Skip to main content

Agallamh le Mícheál Ó Móráin

 Mícheál Ó Móráin.

Mícheál Ó Móráin

Peigí Ní Chonghaile

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1991. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Chaith Micheál Ó Móráin 17 mbliain ar Chomhairle Chondae na Gaillimhe mar chomhairleoir de chuid Fhianna Fáil do thoghcheantar Chonamara. Níor sheas sé sa toghchán deireanach don Chomhairle Chontae. San agallamh seo le Peigí Ní Chonghaile, léiríonn sé a intinn ar go leor ceisteanna móra.

Peigí: Cén bhliain ar toghadh tú ar an gComhairle Contae ar dtús, a Mhichíl.

Micheál: i 1974.

Agus cérbh iad na Comhairleoirí eile a bhí ann in éineacht leat an t-am sin?

As Conamara bhí Micheál Ó Flatharta (Miko Sally) as an gCeathrú Rua agus Gearóid Mac Párthaláin (Gerald Bartley) as an gClochán agus Seán Ó Mainnín as an gClochán. Ní raibh ann ach ceathrar Comhairleoir don cheantar seo an t-am sin. Athraíodh é ansin go gairid ina dhiaidh sin agus cuireadh cúigear isteach ann ach an uair sin thóg muid trí shuíochán – thóg Fianna Fáil trí shuíochán as na ceithre cinn.

Cé aige a bhí an ceathrú ceann?

Ag Seán Ó Mainnín, Fine Gael sa gClochán.

Cén difríocht a d'airigh tú idir a bheith i do Chomhairleoir ag an am sin agus sna blianta a raibh tú ag críochnú?

Bhuel, nuair a chuaigh muide isteach ar an gComhairle an chéad uair, an dtuigeann tú, bhí sé de cheart ag na Comhairleoirí agus ag an gComhairle Contae rátaí a leagan síos don chontae agus ar an mbealach sin bhí cinnteacht airgid ann ach athraíodh é sin tar éis seacht nó hocht de bhlianta a raibh mé ar an gComhairle agus gearradh amach na rátaí ar fad agus bhí muid i dtuilleamaí déirce ó shin i leith. Bhí muid ag brath ar gheallúint a tugadh do na Comhairleoirí an t-am sin go dtabharfadh an rialtas láir iomlán an airgid a bheadh i dteideal rátaí do na Comhairlí Contae ach athraíodh an dlí sin arís go gairid ina dhiaidh sin agus ní raibh ann ach go dtabharfaí airgead dóibh de réir mar chreid an rialtas go raibh sé ag teastáil uathu.

An bhfuil tú ag rá mar sin go raibh níos mó cumhachta ag an gComhairle Contae nuair a bhí tusa mar Chomhairleoir ar dtús ná sna blianta deireanacha?

Bhí. Bhuel má tá airgead i do phóca tá tú in ann rud éigin a dhéanamh leis ach má tá tú ag brath ar dhéirce nó gnaoiúlacht na muintire nó má tá tú ag brath ar do chuid tuismitheoirí pingineacha a choinneáil i do phóca ní thabharfaidh siad duit ach de réir mar atá siad in acmhainn é a thabhairt duit agus is é an cleas céanna leis an rialtas áitiúil faoi láthair é.

An gceapann tú go dtiocfaidh na rátaí ar ais nó go dtiocfaidh córas éigin ar ais a mbeifear ag bailiú táillí áitiúla arís?

Brathann sé sin dáiríre ar cé chomh tábhachtach is atá cúrsaí rialtas áitiúil i stair na tíre seo nó i dtuiscint an rialtais. Nó go mbeidh neamhspleáchas ag na Comhairlí Contae ón rialtas láir ina gcuid caiteachais agus ina gcuid foinsí airgid ní bheidh córas rialtas áitiúil fiúntach i mo thuairimse sa tír seo go deo aríst.

Tiocfaidh muid ar ais chuige sin arís. Cén difríocht a bhí ann ó thaobh stádas Chonamara ag an am - táthar ag tabhairt súntas mhór anois do Chonamara mar cheantar Gaeltachta agus na deacrachtaí atá ag an gceantar ar an taobh seo den Choirib, an rabhthas ag tabhairt an aitheantais chéanna don cheantar i 1974?

Níl a fhios agam. Tá an cheist sin lódáilte agus an-lódáilte. Ba mhaith liom a cheapadh nó ba mhaith liom a bheith den tuairim gur chruthaigh muid tábhacht Chonamara. An bhliain sin go háirithe bhí an-chontúirt ann go gcaillfeadh Fianna Fáil a smacht ar an gComhairle Contae mar a chaill siad ina dhiaidh sin i dtoghcháin le mo linn-se agus mar a chaill siad san toghchán deireanach seo ach san am sin d'éirigh linne trí cinn as na ceithre shuíochán a thógáil rud a chinntigh go raibh móramh ag Fianna Fáil. Ach níl a fhios agam ar agamsa atá é a rá ach creidim gur chruthaigh Miko Sally agus mé féin agus Gerald Bartley, agus Nioclás a tháinig ina dhiaidh sin agus Tom Welby - gur thug muid poiblíocht do na deacrachtaí a bhí ag Conamara agus is cinnte go raibh muid i gcónaí ag gleo faoi chúrsaí bóithre nuair nach raibh mórán aird á thabhairt orainn - nuair nach raibh aon aird ag na páipéir orainn ná ag an raidió ná ag aon duine eile. Bhí muid i gcónaí ag troid faoi chúrsaí bóithre agus na deacrachtaí a bhí le sárú faoin mbaill a bhí ar ghutháin agus ar chuile rud eile.

Bhuel, an gceapfadh tú go bhfuil an pobal féin níos eolaí anois faoi cheard atá uathu nó faoi chéard ba chóir a bheith acu, cuir i gcás, an eagraíocht pobail Cumhacht agus cuir i gcás Coiste Forbartha Charna féin, is eagraíocht an-láidir anseo iad agus tá siad ag cuartú níos mó seirbhísí chuile lá don cheantar seo - an gceapann tú go bhfuil an pobal níos eolaí anois ná mar a bhí siad an t-am sin nó céard í an difríocht atá tarlaithe?

Tá an cheist sin suimiúil ach mar fhreagra uirthi ba mhaith liom an méid seo a rá: Bhí coistí pobail i gConamara tá suas le, arís taispeánann sé cé chomh sean agus atá mé, deich mbliana fichead ó shin a bhí ag lorg agus ag gleo agus ag iarraidh na rudaí ceanann céanna. An t-aon difríocht a bhí ann agus atá ann faoi láthair ná go bhfuil tacaíocht an mhedia ag Cumhacht agus ag na coistí pobail anois. Tá mé cinnte nach bhfuil aon phobal i gConamara faoi láthair nach raibh daoine ann a bhí chomh gníomhach in imeachtaí an phobail nuair a bhí mise ag éirí suas - tá mé ag caint anois siar thart ar 1959/1960 agus bhí na toscaireachtaí agus bhí na heagraíochtaí agus bhí na hiarrachtaí céanna ar siúl san am sin ach ní bhfuair muid riamh an tacaíocht ón media atá faighte ag na heagraíochtaí atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas.

Ach is dócha nach raibh sí ann – an tacaíocht ag an am. Ní raibh Raidió na Gaeltachta ann ag an am agus ní raibh irisí áitiúla ann ag an am, an raibh?

Ó bhí, bhí go leor irisí áitiúla ann más buan mo chuimhne ag an am, ach dáiríre ba irisí agóidíochta iad agus faoi láthair fiú amháin tá slant ar an media agus má smaoiníonn tú air le linn an tsamhraidh seo bhí ócáid an-stairiúil ar an gCeathrú Rua i dtús mhí Meithimh seo caite nuair a hordnaíodh duine den phobal ina shéipéal féin ar an gCeathrú Rua agus cés móite don tagairt agus don chlúdach a rinne Raidió na Gaeltachta dó sin níor labhair an páipéar -an príomh-pháipéar nuachta áitiúil – ní dhearna siad fiú amháin a ainm a lua ar an bpáipéar

Ag dul ar ais go dtí an Chomhairle Contae agus stádas Fhianna Fáil faoi láthair, mar a dúirt tú i 1979 bhí ceithre shuíochán agaibh agus dhá shuíochán a baineadh amach sa toghchán deireanach, cén mhíniú a thabharfá air sin nó céard a thug an scéal sin chun cinn?

Is dócha an phríomhdheacracht a bhí ag Fianna Fáil sa toghchán seo ná gur toghchán lártéarma dála a bhí ann agus má bhreathnaíonn tú ar chúrsaí staire toghchánaíochta feicfidh tú i ngach uile cheann beo acu go bhfaigheann páirtí an rialtais nó páirtí an chomhrialtais – go bhfaigheann siad sliseáil sna toghcháin sin i gcónaí. Bhí deacracht eile le sárú ag Fianna Fáil, sé sin, go gcreidim go raibh easaontas áirithe taobh istigh den pháirtí de thoradh an chinneadh comhrialtais a déanadh suim beag blianta ó shin ann agus go mb'fhéidir go raibh páirt le plé aige sin sa toghchán seo. Bhí deacrachtaí eile ins gach ceantar i gConamara. Nuair a d'éirigh linne trí shuíochán a thógáil as na cheithre cinn d'éirigh linn chuile cheantar de Chonamara a chur ag gníomhú go han-láidir. Bhí chaon duine den triúr againn ag seasamh don chéad uair agus ar an mbealach sin déarfainn gur éirigh linn b'fhéidir tacaíocht na ndaoine a thabhairt linn níos fearr ná d'éirigh le Fianna Fáil an iarraidh seo.

Bhuel, ag caint ar sin, tá tusa ag rá gur mar gheall gur toghchán lártéarma, lár Rialtais agus easaontas sa bpáirtí é – an gceapann tú go bhfuil damáiste déanta don pháirtí anois agus go dtiocfaidh siad ar ais láidir arís nó an gceapann tú go bhfuil neamhspleaigh agus páirtithe beaga eile agus páirtí na heite clé ag teacht chun cinn? An gceapann tú go bhfuil ré Fianna Fáil thart?

Ní ghlacaim leis sin - ní ghlacaim go bhfuil ré na bpáirtithe móra thart. Tá mé cinnte dearfa go bhfuil dream ann gur mhaith leo é sin a chreidiúint ach ní chreidimse é i ndáiríre mar creidim go bhfuil ceacht foghlamtha ag na páirtithe móra anois agus go gcaithfidh siad iad féin a eagrú ar bhealach níos réadúla agus níos tuisceanaí agus go gcaithfidh siad a gcuid teagmhála leis an ngnáth-phobal a choinneáil i bhfad Éirinn níos láidre agus nach bhféadfaidh siad a bheith ag dul thart ag inseacht do dhaoine - go gcaithfidh siad éisteacht leis an bpobal níos mó ná bheith ag inseacht dóibh.

Ag dul ar aghaidh go dtí rudaí eile seachas páirtithe polaitíochta, céard a cheapfá faoi stádas Chonamara féin mar Ghaeltacht faoi láthair i bhfianaise Tuarascáil Bhreandán Uí Eithir agus Reg Hinley agus na tuairiscí eile sin atá tagtha amach le gairid?

Bhuel, déanfaidh mé an fhírinne leat, níor léigh mé ceachtar de na tuairiscí sin atá tagtha amach agus aisteach go leor ghlacfainn ar bhealach go raibh an ceart ag Breandán Ó hEithir. Ach míneoidh mé mar seo é: Creidimse go bhfuil truailliú tagtha ar Ghaeilge na linne seo le hais mar a bhí ann, déarfaidh muid, trí scóir nó ceithre scóir bliain ó shin. Truailliú nádúrtha ar bhealach atá ann sa méid go bhfuil go leor den seandream nach raibh acu ach fíorscoth ghlan na Gaeilge imithe ar shlí na fírinne agus nach bhfuil an téarmaíocht ná an ghlaineacht Ghaeilge fágtha ag daoine mo linne-se ach pé ar bith céard atá acusan nach bhfuil an méid céanna Gaeilge fágtha ag daoine óga agus níl mé ag rá go bhfuil siad ag dul ag iompú in aghaidh na Gaeilge ach is saol eile ar fad é. Sa seanracht, an dtuigeann tú, bhí cruinneas sa gcaint agus bhí caint ann ar mhaithe le píosa deas cainte a dhéanamh - bhí siad in ann snas a chur air, bhí siad in ann culaith ghaisce a chur ar scéal, bhí siad in ann píosa seanchais a dhéanamh agus bhí sé suimiúil ach níl sé d'am againn anois. Níl ann anois ach freagair í yesno.

Cén fáth é sin?

Coimhlint an tsaoil - níl sé d'am againn comhrá a bheith againn le chéile anois. Má théann tú isteach ag cuartaíocht i dteach anois tá do dhá shúil biorraithe ag breathnú ar an mbosca sa gcoirnéal. An t-aon áit anois a bhfaigheann tú seáirse maith Gaeilge agus píosa comhrá agus mar deir muid féin "píosa craic" ná istigh i dteach ósta nuair atá leaid sásta má tá sé ina ghleadhredh báistí é a chaitheamh istigh ag ól - sin é an t-aon áit a bhfuil comhrá anois ann mar níl sé d'am againn comhrá a bheith againn.

Ach céard a fheiceann tú i ndán don Ghaeltacht · an bhfeiceann tusa go mairfidh an Ghaeltacht mar phobal Gaeltachta ar nós mar atá sí faoi láthair nó an gceapann tú go bhfuil sí ag dul i léig faoi láthair, an gceapann tú go bhfuil borradh ar bith inti?

Bhuel, déanfaidh mé an fhírinne leat, cuir an cheist sin orm anois agus déarfaidh mé leat go bhfuil súil agam go mairfidh sí. D'fhéadfá an cheist chéanna a chur orm ar maidin amárach agus déarfainn a mhalairt leat. Níl aon uair dá gcuimhním ar an gceist sin nach dtagaim suas le malairt freagra. Níl a fhios agam, níl a fhios ag aon duine céard a tharlóidh amach anseo.

Céard faoi ó thaobh stáid fostaíochta na Gaeltachta - imirce agus an laghad fostaíochta atá ann nó an cineál fostaíochta atá ann, an gceapann tú gur stáid fholláin í faoi láthair?

Bhuel, arís an dtuigeann tú, níl mise in ann an cheist sin a phlé leat taobh amuigh de mo phobal féin anseo thart ar cheantar Charna agus buíochas le Mac Dé agus go mba fada a mhairfeas sé ní raibh an oiread saothrú sa bpobal seo riamh agus atá ann faoi láthair ach tá muid ag maireachtáil arís ó lá go lá sa méid go bhfuil go leor de na fir óga agus de na mná sa gceantar seo anois ag obair ag plé leis na feirmeacha éisc agus tá siad sin faoi shíor-ionsaí - tá siad faoi ionsaí ag dhá dhream - tá siad faoi ionsaí ag dream a bhfuil a gcuid postanna féin slán sábhailte acu istigh i mbaile mór na Gaillimhe nó thuas i mBaile Átha Cliath agus tá siad in ann a bheith á rá gur mhaith leo "Conamara a choinneáil ina háit ghalánta do na turasóirí agus bíonn sé ag cur isteach ar an dúlra agus ar an timpeallacht agus níor cheart go gcuirfí isteach ar an dúlra agus ar an dtimpeallacht". Ach tugann sé saothrú ...Bhuel níl mise ag rá go bhfuil sé de cheart acu an áit a mhilleadh ná aon dochar fadtéarmach a dhéanamh d'aon cheantar, ach ag an am céanna is breá an rud fir agus mná agus leaids óga a fheiceáil ag obair, ag tógáil tithe anseo thart i gceantar Charna agus ag iarraidh pósadh agus fanacht sa mbaile. Agus an bhfuil siad ag iarraidh áit gan daoine? Má tá, bíodh acu.

Ach an bhfeiceann tú argóint ar bith nó ceart ar bith ag lucht na timpeallachta sna hargóintí a bhíonn siad a dhéanamh…an bhfeiceann tú go bhféadfadh lucht na bhfeirmeacha éisc nó na ESl's agus iad seo uilig agus lucht na timpeallachta a theacht le chéile agus oibriú níos fearr le chéile?

Glacaim leis cinnte dearfa go bhfuil cearta áirithe ag lucht na timpeallachta - níl mé ag rá nach bhfuil ach caithfidh siad an dá rud a mheas. Anois má dhúnann siad síos na feirmeacha éisc seo ar fad - an rud a ghoilleann ormsa déanfaidh mé an fhírinne leat, nuair a fhágfas mé baile mór na Gaillimhe agus nuair a thiocfas mé aníos an bóthar thríd Uachtar Ard agus nuair a fheicim daoine aineolacha agus fógraí crochta ar phollaí telegraph acu ag caint ar Nuvan agus “No Salmon Farms Here” ... tá Nuvan á úsáid sa tír seo le leathchéad bliain nuair atá siad ag caint ar dipeáil caorach suas agus anuas sna sléibhte agus nuair a bhí siad réidh leis an teaincín dip céanna céard a rinne siad leis? Chaith siad isteach ar an talamh é agus chuaigh sé síos agus tháinig sé isteach sna haibhneacha.

Ach nach bhfuil an rud céanna ag tarlú ó thaobh na talmhaíochta agus gach uile rud, nach bhfuil daoine ag fáil i bhfad níos cúramaí ó thaobh na timpeallachta?

Glacaim leis anois go dteastaíonn cúram, níl aon duine ag iarraidh na "mbuachaillí bó" a thiocfas isteach agus a dhéanann truailliú - níl aon duine á iarraidh sin, ach ag an am céanna tá cearta áirithe ag dul don dream a thugann fostaíocht i gConamara agus caithfear glacadh leis go bhfuil an dá rud ann.

Ag dul ar ais go dtí rud eile ó thaobh na Gaeltachta, céard a cheapann tú faoi Theilifís na Gaeltachta?

Ní hí an chéad chloch ar mo pháidrín í, mar déarfá. Is dócha go bhfeilfeadh sé a leithéid a bheith ann agus thabharfadh sé fostaíocht áirithe do dhaoine áirithe in áiteacha áirithe.

Agus ní fheiceann tú aon bhuntáiste ann seachas sin?

Brathann sé. Bheadh an-fhaitíos orm, an dtuigeann tú go dtiocfadh sé amach ina ghléas fógraíochta ag eagraíochtaí nó ag daoine áirithe mar atá ráite i leith eagraíochtaí eile agus cúrsaí eile i gConamara.

Nach gciallaíonn sé sin nár cheart go mbeadh stáisiún teilifíse ná raidió ag dream ar bith ar fhaitíos go mbeadh sé ag déanamh fógraíochta... ?

Sin é an rud, glacaim leis sin.

Céard?

Nár cheart go mbeadh sé ag aon duine.

Ach dá mba stáisiún poiblí a bheadh ann cosúil le RTÉ nó Raidió na Gaeltachta?

Agus an gcreideann tú go bhfuil RTÉ gan locht?

Ní chreidimse go bhfuil rud ar bith gan locht.

Bhuel, sin é an rud atá mé ag rá. An faitíos a bheadh ormsa le haon eagraíocht acu seo go dtiocfaidh "clic" áirithe taobh istigh den eagraíocht mar atá tarlaithe le RTÉ – níl aon chothrom na féinne le fáil ag aon duine eile in RTÉ faoi láthair, tá gach uile rud a théann isteach in RTÉ faoi láthair ag teacht amach agus slant áirithe air. Anois seo é an faitíos atá orm go dtarlóidh an cleas ceanann céanna le Teilifís na Gaeltachta - go dtiocfaidh dream éigin a thiocfas isteach air agus a gheobhas greim air agus nach mbeidh aon duine in ann iad a smachtú. An deacracht a fheicimse, a Pheigí, déanfaidh mé an fhírinne leat, má tá an t-airgead seo le caitheamh ar Theilifís na Gaeltachta, tá mé ag ceapadh go bhfuil rudaí i bhfad Éirinn níos tábhachtaí do phobal Chonamara ná Teilifís Ghaeilge. Anois, dúirt mé "do phobal Chonamara" ...Má tá tú ag caint ar phobal na Gaeilge agus slánú na Gaeilge ansin is ceist náisiúnta í. Glacaim leis má tá muid i ndáiríre faoin nGaeilge gur cheart dúinn Teilifís na Gaeltachta a bheith againn.

Ach ó thaobh na Gaeilge, nach í an rud í a thugann aitheantas do phobal Gaeltachta agus nár cheart go ndéanfaí iarracht an Ghaeilge bheo atá acu sin a choinneáil slán. Nach bhfuil sé tábhachtach go bhfeicfeadh gasúir bheaga an Ghaeilge ar an teilifís chomh maith leis an mBéarla. Go bhfeicfidís Gaeilge bheo bhríomhar ar an teilifís chomh maith le Béarla?

Tá, tá tábhacht léi ar an dá rud ach déarfainn féin nach grá don Ghaeilge a choinníonn Gaeilge ag muintir Chonamara. Níl ann ach modh cumarsáide. Dá dtógfaí le Fraincís muid, ní chreidimse i mo chroí istigh go ndéanfainnse an oiread d'iarracht agus a theastaíonn le glan Ghaeilge a fhoghlaim marach gur éirigh liom gur rugadh anseo i gConamara mé agus gur tógadh le Gaeilge mé sa timpeallacht ... gur tógadh i dtimpeallacht na Gaeilge mé.

Ach nár cheart go dtabharfá faoi deara mar sin go bhfuil tábhacht léi agus gur cheart go ndéanfaí iarracht go gcaomhnófaí í mar theanga pobail, ní mar theanga acadúil nó an teanga a bheas sna leabhair amach anseo?

Ach tá an bhróg ag luí i bhfad níos géire agus níos gaire ar chúrsaí eile ná mar atá ar cheist na Gaeilge. Tá mise mar shiopadóir ag brath ar an bpobal. Mura bhfuil an pobal in acmhainn maireachtáil ar chaighdeán áirithe is cinnte nach mbeidh mise in ann maireachtáil ar chaighdeán áirithe. An dtuigeann tú, an cheist bhunúsach atá ann don ghnáth dhuine i saol na linne seo ná cé as a dtiocfaidh an chéad chrústa eile agus glacaim leis gur álainn an rud slánú na Gaeilge ach creidim gurb í an gad is goire don scórnach ag pobal ar bith in Éirinn inniu - cé as a dtiocfaidh airgead le haghaidh béile na seachtaine seo chugainn a cheannacht?

Aontaím leat agus tá sé sin fíor ach bhí an Ghaeilge saibhir fiú amháin nuair a bhí na daoine i bhfad i bhfad níos boichte ná mar atá siad faoi láthair?

Glacaim leis sin ach bhí an deacracht chéanna acu agus ní raibh an t-athrú tagtha agus ní raibh an t-ionsaí chomh géar ar ann Gaeilge agus arís go bunúsach níl sa nGaeilge, ach go háirithe don ghnáthdhuine, ach modh cumarsáide. Ní labhraíonn aon duine Gaeilge i gConamara faoi láthair ar mhaithe le £10 rialtais.

Ach tá níos mó inti ná modh cumarsáide, tá compóird inti do na daoine atá in ann Gaeilge a labhairt lena chéile, go dtuigeann siad a chéile...nach bhfuil sé sin inti?

Sea, ach nach mbeadh sé sin acu dá mbeadh siad ag labhairt Fraincise?

Dá mbeidís tógtha le Fraincis bheadh, ach níl siad tógtha le Fraincís, tá siad tógtha le Gaeilge.

Aontaím leat. An faitíos atá orm go bhfuil iarracht á dhéanamh an Ghaeilge a úsáid mar mhodh saothrú beatha don ghnáthdhuine. Tá daoine ag dul thart ag iarraidh an Ghaeilge a dhíol, gur féidir, déarfaimid, trí pingne a chur ar an bpionta sa Ghaeltacht mar gheall go ndéantar freastal ort trí Ghaeilge, seo é an faitíos atá orm.

Ach nach bhfuil sé sin ann le blianta - nach é sin an polasaí rialtais a bhí ann ón lá ar leagadh síos an stát - go raibh deontais speisialta don Ghaeltacht agus go raibh cearta speisialta ann ó thaobh tithíochta agus scrúduithe srl?

Agus ar éirigh leis?

Níor éirigh ach nach shin é b'fhéidir an fáth go dteastaíonn rud éigin cosúil le Teilifís Ghaeltachta anois nó rud éigin difriúil, nua? Ní bheadh sé ag cosaint tada ar mhuintir na Gaeltachta ach b'fhéidir cúpla punt breise ar cheadúnas teilifíse nó rud éigin mar sin.

Ach an dtuigeann tú, glacaim leis an bpointe ó thaobh slánú na Gaeilge de go bhfuil gá iomlán le teilifís, teastaíonn sé, is modh fógraíochta é, is modh scaipthe éifeachtach, fíor-éifeachtach é an teilifís, ach ní chreidim i ndáiríre go dteastaíonn an teilifís le Gaeilge a choinneáil beo sa Ghaeltacht.

An cheist deireanach. Céard iad na rudaí a theastaigh uait a bhaint amach le linn duit a bheith i do Chomhairleoir Contae agus nár tharla sé le linn duit a bheith ar an gComhairle Contae?

Ab shin ceist phearsanta anois?

Ceist í ó thaobh na haidhme a bhí agat mar ionadaí pobail.

Bhuel, ó mo thaobh féin de go pearsanta sheas mé in olltoghchán amháin – níor éirigh liom. Throid mé i dtrí thoghchán seanaid agus níor éirigh liom cé gur chaill mé ceann acu ar chúig bhóta nó rud éigin mar sin a bhí ann. Ach ó thaobh an phobail de - an rud is mó a ghoill orm nár éirigh liom ariamh an scéim réigiún uisce a fháil do Ros Muc - sin í an ceann is mó a ghoill orm agus bhí go leor fáthanna nár éirigh leis sin. Tá mé in amhras anois go mb'fhéidir go mbeidh moill blianta eile air sin mar de réir mar a chloisim tá cúlú mór ar chaiteachas airgid agus tá agus is cinnte go bhfuil go leor scéimeanna a thitfeas as a chéile. Ceann de na rudaí eile nár éirigh linn a dhéanamh agus is cinnte gur throid muid an-ghéar air agus is dócha gur ceann de na fáthanna é nár éirigh chomh maith sin le hiarrthóirí páirtí an rialtais sna toghcháin áitiúla an deacracht atá ó thaobh bóithre, bóithre áise agus bóithre contae agus an t-aon rud amháin atá le rá faoi, ní ceist áirithe do Chonamara í, ní ceist áirithe do Chontae na Gaillimhe í, is ceist náisiúnta agus is ceist í a gcaithfeas rialtas éigin luath nó mall, dul ina bun i ndáiríre mar tá córas na mbóithre in an-drochstaid ar fud na tíre seo ní hamháin ar fud Chonamara.

Agallamh le Mícheál Ó Móráin