Skip to main content

Toghchán 1969

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1994. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

"Táimse ag seasamh mar neamhspléach mar go bhfeictear dom go bhfuil an pobal thiar - agus muintir na tuaithe i gcoitinne - rómhór faoi bhois ag polaiteoirí a bhfuil a gcéad dílseacht ag dul do pháirtithe polaitíochta, in áit iad a bheith ag fónamh don phobal a thogh iad an chéad lá. Ní féidir leo leas an phobail a dhéanamh ach sa chás gur ionann sin agus leas an pháirtí. Is minic nach ionann an dá leas…"

B'shin an ghairm toghcháin a d'eisigh Peadar Mac an Iomaire 25 bliain ó shoin agus é ag fógairt a iarrthóireachta in Ollthoghcháin '69. Toghchán stairiúl a bhí ann mar gur bhain iarrthóir Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a bunaíodh cúpla mí roimhe sin, creathadh as an tsean-mhúnla polaitíochta i gConamara. Fuair Cearta Sibhialta 1522 vóta ina iomlán sa toghchán sin - dornán beag níos mó ná mar a fuair Michael D. Higgins, a sheas olltoghchán don chéad uair i 1969.

"Rinne Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta rud amháin nach ligfear i ndearmad. Chuireadar an chéad chor i nós vótála ceann de na pobail ba chaomhaí sa tír ó thaobh na polaitíochta. Cé go samhlaítear dom uaireanta gur ionann le cuid de na daoine is glóraí i nGluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta, misneach agus easpa béas, is fearr liom iad ann nó as." B'shin mar a chuir Breandán Ó hEithir síos ar na gCearta in alt a scríobh sé san Irish Times i 1975.

 Jack Lynch.

Jack Lynch

 Seosamh Mac Eoin ag canbhasáil vóta ó Mhaggie Diranne ar lnis Mór 1969.

Seosamh Mac Eoin ag canbhasáil vóta ó Mhaggie Diranne ar lnis Mór 1969.

Is cinnte nach béasa an tréith ba suntasaí a bhain le Cearta Síbhialta sa feachtas toghcháin i 1969. Diúltaíodh cead cainte ar an gCeathrú Rua do Thaoiseach na tíre, Jack Lynch agus do iarrthóirí Fhianna Fáil go dtí go bhfreagróidís 9 gceist. I measc na gceisteanna bhí na cinn seo leanas:

"Cén fáth ar fhág 5,000 duine an áit ó 1956?

Cár cheap an Taoiseach a bhí an dream idir scór agus dhá scór bliain - i Sasana nó sna garrantaí?

Cad chuige nár caitheadh ach £30,000 le droichead Bhéal an Daingean a dheisiú, droichead atá ag freastal ar 5,000 thiar agus £365,000 á chaitheamh ar droichead Bhéal Inse atá ag freastal ar 1,200 duine?

Cén fáth ar theastaigh ó Fhianna Fáil banaltra a chur isteach sa Dáil in áit dochtúir a chur ar fáil do mhuintir Charna?

Cén fáth a raibh córas leighis níos fearr ann do na hainmhithe in áiteacha ná mar a bhí do na daoine?”

Ar ndóígh níor freagraíodh na ceisteanna agus thug sin leithscéal do lucht leanúna Mhic an Iomaire, cead cainte a dhiúltú don Taoiseach, Jack Lynch agus do na iarrthóirí a bhí in éindí leis. "Bhí cead cainte le fáil ag na hiarrthóirí dá dtugfaí geallúint go bhfreagrófaí na ceisteanna" a scríobh Ruaidhrí Ó Tuathail in INNIU an tseachtain d'ár gcionn. Mar bharr ar an donais polladh carr an Taoisigh i mBaile na hAbhann, ar a bhealach aniar ón gCeathrú Rua. Duine de chuid Sinn Féin as Béal Átha an Slua a bhí tagaithe go Conamara le cúnamh a thabhairt do Pheadar Mac an Iomaire sa bhfeachtas, a scaip táirní ar an mbóthair in aice le Tigh Johhnny Sheáin roimh carr an Taoisigh. Is ar Chearta Sibhialta a cuireadh an locht.

Tá polaitíocht poiblí tréigthe le fada ag Peadar Mac an Iomaire agus ag formhór na ndaoine a bhí gníomhach le Cearta Sibhialta sa bhfeachtas i 1969. Tá beirt nó triúr acu imithe leis na páirtithe polaitíochta. Is beag páirt a thóg éinne acu i bhfeachtas an Údaráis le gairid th'éis go raibh Seosamh Ó Cuaig, duine de na daoine ba ghníomhaí i gCearta Sibhialta, ag seasamh an fhóid ar son na heagraíochta, Cumhacht.