó Cuív ina Aire Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta tar éis an toghcháin deiridh. Chuaigh Peigí Ní Chonghaile chun cainte leis faoi nithe éagsúla atá faoina chúram anois.

PNC: Céard atá ag tarlú faoi mholtaí Choimisiún na Gaeltachta agus cén uair a chuirfear i bhfeidhm iad?

ÉÓC: Tá coiste feidhmiúcháin á chur le chéile le comhairle a chur orm maidir le feidhmiú mholtaí an choimisiúin. Mar is eol duit, ní tuarascáil an-fhada é tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta. Tá moltaí láidre déanta ach caifear tuilleadh oibre a dhéanamh, díreach ag cur feola ar na moltaí sin. Tá sé sin á thosú i láthair na huaire. Beidh cruinniú an tseachtain seo ag déanamh réamhréiteach don phróiséas seo agus ansin bunófar coiste agus de réir a chéile ansin, feidhmeofar iad agus rud ar bith ar gá a thabhairt chuig an rialtas, tabharfar chuig an rialtas é.

PNC: Maidir leis na moltaí sin, an mbeidh athstruchtúrú á dhéanamh ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta?

ÉÓC: Is dóigh liom agus tá sé seo tosaithe cheana féin. Tá sé ráite go poiblí agam go gcaithfidh an tÚdarás a bheith i bhfad níos dírithe ar cheist na teanga sa nGaeltacht. Ní maith liom an iomarca béime a chur ar athstruchtúrú mar go minic is éard a chiallaíonn daoine leis sin ná athrú teidil ar fheidhmeannaigh. Is athrú ar an treo bunúsach i dtreo a bheith i bhfad níos teanga-lárnaithe atá i gceist. Chomh maith leis sin, beidh scrúdú iomlán á dhéanamh ar na scéimeanna atá á rith ag Roinn na Gaeltachta.

PNC: Cén uair a fheicfear na moltaí á gcur i bhfeidhm?

ÉÓC: Cheapfainn go bhfeicfear toradh ar seo go han-luath ar fad. Níl i gceist agam tosú ar phróiseas fada arís. Ocht gcinn déag de mholtaí atá ann, cuid acu mar shampla, go gcuirfear an Bille Comhionannas Teanga tríd an Oireachtas agus tá sé sin idir lámha i láthair na huaire. Tá gá le feoil a chur ar chéard a bheas i gceist le cur i bhfeidhm an chuid eile acu.

PNC: Maidir le teorainneacha na Gaeltachta, mhol an Coimisiún nach mór go mbeadh 50% de phobal i gceantar a bheith ag úsáid na Gaeilge chun stádas Gaeltachta a thabhairt don cheantar sin - ach dúirt tú féin níos deireanaí gur leor 20% - nach leanfadh sé seo den chur i gcéill atá ann faoi láthair?

ÉÓC: Is é an cur chuige a bheadh agamsa ná seo: Dá mba rud é gur tosaíodh ag laghdú na Gaeltachta mar réiteach na faidhbe, is éard a tharlódh dar liomsa go laghdófaí imeall na Gaeltachta agus sa deireadh ní bheadh aon chroí fágtha. Mar shampla, má thógann muid ceann de na fadhbanna atá ann in Iarthar Chonamara. Is iad Cumann Peile Charna/Chaisil agus cumann Peile na bPiarsach, péire de na cumainn is Gaelaigh ann. Tá ceantar na Sraithe Salaí istigh le Cumann Charna/Chaisil, an rud céanna le ceantar an Chaisil, ceantracha imeallacha go maith Gaeltachta iad. Anois céard is fearr a dhéanamh? Féachaint leis an tSraith Salach a láidriú mar Ghaeltacht agus an rud céanna a dhéanamh leis an gCaiseal, áit a léirítear an-spéis sa nGaeilge, nó iad a chaitheamh amach agus a rá go mbeidh na cumainn peile sin ag plé le Gaeltacht agus Galltacht? Sin iad na ceisteanna praiticiúla a chaithfidh muid déileáil leo. B'fhearr liomsa mar chéad iarracht dul chuig na pobail sin agus conradh sóisialta a bheith agam leo. Is é sin go bhfanfadh siad sa nGaeltacht an fhad agus go bhfuil plean cuimsitheach á chur i bhfeidhm acu - go mór mór dírithe ar an aos óg le déanamh cinnte go mbeidh úsáid na Gaeilge á leathnú i measc an phobail.

PNC: Céard a tharlóidh má théann tú chuig na ceantair laga seo le conradh sóisialta agus tar éis tréimhse áirithe blianta, mura mbeadh feabhas tagtha ar rudaí - an mbeifí sásta a rá ansin “tá deireadh leo seo mar Ghaeltacht"?

EÓC: Ó chaithfeá. Mar shampla má thógann tú pobal atá 20% agus dá mbeadh obair mhaith déanta leis an aos óg agus plean an chuimsitheach leanta acu siúd agus fós mura mbeadh muid ach ag 30%, níl tú ag dul á gcaitheamh amach tar éis an méid sin oibre a dhéanamh. Go mór mór má tá tú ag caint ar Ghaeltachtaí atá beag. Táimid ag caint ar leath-pharóistí i go leor cásanna. Sin rud a chaithfear dul i ngleic leis - cé mhéid den critical mass a theastaíonn le go mbeidh pobal inmharthanach Gaeilge ann?

PNC Cé a tharraingeoidh na pleananna, na conarthaí sóisialta?

ÉÓC : Sin obair a bheas á déanamh idir an Roinn agus an tÚdarás agus ar ndóigh an coiste seo atá i gceist agam a bhunú - sin cineál mioneolas nach bhfuil i moltaí an Choimisiúin atá lom go maith ach gur léir cén treo a cheapann siad a cheart dúinn dul. Tá mise ag iarraidh anois feoil phraiticiúil a chur ar sin. Agus cosnóidh sé seo uilig airgead, bíodh muid soiléir faoi sin! Caithfidh an plean a bheith réalaíoch, caithfidh siad na cúinsí daonna a chur san áireamh. Caithfidh siad dul le córas sochtheangeolaíochta a chuirfear ar fáil agus is dóigh liom gur ar sin a bheidh an bhéim ar fad agamsa - go mbeidh na spriocanna inbhainte amach.

PNC: Céard faoi Fhóram na Gaeltachta, an mbeidh ról ag an eagraíocht seo i nglór an phobail a chur chun cinn - sin ceann de na moltaí a bhí ag an gCoimisiún ó thaobh athstruchtúrú an Údaráis, go mbeadh glór an phobail ag na coistí éagsúla a bheadh bunaithe faoi.

ÉÓC: Déarfadh muintir an Údaráis ó tharla go bhfuil a mbunáite tofa ag an bpobal, gurbh shin glór an phobail. Is í an eagraíocht stáit is daonlathaí sa tír í taobh amuigh den Oireachtas agus na comhairlí contae. Ach ar ndóigh éisteofar lena bhfuil le rá ag aon ghrúpa pobail. Tá mar shampla dreamanna eile ann an ar nós Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Comhdháil Oileán na hÉireann. Tá an iliomad dreamanna pobail ann anois, iad ar fad ag obair agus éisteofar leo uilig.

PNC: Luaigh tú an óige agus tá sé ráite le gairid agat go bhfuil go leor ag teastáil maidir le spreagadh seirbhísí don óige - céard go díreach atá i gceist agat leis sin?

ÉÓC: An óige taobh istigh agus taobh amuigh den scoil, an óige sula dtéann siad chuig an scoil, an óige maidir le naíolanna, naíscoileanna, imeachtaí clubanna óige do dhéagóirí, imeachtaí spóirt.

PNC: Tá siad seo uilig ann cheana.

ÉÓC: Tá siad ann anonn agus anall. Níor tugadh riamh faoi phleanáil go cuimsitheach. Déarfadh na daoine ar fad atá ag plé leis na rudaí seo nach bhfuil a ndóthain acmhainní acu siúd le dul i mbun na hoibre ceart. Beidh acmhainní ag teastáil le haghaidh an chineál ruda a bhfuil sé ar intinn agamsa a chur chun cinn. Caithfidh mé troid ar san na n-acmhainní sin.

PNC: An gciallaíonn sé seo go mbeidh níos mó oifigeach óige ag obair ar an talamh le teaghlaigh?

ÉÓC: Ní maith liom dul isteach sna mionsonraí. Mar a deirim tá mé ag bunú coiste chun comhairle a chur arm agus beidh mé féin mar bhall den choiste sea freisin. Mura sealbhaíonn daoine óg an Ghaeilge mar theanga agus mura spreagfar a gnáthúsáid taobh istigh agus taobh amuigh den chóras oideachais agus iad óg, creidim féin nach mbeidh mórán todhchaí i ndán don Ghaeltacht.

PNC: Céard faoin mBille Teanga, cén uair a achtófar é?

ÉÓC: An rud a tharla leis an mBille Teanga, foilsíodh é agus cuireadh faoi bhráid an tSeanaid é. Bille ar bith atá faoi bhráid an tSeanaid nó faoi bhráid na Dála nuair a scoirtear an Dáil nó an Seanad, is éard a tharlaíonn ná titeann siad agus tosaíonn siad ar ais arís. Tá súil agam go mbeidh plé mion air sa Seanad i gcaitheamh an Fhómhair agus ansin tiocfaidh sé go dtí an Dáil.

PNC: Beidh Acht Teanga againn mar sin le haghaidh na bliana nua?

ÉÓC: Bhuel, cuirfidh mé mar seo é. Ní bheidh sé aon phioc níos moille ná mar a bheadh aon bhille eile ag dul tríd. Tá leisce orm dáta críochnúil a thabhairt dó ach ní fheicim aon mhoill mhór air. Cuirfidh mé mar seo é - nuair a achtófar é, beidh meanga gáire ormsa de bharr an bhille seo a bhí chomh marbh le dodo.

PNC: An mbeidh gach seirbhís stáit ar fáil trí Ghaeilge ag muintir na Gaeltachta nuair a achtófar é?

ÉÓC: Braitheann sé sin ar an sainmhíniú atá ar gach seirbhís stáit. Baineann muintir na Gaeltachta sa saol atá inniu ann go leor úsáide as seirbhísí náisiúnta de chuile chineál. Dá gcuirfeá ceist ormsa “an n'aistreofá gach foirm go Gaeilge fiú cinn nach n-úsáidtear díobh ach péire i rith na bliana” is é an freagra simplí ar sin ná nach dtarlóidh sé sin sa ngearrthéarma. Direofar orthu sin a bhfuil mór-úsáid laethúil á mbaint astu.

Má théann tú siar ar an gCeathrú Rua, nó siar go Ros Muc agus dá ndéanfá vox pop i measc an phobail – “cén teanga a úsáideann tú sa gComhairle Contae, sa Roinn Talmhaíochta, sa Roinn Leasa Shóisialaigh, i Rainn na Gaeltachta agus san Údarás?” Is dóigh liom go ndéarfaí leat gur Gaeilge i Roinn na Gaeltachta agus san Údarás agus gur Béarla sna trí oifig eile. Tá sé i gceist é sin a athrú agus go mbeidh sé chomh nádúrtha an Ghaeilge a úsáid leis an Roinn Talmhaíochta, an Roinn Leasa Shóisialaigh agus an Chomhairle Contae agus a bheidh sé le Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta.

PNC: Ag dul ar aghaidh go dtí na freagrachtaí atá ort mar Aire Gnóthaí Tuaithe, cén réiteach a fheiceann tú ar an diúltú pleanála atá ag cur as do mhuintir na Gaeltachta agus na tuaithe go ginearálta?

ÉÓC: Bhuel tá fadhb ag baint le cúrsaí pleanála. Tá sé deacair cead pleanála a fháil ach ag deireadh an lae ceadaítear 80% nó 90% de na hiarratais.

PNC: Ach cosnaíonn sé go leor airgid ar dhaoine agus bíonn orthu a dhul thrí go leor rópaí!

ÉÓC: Tá sé sin fíor agus tá go leor dua ag baint leis. Cuid de na rialacha atá ann...sílim féin go gcaithfidh muid breathnú ar bhealaí chun eolas faoi na rialacha seo a éascú don phobal agus go gcaithfidh i bhfad níos mó comhoibriú a bheith ann leis na hinnealltóirí agus na hailtirí le go mbeidh na hiarratais ceart an chéad uair ag dul isteach. Maidir leis an gceist leathan - is é sin - an mbeidh cead pleanála ar chor ar bith ag pobal na Gaeltachta ina ndúiche féin? An bhfuil muid ag dul ag scriosadh coincheap na mbailte fearainn agus ag dul ag cur chuile dhuine isteach i sráidbhailte nó i mbailte móra? Is dóigh liom go bhfuil mo sheasamh ar an gceist seo thar a bheith soiléir, is é sin le rá gurbh é an gnáth leagan amach a bhí ar na ceantracha tuaithe in Éirinn ná go raibh bailte agus sráidbhailte i go leor pobail ach ba é an baile fearainn agus an paróiste an dá aonad ba mhó a raibh ceangal ag an bpobal leo agus feiceann muid é sin go láidir sna pobail thiar. Ní thuigim lucht pleanála nach dtuigeann go bhfuil a leithéid ann agus a bhíonn ag caint ar thithíocht aon-uaire. Is teach i mBaile Fearainn atá i chuile cheann de na tithe. Tá mé iomlán dírithe ar an bhfód a sheasamh maidir le ceist na lonnaíochta i gcúrsaí pleanála agus tá idirphlé á dhéanamh sa gcomhthéacs sin maidir leis an straitéis spásúil. Dar liomsa bheadh athrú fíorbhunúsach ar leagan amach na tuaithe dá gcuirfí athrú ar an gcoincheap seo den bhaile fearainn agus an paróiste.

PNC: Mar sin tá an polasaí atá agatsa contráilte leis an bpolasaí oifigiúil atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

ÉÓC: Tá Polasaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe leagtha síos sa bplean contae agus deireann an plean contae gur féidir le duine atá ag obair i gConamara nó a bhfuil a athair nó a mháthair ina gcónaí i gConamara nó atá ag teacht ar ais ó imirce cead pleanála a fháil i gConamara.

PNC: Ach nach bhfuil siad ag brú polasaí na gclachán - nach bhfuil baint aige sin leis na deacrachtaí atá ag daoine cead pleanála a fháil?

ÉÓC: Is í an Chomhairle an dream tofa. Réitigh na feidhmeannaigh dréachtphlean don Chomhairle agus ní raibh sé inghlactha dóibh agus chuir siad malairt plean ina áit. Is cumhacht é seo a bhaineann leis na Comhairleoirí Contae amháin. Níl aon smacht ag an mbainistíocht air. An t-aon srian atá ar na comhairleoirí ná na srianta náisiúnta a leagan Roinn Comhshaoil síos agus sin an áit go dtagann mise isteach sa scéal mar Aire Forbartha Tuaithe - mar tá an straitéis spásúil le bheith lárnach do chuile phlean contae as seo amach agus braitheann sé ar leagan amach an straitéis spásúil céard iad na treoirlínte náisiúnta a bheas ann faoina mbeidh na comhairleoirí ag feidhmiú. Ar ndóigh tá sé tábhachtach go ndéanfaidh mise cinnte go mbeadh an fhís céanna sna treoirlínte náisiúnta agus atá go ginearálta ag pobal tuaithe na hÉireann agus sin é an áit a bhfuil mise lárnach don scéal seo mar aire forbartha tuaithe.

PNC: Maidir leis na pobail tuaithe agus an chaoi a bhfuil siad á mbánú - na daoine ag dul i dtreo na gcathracha agus na mbailte móra - nach bhfuil gá le straitéis radacach fadbhreathnaitheach seachas an clár RAPID/CLÁR atá á chur i bhfeidhm anois?

ÉÓC: Tá straitéis fhadthéarmach ann. Má thógann muid CLÁR ar an gcéad dul síos. Thosaigh an CLÁR anuraidh mar chlár dhá bhliain agus anois tá sé ann le tréimhse an rialtais seo agus ní fheicim aon ghá nach leanfadh sé ar aghaidh an fhad agus atá gá leis. Ba anuraidh a ghlac an rialtas don chéad uair leis, ar mholadh uaimse, go mba critéar criticiúil i gcomhthéacs na tuaithe é an titim daonra. Ba é CLÁR an chéad tionscnamh rialtais a d'úsáid titim daonra mar shlat tomhais agus mar sin tá beartas fíor-radacach tógtha mar tá an coincheap ar fad athraithe.

PNC: An bhfuil tógáil ag dul á dhéanamh ar an gCLÁR seo?

ÉÓC: Tá CLÁR dírithe ar rudaí áirithe a dhéanamh. Mar Aire Forbartha Tuaithe caithfidh mé breathnú ar scála i bhfad níos mó ar an bhfadhb. Tá plé á dhéanamh, mar shampla, ar dhílárnú rialtais. Tá plé á dhéanamh ar ról an WDC agus mar is eol duit bhí mé thar a bheith cáinteach faoi Choimisiún Forbartha an Iarthair. Dúirt mé go raibh sé ró-lag agus is dóigh liom gur cuireadh ann é mar shórt sop in áit na scuaibe. Tá mé ag breathnú ar ról an Údaráis mar sin tá go leor píosaí beaga á ndéanamh anonn is anall ach tá mórphictiúir agamsa agus bheadh súil agam tar éis tréimhse 5 bliana go bhfeicfear toradh air ach go ndéarfar tar éis tréimhse 20 bliain gur anois a leagadh síos fíor-bhunshraith forbartha na tuaithe.

PNC: Faoin réimse pobail, go gairid tar éis aire a dhéanamh díot, rinne tú ráiteas ag rá go raibh go leor coistí agus eagraíochtaí sa nGaeltacht ag fáil go leor airgid agus go raibh siad ag trasnáil a chéile.

ÉÓC: Bhuel tá sé sin ag tarlú ar fud na tíre, ach ní amháin sin ach tá go leor áisíneachtaí stáit ag freastal ar na coistí céanna. Níl aon amhras faoi ach tá méadú an-mhór tagtha ar líon na n-eagras éagsúla atá ag obair ar an talamh agus tá sé fíorthabhachtach nach mbeadh trasnáil i gceist. D'iarr mé le gairid ar lucht na Roinne mapaí a chur ar fáil do cheantair RAPID, na CDSPanna, ceantair Pháirtíochta agus ceantair Leader. Tá siad seo ar fad ag feidhmiú in áiteanna éagsúla sa tír. Ar cheart mar shampla go mbeadh na comhlachtaí Leader agus na comhlachtaí Páirtíochta sa nGaeltacht agus faoin tuath ag feidhmiú i gceantair éagsúla?

PNC: An bhfuil sé i gceist agat rud éigin a dhéanamh faoi seo?

ÉÓC: Táim ag scrúdú na ceiste seo faoi láthair. Beidh sé deacair ar ndóigh aon rud mar sin athrú. Tá sé i gceist agam chomh fada agus is féidir féachaint leis an saol a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos fearr don phobal. Is é sin go mbeadh toradh níos fearr ar chaiteachas an stáit.

PNC: An gciallaíonn sé seo gurbh fhearr leatsa maoiniú a fheiceáil ag teacht díreach ó na ranna stáit gan aon áisíneachtaí a bheith i lár báire?

ÉÓC: Ní chiallaíonn, tá áit ann do leithéidí Údarás na Gaeltachta. An rud atá mé ag rá ná na cocktails seo d' airgead, ba cheart scrúdú a dhéanamh an bhfuil gá leo agus an saol a dhéanamh níos éasca don phobal.

PNC: Tá m'eagraíocht féin Pléaráca Teo. maoinithe faoi Chlár CDSP. Bhí an rialtas deiridh chun cur le líon na dtionscnamh áitiúil a bheadh maoinithe faoi seo - an mbeifear ag dul ar aghaidh leis?

ÉÓC: Tagann an CDSP faoi chúram mo chomhghleacaí Noel Ahern. Níl aon mhionphlé déanta ar an scéim sin ach is féidir leat a bheith cinnte go bhfuil an rialtas seo dírithe ar go mbeidh tacaíocht iomlán ar fáil do na pobail éagsúla. Is clár é sin a bhfuil fiúntas ag baint leis ach arís tá gach seans ann go mbeidh leasuithe áirithe á ndéanamh ar leagan amach an chláir.

PNC: Maidir le Conradh Nice, cén fáth gur vótáil tú in aghaidh Chonradh Nice sa reifreann deiridh agus go bhfuil tú ag tacú leis anois?

ÉÓC: Rinne mé cur síos díreach tar éis an reifrinn in alt a scríobh mé ar cén fáth ar chuir mé ina aghaidh. Bhain sé le imní a bhí orm faoi an raibh an tAontas agus muide ag dul i dtreo an mhíleatachais. Bhí imní orm maidir le cúrsaí maorlathais, maidir leis na rialacháin seo ar fad a thagann ón Eoraip nach ndéantar a ndóthain scagadh orthu. Agus b'fhéidir thar aon rud, níor mhaith liom go dtógfaí muintir na hÉireann for granted.

PNC: Céard atá tarlaithe ó shin?

ÉÓC: Tá go leor athraithe agus sin é nádúr na polaitíochta. Sin é an chaoi a ndéantar dul chun cinn. Dar liomsa tá go leor rudaí bainte amach ó bhí reifreann Chonradh Nice ann cheana. Ar an gcéad dul síos níl an cheist chéanna á cur don dara huair. An t-am seo tá muid ag scríobh isteach sa mbunreacht nach féidir leis an tír seo fáil gafa le cosaint comónta gan reifreann eile a bheith ann. Déileálann sé sin cuid mhaith leis an imní a bhí ann maidir le cúrsaí airm agus neodrachta. An dara rud, tá socrú déanta faoi dheireadh, go ndéanfar scrúdú ag leibhéal an Oireachtais ar an reachtaíocht Eorpach atá ag dul tríd an Eoraip. An tríú rud - tá súil agam anois go dtuigtear go gcaithfidh an Eoraip a bheith i bhfad níos dírithe ar mhianta an phobail, go gcaithfidh sé a bheith i bhfad níos solúbtha agus go gcaithfear tuiscint gur don gnáthphobal an Eoraip.

PNC: An gcreideann tú go n-éireoidh leis an reifreann an iarraidh seo?

ÉÓC: Níl tuairim dá laghad agam. Fágaim é sin faoi na tráchtairí. Ach an oiread le cluiche peile, go dtí go n-imreofar é, ní bheidh fhios agat. Ach bheadh súil agam - an t-am seo is dóigh liom go mbeadh an chuid is fearr den dá rud againn, is é sin go bhfuil an pointe déanta nach féidir leis an Eoraip glacadh leis go bhfuil a fhios acu céard a dhéanfaidh muintir na hÉireann agus anois má vótálann muid ar a shon, is dóigh liom go mbeidh cairde déanta againn in Oirthear na hEorpa.