Skip to main content

‘Amárach’: Nuair a labhair Fintan Coogan Béarla agus é ag speecháil sa Spidéal

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1994. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Bhíodh toghcháin go minic ann i dtús na hochtaidí agus an rialtas dhá athrú chomh minic is a d'athrófá léine. Dúisíodh conspóid teangan in Amárach le linn an fheachtais don tarna toghcháin i 1982 nuair a cuireadh i gcló an litir seo ar eagrán an 19 Samhain 1982.

 Joe Steve Ó Neachtain.

Joe Steve Ó Neachtain

A chara,

Tar éis Aifreann a deich maidin Dé Domhnaigh seo caite sa Spidéal, bhí Fintan Coogan, urlabhraí de chuid Fhine Gael ag labhairt i mBéarla leis an slua. Chaill mé an cloigeann agus dúirt mé leis go mba chóír dho náire a bheith air...Dúras go mbeinn sásta éisteacht leis dhá labhródh sé i nGaeilge. Dúirt sé ar ais liom go raibh Gaeilge aige agus go labhródh sé í dhá dtogródh sé fhéin é. Thug muid cúpla focal sách olc dhá chéile agus ansin d'imigh chaon nduine againn ina bhealach fhéin...

Ar fhaitíos aon mhíthuiscinst, ní mór dhom a rá nach bhfuil rud ar bith pearsanta agam in aghaidh Fintan Coogan...Sé an rud céanna a dhéarfainn le urlabhraí ó aon pháirtí eile sa gcás. Go deimhin ní cás le polaiteoirí amháin é. Is rí-mhinic a chastar daoine orm atá páirteach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile i bhforbairt na Gaeltachta agus gur Béarla a bhíonn cuid acu á usáid. Níl a fhios agam ar cheart iad a chur as na sandals nó nach ceart...

Ar mhiste le duine ar bith ar suim leo an scéal scríobh chuig an bpáipéar seo roimh an gcéad eagrán eile agus a rá go raibh mé ceart nó mícheart. Mar a léirítear aon tsuim sa gcás nó má léirítear dhom go raibh mé mícheart, beidh mé ag gabháil leithscéil go poiblí le Fintan Coogan agus ní chuirfidh mé mo ladar i ngraithí den tsórt seo feasta."

Joe Steve Ó Neachtain.

B'é seanFhintan a bhí i gceist agus é ag cuartú vótaí dá mhac Fintan óg, atá anois ina Mhéara ar Ghaillimh agus a bhí ag seasamh toghcháin don chéad uair Samhain 1982. Bhí Pól Ó Foighil mar chomhiarrthóir ar thicéad Fhine Gael aige. San eagrán céanna den pháipéar bhí an méad seo faoin scéal sa gcolún 'Cúlchaint'.

"Bhí seanFhintan sa Spidéal Dé Domhnaigh ag speecháil i mBéarla agus cuireadh isteach air. Ach níl sé de cháil ar sheanFhintan an focal deiridh a fhágáil ag 'hecker' ar bith agus d'fhreagair sé Joe Steve: ''l'll speak Irish when I like and I don't have to be paid for it."

Bhí Joe Steve ar dhuine de bhuíon as Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a chur isteach cheana ar sheanFhintan i 1969 taobh amuigh de Sheipéal an Chnoic i gCois Fharraige. 'I shoed horses for yer grandfathers and haven't been paid for it yet,' dúirt Fintan leo.

An tseachtain dár gcinn bhí Amárach ag cur thar moill le litreacha tacaíochta do sheasamh Joe Steve.

Litreacha Tacaíochta

 Tom Phaidí Mac Diarmada.

Tom Phaidí Mac Diarmada

"Is cuimhneach liomsa go maith os cionn leathchéad bliain ó shin agus an bóthar ina reolach a gabháil isteach sa gCéarta sin ag cur suas géarú nó táirní seaca. Bá dhaor géar an géarú é agus an táirne seaca nuair a bhíodh an ceann deiridh barrtha ag an ngabha. Thógfadh sé ar pholaiteoir bréagach, bréan, sean-simeálacha í a tharraingt as cré na cille atá thart le trí scóir bliain agus aithis a chaitheamh le buachaill óg macánta mar Joe Steve.”

Tom Phaidí Mac Diarmada

SeanFintan Coogan (nach maireann) ag sodar i ndiaidh Aire na Gaeltachta an ama, Tom O'Donnell.

SeanFintan Coogan (nach maireann) ag sodar i ndiaidh Aire na Gaeltachta an ama, Tom O'Donnell.

An t-aon rud a déarfainn ná 'fair play' do Joe! Is trua nach bhfuil eagraíocht nó páirtí polaitiúl ag muintir na Gaeltachta mar a bhí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta chun ceannasaíocht a thabhairt i gcás mar seo. Mar eolas do Joe agus dod léitheoirí, bhi raic ag Séipéal an Spidéil i 1966 faoin rud céanna."

Ciarán Ó Féinneadha

"Tar éis na mblianta is bocht an scéal é mara bhfuil gach páirtí polaitíochta in ann duine a fháil le labhairt dóíbh i nGaeilge sa Ghaeltachta agus is dona an dream a d'éisteodh leo ag plubaistéireach Béarla gan cur ina n-aghaidh."
P.M. Ó Ciardha agus Cáit Bn Uí Chiardha
"Thaispeán an seasamh a thóg Joe Steve ar son na Gaeilge ag geata shéipeál an Spidéil coicíos ó shin go bhfuil corrdhuine fágtha fós le cur in aghaidh marú na Gaeilge go poiblí...

Tá daoine agus forais ag déanamh níos mó dochair don Ghaeilge sa nGaeltacht ná mar a d'fhéadfadh polaiteoir a dhéanamh le bheith ag Béarlóireacht ag geataí séipéal chuile Dhomhnach an chuid eile dá shaol. Níl seirbhís trí Ghaeilge ar fáil d'othair na Gaeltachta in ospidéil Bhord Sláinte an Iarthair. Tá daoine ar bheagán Gaeilge fostaithe ag an mBord céanna sa nGaeltacht.

Is i mBéarla atá ar chailíní Gaeltachta beannú do dhaoine a chuireann glaoch gutháin ar mhonarchain de chuid Údarás na Gaeltachta i gConamara.

Nach aisteach go bhfuil an Ghaeltacht ag cúngú agus an Ghaeilge ag dul ar gcúl i stát a bhfuil gach uile pháirtí polaitíochta ar a son.

Tá na hardfheidhmeannaigh atá ag déileáil leis an nGaeltacht stálaithe agus ní cheapfar aon duine ina n-áit go mbeidh na daoine sin cosúil leis na ceanna a tháinig rompu."

Peadar Mac an Iomaire

"An mian le Fintan Coogan nach mbainfí úsáid as an 'ritual cúplafocal' ach ag tús agus ag deireadh oráide, go fiú sa nGaeltacht, agus gur i mBéarla a dhéanfaí an chuid tábhachtach den chaint?

Ní bheadh sé macánta, áfach, gan aguisín a chur leis an méid sin. Níorbh fhiú le Fianna Fáil iarrthóir Gaeltachta a chur chun cinn i mbliain seo de Valera. Maidir le Lucht Oibre céard í gnáth theanga oibre craobh an Spidéil den Pháirtí? Níor airigh muid Jimmy Brick, Páirtí na nOibrithe ar Raidió na Gaeltachta fós - fear a bheadh ag freastal ar an gceantar is mó Gaeltachta sa tír dá dtoghfaí é.

Ná déanaimís dearmad gur dhúirt ionadaí tofa leis an bpáirtí céanna, Proinnsias de Rossa, ar chlár Today Tonight nár cheart airgead a chur amú 'building factories on rocks in the wilds of Connemara."

Gearóid Mac Eoin, Bearna; Pádraig Ó hAoláin, Na Forbacha; Tomás Ó Neachtain, An Spidéal; Séamas Ó Fátharta, An Cnoc; Máire Ní Fhaoláin, Ros a' Mhíl; Máirtín Ó Conghaile, Doire Né; Pádraig Ó Cosgardha, Cárna

‘Amárach’: Nuair a labhair Fintan Coogan Béarla agus é ag speecháil sa Spidéal