Skip to main content

An tÚdarás, Rialtas Áitiúil & Teorainneacha na Gaeltachta

 Nollaig Ó Gadhra.

Nollaig Ó Gadhra

Nollaig Ó Gadhra

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1993. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá baol mór ann i gcónaí go mbeidh toghchán an Údaráis coinnithe siar go dtí mí an Mheithimh seo chugainn, go rithfear iad ar an lá céanna leis an toghchán Eorpach agus dá bhrí sin, nach mór an aird a bheas ag na bpobal trí chéile ná ag na mórmhéain náisiúnta ar chruachás na Gaeltachta. Cháin Michael D. agus páirtí an Lucht Oibre, Cathal Ó hEochaidh agus Fianna Fáil nuair a tharla an rud céanna in 1989. Ach is fada an tréimhse cúig bliana i ngnóthaí poiblí. Sílim go bhfuil ciall i gcónaí leis an argóint gur cheart toghchán Údarás na Gaeltachta a thionól ar ocáid eile seachas an lá vótála don Eoraip.

Tá leasaithe ar an gcóras rialtais áitiúil féin geallta le fada an lá. Dúradh ag an am nuair a bhí an Páirtí Daonlathach páirteach le Fianna Fáil sa rialtas go raibh sé i gceist córas na gCeantar Dúiche (Rural District councils) a thabhairt ar ais ar bhealach a roinnfeadh gach contae i réigiúin éagsúla ina mbeadh cúpla míle duine. Bheadh baile mór mar lár aonad nó mar fhócas ag gach ceann de na ceantair seo agus bheadh na bunsheirbhísí rialtais áitiúil le fáil ó oifig i ngach ceann de na ceantair seo.

Ní minic a ritheann sé le muintir na Gaeltachta agus le pobal na tuaithe trí chéile, go bhfuil leibhéal eile rialtais áitiúil ag bailte áirithe cosúil le Béal Átha Sluaighe, Baile Locha Riach, Tuaim, Caisleán an Bharraigh srl. nach bhfuil ag an gcuid eile againn agus cé gur fíor nach mórán cumhachta atá ag na Comhairlí seo, tá tábhacht nach beag leis an UDC i gcónaí ó thaobh pleanála de, gan trácht ar an fhóram oscailte daonlathach a thugann siad don phobal áitiúil ar bhealach a dhealaíonn amach an baile áirithe atá i gceist mar aonad agus mar phobal ar leith.

I gcás na Gaeltachta, leagfaí amach ceantair ar leith a bheadh aitheanta go cinnte mar aonaid rialtais áitiúil Ghaeltachta ag feidhmiú trí Ghaeilge. Bheadh bunseirbhísí oideachais, sláinte/pleanála, clárú beireatais srl. le fáil i nGaeilge, gan cheist, i ngach ceantar dúiche Gaeltachta agus bheadh caiteachas airgid ar na seirbhísí seo faoi scrúdú ag comhairle beag áitiúil - cosúil le UDC i mbaile mór – a bheadh tofa go díreach ag muintir na Gaeltachta féin.

Seo rud, ar ndóigh, a ba cheart a bheith ag baint le Údarás na Gaeltachta ón gcéad lá riamh ach díoladh an coileáinín a fuair muid in áit Ghaeltarra.

Buntáiste mór eile a bheadh ag an leasú Rialtais Aitiúil seo go náisiunta ná go mbeadh comh-ionannas vótála ag muintir na tuaithe don chéad uair ó 1922 i leith, i gcúrsaí rialtais áitiúil. Bheadh dhá vóta ag gach éinne feasta - ceann don Chomhairle Chontae nó don Bhárdas agus vóta eile do Chomhairle Dúiche cathrach nó tuaithe, mar atá faoi láthair agat má tá cónaí ort i dTuaim, i mBéal Átha na Sluaighe nó i mBaile Locha Riach.

An rud is mó is cás linne sa Ghaeltacht ar ndóigh ná a bheith cinnte go bhfuil socruithe rialtais áitiúla ann don Ghaeltacht - mar atá geallta le fada ag an Lucht Oibre – le cur i bhfeidhm mar chuid de cibé socruithe atá á mbeartú ag Micheál Mac Gabhann, an tAire Comhshaoil atá ann anois.

Teorainneacha na gCeantar Gaeltachta

Sin é an fáth go dtagann teorainneacha na gceantar Gaeltachta i gceist san obair seo ar fad. Mar caithfidh teorainneacha éigin a bheith ann i gcás na Gaeltachta chomh cinnte céanna agus atá teorainn idir cathair agus contae na Gaillimhe. Ní peaca nó ábhar náire féin é gan a bheith sa Ghaeltacht go fírinneach. Níl éinne ag caint, go bhfios dom, ar deireadh a chur le forbairt úsáid na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. A mhalairt ar fad. Ach is polasaí cultúrtha agus oideachais é seo don chuid is mó.

Is beag an bhaint atá ag ceisteanna dá leithéid le freastal go díreach agus go sásúil ar phobail na Gaeltachta. Tá sé thar am ag na pobail atá idir eatarthu, ar imeall na Gaeltachta le fada an lá a n-intinn a shocrú. An mian leo go n-áireofaí iad mar cheantair Ghaeltachta i ndáiríre? Más mian, tá impleachtaí pobail nach beag ann, ag an leibhéal is bunúsaí, ag leibhéal an leathpharóiste féin. Táim ag caint ar an teanga teagaisc sna bunscoileanna, ar theanga an Aifrinn, go deimhin ar an teanga a roghnaíonn lucht gnó agus lucht oifigiúil chun gach rud ó ainm an tsiopa nua go dtí an 'fógra sealadach' a chrochann ceantálaithe ar fud Chonamara nuair a bhíonn tithe, a tógadh le deontais na Gaeltachta á ndíol ar an margadh oscailte acu! Mar an gcéanna i gcás na siamsaíochta, a bhfuil glacadh leis sna tábhairní - agus nílim ag caint ar an nósmhaireacht rinnce a féachadh le forbairt i gCorca Dhuibhne le gairid le cúnamh breaba a bhí comh flaithiúl le rud ar bith a chuireann an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Gaeltachta ar fáil don tsiamsaíocht phoiblí sa Ghaeltacht.

Ní cuma a thuilleadh le muintir na Gaeltachta vótaí a bheith ag daoine i dtoghcháin an Údaráis in áiteanna nach raibh an Ghaeilge in úsáid sa phobal iontu le fada an lá, agus nach eol ar éigean do chuid mhór den lucht vótála iad a bheith sa 'Ghaeltacht' ar chor ar bith!

De bhrí gur cheadaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcaitheamh na mblianta ó 1967 i leith, tógail tithe nua ar imeall na cathrach siar Cois Fharraige, gan aird ar bith ar an dochar a dhéanfadh sin ó thaobh na pleanála de agus freisin ó thaobh fhorbairt agus chomhdhluthú na bpobal Gaeltachta féin. Rinneadh 'margadh oscailte' den Ghaeltacht go léir gan aird fiú amháín ar riachtanais tithíochta na glúine óige a bhí ag fanacht sa bhaile. Tá an poinnte sroichte anois againn gur mó an seans atá ag Béarlóirí bhruachbhaile Chnoc na Cathrach guth a chur isteach ar Bhord Údarás na Gaeltachta ná na pobail fhíreanneacha Ghaeltachta – ó Oileáin Árann go Ceathrú Thaidh go Ráth Chairn na Mí. Bhí an scéalsách dona cheana féin idir oidhreacht Lindsey i mBéal an Mhuirthead agus Acaill, oidhreacht Pha O’Donneall sa Chlochán Liath, gan trácht ar oidhreacht 'Ghaeltachta' Thom O Donnell sa Mhumhain.

Is gearr uainn toghchán an údaráis. Ach an athrófar teorannacha na Gaeltachta sar a mbeidh an vótáil ann? Tá níos mó vótaí i gCnoc na Cathrach ná mar atá sa gCeathrú Rua.

Tá a dóthain vótaí thart ar chathair na Ghaillimhe anois chun ar a laghad duine den triúr guth atá ceadaithe don Ghaeltacht i nGaillimh/Maigheo/An Mhí ar Bhord an Údaráis a thoghadh.

Tuigim níos fearr ná go leor daoine b'fheidir an deacracht a bhaineann leis an gceist seo, go háirithe i gcás Aire cosúil le Michael D. Higgins, a bhfuil cáil an macántachta air agus ar mhaith leis a cheapadh go bhfuil an rud ionraic ar bun aige de ghnáth. Mar shoceolái tá tuiscint nach beag aige, nó ba cheart go mbeadh, ar castacht na bpátrún teangeolaíochta sa taobh seo domhain agus an coimhlint seanbhunaithe atá idir riachtanais forbartha eacnamaíochta, a bhfuil an brabach mar Dhia acu agus fadhbanna pleanála pobail Chois Fharraige.

Tá ceangal reachtúil ar Údarás na Gaeltachta cheana féin leis an nGaeilge a fhorbairt agus a bhuanú sa Ghaeltacht - go háirithe trína cur in úsáid ina gcuid imeachtaí forbartha go léir. Ach cá bhfágann seo an Earnáil Phoiblí sa Ghaeltacht agus na dreamanna stáit ar fad atá ag plé leis an Ghaeltacht? Ní féidir freagra macánta a thabhairt ar an gceist sin ach an oiread gan choinníollacha réasúnta loighiciúla simplí a bheith ag baint le cáilíocht mar phobal Gaeltachta. Agus dá bhrí sin, tá gá i gcónai le monatóireacht ar an scéal agus sainmhínithe dochta macánta faoin rud is 'Gaeltacht' ann. Ní féidir sin a dhéanamh gan scrúdú speisialta láithreach, sa gcaoi is gur féidir rogha a thabhairt do phobail áirithe teacht isteach sa chlub nó é a fhágáil idir seo agus an chéad toghchán Údaráis eile. An rud nach féidir a dhéanamh ná neamhaird a dhéanamh den scéal arís nó iarracht a dhéanamh an scrúdú a chur siar go dtí tar éis an toghcháin!

An tÚdarás, Rialtas Áitiúil & Teorainneacha na Gaeltachta