Skip to main content

Éamonn Ó Cúiv, T.D. – Agallamh

 [Gan Teideal]

Donncha Ó hÉallaithe

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1997. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Achoimre ar agallamh a thug Éamonn Ó Cuív T.D. do Dhonncha Ó hÉallaithe, tús Meán Fómhair. Labhraíonn sé faoi na cúraimí atá air mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon. Oidhreacht, Gaeltacht agus Oileáin; faoin méid atá leagtha amach aige le déanamh faoi stádas na Gaeilge; faoi theorannacha na Gaeltachta; faoi mhíchothromaíocht forbartha i gConamara; faoin mbealach a bhfuil RnG agus RnaG ag cliseadh ar phobail na Gaeltachta agus faoi roinnt nithe eile.

Donncha: Cén freagracht go díreach a bheas ort, mar Aire Stáit sa Roinn Ealaín, Oidhreacht, Gaeltacht agus Oileáin.

Éamonn: Bhuel is dócha gurb é an bealach is simplí lena chur ná go mbeidh na freagraíochtaí ar fad orm a bhíodh ar Aire na Gaeltachta cheana, sé sin maidir le cúrsaí na Gaeilge agus cúrsaí na Gaeltachta. Beidh freagracht orm freisin i dtaobh na n-oileán, nach oileáin Gaeltachta iad. I gcás Árainn, bheidh freagracht orm i leith farantóireachta, rud nach mbíodh faoi Roinn na Gaeltachta. Thairis sin beidh baint agam le cúrsa craolacháin Gaeilge, sé sin TnaG agus RnaG, agus freisin beidh mé ag comhoibriú le mo chol ceathrar maidir le cúrsaí na gceantracha oidhreachta agus caomhnaithe.

Donncha: Bhí tú an-ghéar ar an rialtas deireannach mar gheall ar an mbealach a raibh an Ghaeltacht báite taobh istigh de Roinn mhór nua agus go mba chóir go mbeadh Roinn na Gaeltachta mar Roinn aisti féin. An mar sin a bheas?

Éamonn: Bhuel, ní mar sin go baileach a bheas. Beidh an Roinn Ealaín, Oidhreacht, Gaeltacht agus Oileáin ann, agus níl sé mar a dúirt muid a bheadh sé roimh an toghchán.

Donncha: Cén fáth?

Éamonn: Bhuel, sin cinneadh a rinne an Taoiseach. É sin ráite, is dócha go bhfuil sé thar a bheith soiléir go bhfuil freagreachtaí faoi leith an-chinnte leagtha ormsa i dtaobh na Gaeltachta 's i dtaobh na Gaeilge...Bhíodh mise thar a bheith casaoideach agus b'fhacthas dom go raibh an ghné Ghaeltachta agus an ghné Ghaeilge ag lagú ó thaobh cúrsaí airgid agus ó thaobh stádais de agus nach raibh sé le feiceáil ag an bpobal mar aonad faoi leith taobh istigh den Roinn. Tá i gceist agam go mbeidh sé fíor-shoiléir cá bhfuil an chuid den Roinn atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus atá bainteach leis an nGaeilge, agus cá seasann sé ar ceisteanna áirithe.

Donncha: Céard a chiallaíonn an Ghaeltacht dhuitse?

Éamonn: Ciallaíonn an Ghaeltacht domsa na ceantracha sin go mbíonn na cruinnithe pobail i nGaeilge - cruinnithe mar shampla, faoi scoileanna, faoi bhóithre agus i gcás na polaitíochta, cruinnithe cumann. Sé sin ceantracha gurb í an gnáth-theanga do chuid mhór den phobal, an Ghaeilge.

Anois ar an imeall, ar ndóigh, tuigeann muid go bhfuil meath an-mhór tagtha ar an stáid sin. Ainneoin nach bhfuil an meath sin chomh mór ó 1926 is a bhíonn daoine á rá, scaití. Ach sin ceist go gcaithfidh mise díriú air mar aire, sé sin teorann na Gaeltachta.

Donncha: An gcreideann tú go mba chóir go mbeadh cuid de Chathair na Gaillimhe sa nGaeltacht, mar atá?

Éamonn: Beidh an cheist sin dhá phlé agus ní dhéanfar an cheist a sheachaint. Tá roinnt áirthid smaointe i mo chloigeann agam. Tá mé plé na gceisteanna sin leis an Stát Sheirbhís faoi láthair na huaire. Mar is eol duit, bhí roinnt oibre déanta ag an iar aire (Michael D. Higgins T.D.) ar an gceist seo. Mar shampla, bhí tairiscintí lorgaithe aige maidir le staidéar a dhéanamh ar theorannacha na Gaeltachta. Tá an scéal sin ar fad á bhreithniú agus is féidir leat a bheith cinnte go mbeidh rud éigin dearfach á dhéanamh i dtaobh na ceiste.

An rud a bheidh le déanamh ná déanamh cinnte dhó go bhfreastalaíonn an staid a bheidh ann ar an bhfírinne mar atá sé, agus ar an dtaobh eile den scéal, nach gcuirfidh sé Gaeilgeoirí díograiseacha faoi mhíbhuntáiste agus go mbeidh muid fírinneach - sé sin nach cur i gcéill a bheidh ann.

Donncha: Céard é an difríocht idir Tír Oileáin i gcathair na Gaillimhe agus Tamhlacht i mBaile Átha Cliath?

Éamonn: An cheist atá ann ar bhealach ná céard í an difríocht b'fhéidir, idir Cathair na Gaillimhe thrí chéile agus cathair Bhaile Átha Cliath, agus an rud amháin a chreidim faoi chathair na Gaillimhe ....

Donncha: Tá tú ag rá go mba cheart stádas teanga faoi leith a thabhairt do chathair na Gaillimhe?

 [Gan Teideal]

Eamonn: Is rud é sin atá luaite agam go minic cheana. Mar chathair, sí an chathair is gaire do phríomh cheantar Gaeltachta. Tá an t-uafás daoine de bhunú na Gaeltachta ina gconaí sa gcathair anseo. Tá rud eile go gcaithfidh muid díriú air i dtaobh na cathrach seo; sé sin siopaí, bancanna, seirbhisí rialtais, oifigí rialtais, comhairle contae srl. Tá gá go mbeidh freastal le fáil iontu siúd trí mheán na Gaeilge. Mar sin caithfidh muid féachaint cén chaoi gur féidir leis an gcathair seo freastal go cóir agus go féaráilte ar an nGaeltacht. Mar sin is dóigh liomsa go gcaithfidh muid breathnú, ní ar cheantar amháin sa gcathair thar aon cheantar eile sa gcathair, ach sílim féin go gcaithfidh muid breathnú ar an gcathair seo mar áit speisialta.

Donncha: An mbeidh vóta ag na daoine abair i dTír Oileán, Seacrest, Cnoc na Cathrach sa chéad toghchán eile do Údarás na Gaeltachta i 1999.

Éamonn: Beidh mé ag breathnú Acht an Údaráis agus sílim go bhfuil ceist le freagairt mar go bhféadfadh sé tarlú go mór mhór sa gcéad toghcháin Údaráis eile go mbeadh níos mó vótaí mar shampla ag vótáilithe Chathair na Gaillimhe thar mar a bheadh ag pobal Gaeilge Chonamara. Is dóigh liomsa go gcaithfear díriú ar an gceist sin agus beidh an cheist sin dhá scrúdú sa scrúdú bheas ar bun.

Cearta Teanga sa Ghaeltacht

Donncha: Nach é firinne an scéil, th'éis go bhfuil go leor eagraíochtaí éagsula ag plé le ceist na Gaeilge, go bhfuil daoine sa nGaeltacht fágtha, gan chomhairle ná cúnamh ná cearta, agus iad ag iarraidh déileáil le fadhbanna teangan sa phobal. An ndéanfaidh tusa rud éigin faoi sin?

Éamonn: Tá i gceist é a dhéanamh tríd an Roinn. Tá i gceist againn na cearta sibhialta a thabhairt do lucht leanúna na Gaeilge sa tír seo - sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Donncha: An bhfuil sé i gceist idirdhealú a dhéanamh idir na cearta teanga taobh istigh den Ghaeltacht agus na cearta teanga i dTallaght agus Ballyfermot.

Éamonn: Caithfear idirdhealú phraicticiúil a dhéanamh ...

Donncha: An mbeidh sé san Acht Teanga?

Éamonn: Caithfidh sé bheith san Acht. Tá muid ag scrúdú an chaoi a bhfuil an rud le scríobh sa dlí agus tá an-spéis againn mar shampla ar an gcaoi go ndéantar déileáil le rudaí sa mBreatain Bheag mar tá idir ceantracha Breatnaise agus Béarla acu agus is dóigh liom go bhfuil an-taithí acu siúd ar an bhfadhb seo agus tá an dul chun cinn déanta acu leis…

 An tAire Stáit Éamonn Ó Cuív ag tabhairt treoracha dá rúnaí, Máirín Ní Choistealbha.

An tAire Stáit Éamonn Ó Cuív ag tabhairt treoracha dá rúnaí, Máirín Ní Choistealbha, san oifig atá aige i nGaillimh. Is as an gCoill Rua do Mháirín.

Níl aon mhaith domsa mar Aire a bheith ag leagan síos rialacha agus ag leagan síos treoracha agus ag rith dlíthe nach bhfuil sé indéanta iad a chur i bhfeidhm....m.sh. i láthair na huaire ní bheadh sé réasúnta ní bheadh sé réalaíoch ach oiread go rithfí dlí, dá bhféadfaí dlí a fháil thríd an Oireachtas, go gcaithfeadh chuile státsheirbhíseach agus chuile sheirbhís poiblí bheith in ann an Ghaeilge a labhairt leis an bpobal agus bheith in ann freastal orthu i nGaeilge. B'fhéidir go mba cheart gur mar sin a bheadh sé ach ní amhlaidh a bheidh agus an té a rithfeadh dlí mar sin bheadh sé briste an lá dár gcionn. Ní fhéadfaí a chur i bhfeidhm agus mar sin ní bheadh aon chiall leis.

Cúrsaí Craolacháin

Donncha: Dúirt tú go mbeidh dualgaisí craolacháin Gaeilge fút. Tá TnaG ar an aer le beagnach bliain. An bhfuil tú sásta leis an méid atá bainte amach ag TnaG ag an bpointe seo.

Éamonn: Caithfidh mé a rá ar an gcéad dul síos nach raibh TnaG againn sa teach go dtí coicís roimh an toghchán agus ón méid dhó atá feicthe agam ó shin caithfidh mé a rá gur iontach an rud é go bhfuil sé ann. Bhí fadhbanna móra ann ag an tús maidir le cúrsaí tarchuradóireachta agus fáil na seirbhíse agus mar sin de...Tá cuid de na fadhbanna sin ann i gcónaí agus beidh an cheist sin dhá phlé.

Is dóigh liom ó thaobh daoine a mhealladh le haerógaí a fháil, deineadh an-jab nuair a cuireadh na cluichí ceannais (All lreland Gold) ar fáil. Ba íontach seiftiúil an bealach é sin le daoine a mhealladh le teacht ar an teilifís.

É sin ráite, dar liomsa go gcaithfear scrúdú a dhéanamh ar dhá rud. Ar an gcéad dul síos, caithfidh muid breathnú ar na ceantracha nach bhfuil sé acu - tá ceantracha mar sin ann i gcónaí. Freisin is dóigh liom go gcaithfidh muid breathnú ar na ceantracha a bhfuil sé le fáil ach fós féin go bhfuil roinnt mhaith den phobal nach bhfuil ag bacadh é a fháil agus sa mhullach ar sin caithfidh muid a dhul ar ais ag na comhlachtaí éagsúla M.M.D.S. agus déanamh cinnte dhó go mbeidh sé riachtanach dóibh é a iompar. Ba dearmad mór dár liomsa nach raibh iallach ar na comhlachtaí sin...Tá súil agam go mbeidh muid in ann é sin a réiteach.

An laige is mó atá ag TnaG faoi láthair agus b'fhéidir go mbaineann sé leis an leagan amach atá ar an teilifís - cláracha ceannaithe ar chonradh ar fad agus ag brath ar RTÉ le cúrsaí reatha. Creidim go bhfuil tóir sa nGaeltacht go mór mhór ar níos mó spleodair i gcúrsaí reatha, níos mó láithreachais más féidir liom é sin a rá. Ní dóigh liomsa go mba cheart cosc iomlán a chur ar TnaG cláracha a dhéanamh iad féin...Más rud é nach féidir leo tairiscintí feiliúnacha a fháil ar chúrsaí reatha - cúrsaí an phobail, cúrsaí a bhaineann le daoine go ginearálta – ní fheicim cén fáth go mbeadh cosc iomlán orthu na cláracha sin a dhéanamh iad féin.

Donncha: An bhfuil tusa sásta an cosc sin a bhaint?

Éamonn: Rud ar bith a dhéanfaidh mise i gcúrsaí craolacháin beidh mé dhá dhéanamh i gcomhairle leis an Aire...Beidh cúrsaí airgid ar ndóigh i gceist ach ní dóigh liomsa go mba cheart go mbeadh cosc ar rud ar bith a chuirfeadh feabhas ar an t-seirbhís ...

Ó thaobh lucht féachana dhe is cosúil go bhfuil ag éirí i bhfad níos fearr leis ná Radio lreland agus is mór an mhaith é sin agus níl mé dhá rá sin le droch mheas ar Radio Ireland ach le fíor mheas ar TnaG. Ach níl a fhios agam an bhfuil an tionchar aige i bpobail Ghaeltachta agus a bhí daoine ag súil leis. Creidim go gcaithfidh muid díriú ar an gceist sin...

Donncha: Tháinig athrú mór ar sceideal Raidió na Gaeltachta anuraidh. Cuireadh deireadh leis na hirischláracha Gaeltachta. An gceapann tú go mba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin?

Éamonn: Anois sílim féin go gcaithfidh muid a thuiscint go bhfuil an chontúirt ann go dtitfidh Raidió na Gaeltachta idir dhá stól, sa méid is go bhfuil iomaíocht fíor ghéar anois ón stáisiún tráchtála áitiúla ar nós Highland Radio, Galway Bay FM, Mid WestRadio...Theip glan ar Radio Ireland ach tá ag éirí thar cinn leis na stáisiúin áitiúla, go mór mhór ag an am sin den lá go bhfuil siad ag caint faoi fhadhbanna áitiúla, raiceanna áitiúla, réabadh áitiúl.

Níl aon rud mícheart leis an áitiúlachas agus mar sin beidh súil agam go mbeidh Radio na Gaeltachta sásta breathnú ar an gceist seo as an nua...Is léir óna figúirí éisteachta, ón stáisiún tráchtála go bhfuil éileamh dochreidthe sa tír seo ar nuacht áitiúil, ar raic áitiúil, ar scéalta áitiúla agus ar spóirt áitiúl agus caithfidh RnaG díriú ar sin.

An Gúm le Bogadh go Ros Muc?

Donncha: Le teacht go cúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht. Tá éagothromaíocht mhór idir áiteacha - go leor postanna i gCois Fharraige agus áiteacha eile fágtha ar an ngannchuid, mar shampla Rosmuc. Gheall an t-Aire a bhí romhat go ndéanfadh sé "rud mór" do Ros Muc. Bhuel ní dhearna. An bhfuil tusa sásta "rud mór" a dhéanamh do Ros Muc?

Éamonn: Ar an gcéad dul síos thiocfainn leat. Tá an t-úafás daoine as Camus, Ros Muc, as na hOileáin, Árainn, Leitir Móir, Leitir Mealláin, Tír an Fhia ag tarraing aniar is ag cur fúthu i gCois Fharraige...Mar is eol duit scríobh mise polasaí a bhí ag díriú ar an gceist seo...

Ceann de na rudaí a bheidh mé ag plé leis an Údarás - cén chaoi gur féidir linn rud éigin mór a dhéanamh do na ceantracha atá ag cailleadh daonra agus ar ndóigh beidh Ros Muc go hard ar an liosta sin. Tá an ceantar sin bánaithe. Ceantar fíor Ghaelach é; ceantar a bhfuil an pobal é féin le cúig nó sé de bhlianta anuas tar éis an-teacht aniar a dhéanamh ach teastaíonn tacaíocht stáit sa lá atá inniu ann. Ní féidir leo iad fhéin a shábháil.

Tá jabanna in áiseanna eile stáit ann a fhéadfaí a chur i gceantracha Gaeltachta. An bhfuil muid sásta mar shampla cuid den chúram leighis a thabhairt ar ais go dtí na pobail nó an bhfuil muid ag dul ag leanacht don pholasaí, na sean daoine a chur go Baile Locha Riach?

Ceist níos leithne í ná a rá leis an Údarás, tóg monarchan 'screwdriver' i Ros Muc agus sin muintir Ros Muc sásta. Má bhíonn formhór de mhuintir na Gaeltachta ag fáil oideachais 3ú leibhéal agus beidh, caithfidh muid postanna 3ú leibhéal a chur ar fáil sa nGaeltacht.

Donncha: Má tá an Gúm le dílárú is tá caint air anois le cúpla bliain, an mbeadh tusa sásta é a dílárú go Ros Muc?

Éamonn: Mar is eol dhuit thóg mise an cheist go minic sa bhfreasúra faoin nGúm agus an freagra a tugadh dhom i gcónaí ná go raibh comhráití ar bun idir an Roinn Ealaín, Cultúir agus Gaeltachta agus an Roinn Oideachais. Tá i gceist agam anois tabhairt faoin gceist sin agus fáil amach go díreach cá seasann ceist an Ghúim agus céard atá i gceist a dhéanamh leis.

Tá ceist níos leithne ann ar ndóigh ar nós go leor de na ceisteanna seo. An bhfhágfar mar chuid de roinn stáit é; an ndéanfar é a fhorbairt mar ní leor an Gúm mar atá sé faoi láthair na huaire. Ceist eile a éiríonn as sin ná soláthar téacsleabhar agus shamhlóinn mar shampla má tá muid ag breathnú ar cheist na dtéacsleabhar go bhfhéadfadh sé go mbeadh Ros Muc thar a bheith feiliúnach le bheith mar ionad na dtéacsleabhar agus leabhair Ghaeilge...Bheadh mé an-fhábharach breathnú ar institúid mar sin a thabhairt go Ros Muc.

Donncha: Má tá 4 bliana agat mar Aire Stáit na Gaeltachta, céard ar mhaith leat a bheith bainte amach agat ag deireadh do thréimhse?

Éamonn: Bhuel is dóigh liomsa ag teacht isteach sa job seo go raibh sé ráite b'féidir níos soiléire ná mar a dúradh ariamh céard a bhí i gceist a dhéanamh. Ní dóigh liomsa gur cuireadh polasaí chomh cuimsitheach Gaeilge agus Gaeltachta in aon manifesto páirtí riamh.

Séard ar mhaith liomsa go mbeadh sibh ag rá nuair a bheadh mé fágtha, go ndearna mé an méid a dúirt muid a bheadh le déanamh beag nó mór agus tuilleadh lena chois, agus go bhfeicfí gur tugadh faoin jab le fuinneamh agus le héifeacht agus gur baineadh rudaí amach ar an dtalamh.

Anois rud amháin a thuigimse mar pholaiteoir, ní fada an t-achair é 4 bliana ná 3 bliana nó cé brí cén fhad a bhíonns tú i rialtas...Más rud é go bhfuil argóintí fánacha faoi rudaí fánacha ar chuile choiscéim den bhealach, ní bhainfear tada amach. Beidh mé ag braith go mór ar dea-mhéin an phobail le gníomh a dhéanamh agus go mbeidh tacaíocht leis na cinnithe, cuid a bheas crua le tógáil.

Donncha: An mba mhian leat a bheith i do Thaoiseach amach anseo?

Éamonn: An chaoi a raibh sé liomsa ariamh agus an dearcadh atá agam faoin saol níl an fhís ag éinne againn céard atá romhainn agus ní duine mé a bhreathnaíonns amach romham ar an mbealach sin. Sé an dearcadh atá agam faoin saol, jab an-mhaith a dhéanamh san áit ina bhfuil mé. Tá mé mar Aire Stáit na Gaeltachta anois agus tá i gceist agam jab chomh maith agus is féidir liom a dhéanamh sa jab sin agus cé brí céard a thárlaíonns amach anseo sin scéal le h-aghaidh lá eile. Ach bheadh súil agam ar an gcéad dul síos go mbeadh sibh ag rá, nuair a bheadh an jab seo críochnaithe, gur jab maith a rinne mé dhó.

Donncha: Go n-éirí sé leat.

Éamonn: Go raibh maith agat.