Skip to main content

Tríocha Bliain den Údarás (1979-2009): thar am é a leasú

[Gan Teideal]

Donncha Ó hÉallaithe

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2009. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá toghchán ceaptha a bheith ann an chéad bhliain eile le Bord nua a thoghadh d'Údarás na Gaeltachta. San alt seo caitheann an tráchtaire Donncha Ó hÉallaithe súil chriticiúil ar an Údarás mar atá agus deineann sé roinnt moltaí faoi na bealaí, dar leis, a d'fhéadfaí obair agus struchtúr an Údaráis a fheabhsú. Leantar den díospóireacht.

Réamhrá

ln alt 8. 1 d'Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 tá sé leagtha síos gurb é seo a leanas an chéad fheidhm atá ag Udarás na Gaeltachta:

"Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann."

Is léir go bhfuil teipthe ar Údarás na Gaeltachta an fheidhm sin a chomhlíonadh. Ó bunaíodh an tÚdarás is ag cúlú atá an Ghaeilge 'mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht' agus go minic bíonn obair an Údaráis ag cuidiú leis an gcúlú sin. Tá sé ráite ag taighdeoirí go mbíonn drochthionchar ag cuid de na tionscail a bhunaíonn an tÚdarás sa Ghaeltacht, ar staid na Gaeilge mar phríomhtheanga chumarsáide sa phobal. Ní léir go dtugann Bord an Údaráis aon aird ar an dtaighde seo.

Ní léir go bhfuil aon mhonatóireacht ná taighde ar bun ag Údarás na Gaeltachta ar an dtionchar a bhíonn ag na tionscnaimh thionsclaíochta ar staid agus úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ní léir ach oiread go ndéantar meastóireacht sheachtrach ar scéimeanna éagsúla an Údaráis.

Ní léir go bhfuil Bord an Údaráis ag feidhmiú mar ar chóir do Bhord Stáit feidhmiú: ag leagan síos polasaí ginearálta na heagraíochta agus ag féachaint chuige go bhfuil na feidhmeanna reachtúla á gcomhlíonadh. Is polaiteoirí áitiúla iad, beagnach ar fad, agus feidhmíonn siad ar Bhord an Údaráis, mar a fheidhmíonn siad ar an gComhairle Chontae.

Tá dhá ghéarchéim sa Ghaeltacht faoi láthair: géarchéim eacnamaíochta agus géarchéim teanga. Ní léir go bhfuil aon pholasaithe nua á chur chun chinn ag baill an Bhoird le déileáil leis an dá ghéarchéim seo. Ní cabhair ar bith na srianta airgid atá curtha ag Aire na Gaeltachta orthu.

An bhliain seo chugainn reáchtálfar toghchán nua le baill a thoghadh ar Bhord an Údaráis. Sara ndéantar toghchán eile a reáchtáil ba chóir athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar obair agus ar struchtúr an Údaráis agus reachtaíocht leasaithe a chur os comhair na Dála, le go mbeidh an Bord nua in ann déileáil leis an dá ghéarchéim atá ag bagairt ar an nGaeltacht faoi láthair.

Seo roinnt moltaí a chuirim os comhair an phobail le díospóireacht phoiblí a ghríosú.

Na Teorainneacha a Athshocrú

Dá mbeadh an tÚdarás ag feidhmiú taobh istigh de limistéir ina bhfuil Gaeilge fós in úsáid ag sciar suntasach den pobal mar phríomh-mhéan cumarsáide, d'fhéadfaí tabhairt faoi straitéis ionraic réalaíoch leis an nGaeilge a chaomhnú agus a leathadh mar phríomh-mhéan cumarsáide sna ceantracha sin. Chuige sin tá géarghá le teorainneacha na Gaeltachta a leagan síos sa gcaoi is go ndéanann siad ciall theangeolaíoch.

Faoi láthair is ag Aire na Gaeltachta atá an cúram maidir leis na teorannacha a athshocrú. Ní chreidim go bhfuil ná go mbeidh Eamonn O Cuív, ná aon Aire Rialtais eile, toilteanach teorainneacha fírinneacha a mholadh don Rialtas. Sin é an fáth go molfainn an cúram tábhachtach seo a bhaint as lámha na bpolaiteoirí. Tá critéir leagtha síos sa Tuarascáil Taighde ar Staid na Gaeltachta, a foilsíodh bliain go leith ó shin. D'fhéadfaí na critéir sin a thabhairt do Choimisinéirí, le fios a gceird, agus an cúram a thabhairt dóibh na teorainneacha nua a leagan amach, in am do thoghcháin an Údaráis.

Tá gné eile ag baint le toghchán a reáchtáil agus na teorainneacha mar atá siad: mura ndéantar na teorainneacha a athshocrú beidh níos mó vótaí i gcathair na Gaillimhe le daoine a thoghadh ar Bhord an Údaráis ná mar a bhéas sa cheantar Ghaeltachta ón Spidéal siar go Carna.

Cumhachtaí Breise

Mholfainn go mbeadh an chumhacht ag Údarás na Gaeltachta talamh agus maoin a cheannacht ar mhaithe le cuspóirí teanga agus cuspóirí forbartha na heagraíochta agus ba cheart go mbeadh cead úsáid a bhaint as CPO i gcásanna eisceachtúla le talamh a cheannacht.

Mholfainn na cumhachtaí tithíochta atá ag Roinn na Gaeltachta a aistriú ag an Údarás agus go mbeadh cead ag an Údarás scéimeanna tithíochta do lucht labhartha na Gaeilge a thionscnamh i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí pobail, i gceantracha ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid. Bheadh seo ag tíocht leis an bhfeidhm bhunúsach atá ag an Údarás i leith caomhnú agus leathadh na Gaeilge.

Ba cheart go mbeadh ról níos láidre ag Údarás na Gaeltachta sa phróiseas pleanála maidir le ceist na teanga: ag ullmhú aighneachtaí, ag cur comhairle ar údaráis phleanála, ag cur aighneachtaí isteach faoi iarratais pleanála agus ag déanamh achomhairc ar an mBord Pleanála nuair ba ghá. A fhad is atá Bord an Údaráis lán le polaiteoirí, ní mholfainn go mbeadh cumhachtaí breise pleanála ag an Údarás, seachas mar atá. Ba bhreá an rud dá mbainfeadh an tÚdarás úsáid as an stádas atá bronnta ar an eagraíocht faoin Acht Pleanála, in áit a bheith ag fágáil cosaint na Gaeilge faoi Airdeall, ar fochoiste deonach é de chuid Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Moltaí faoin mBord

Tá Bord an údaráis go mór faoi mhíbhuntáiste, mar nach bhfuil an saineolas eacnamaíochta nó an saineolas sochtheangeolaíochta ar fáil don Bhord, lena chuid oibre a dhéanamh mar ba cheart. Daoine den chineál céanna, beagnach ar fad a thoghtar ar an mBord: polaiteoirí áitiúla a bhíonn seachantach agus coimeádach seachas samhlaíoch agus misniúil.

Le smacht na bpolaiteoirí ar Bhord an Údaráis a bhriseadh, mholfainn córas difriúil ar fad le hiarrthóirí a ainmniú le seasamh sna toghcháin: in áit é a bheith fágtha ag na páirtithe polaitíochta na hiarrthóirí a roghnú, mholfainn go mbunófaí clár de na heagraíochtaí pobail atá tofa go daonlathach is atá gníomhach sa Ghaeltacht agus a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.

Bheadh cead ag aon cheann de na heagraíochtaí aitheanta seo, iarrthóir a ainmniú le seasamh i dtoghchán an Údaráis. Ar ndóigh ní bheadh cosc ar bhaill na bpáirtithe seasamh ach chaithfidís a bheith ainmnithe ag eagraíocht pobail.

Mholfainn nach mbeadh sé ceadaithe do chomhairleoirí contae ná baile a bheith ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Molaim go mbeadh sé ráite sna rialacháin don toghchán gur i nGaeilge amháin a bheadh postaeirí, bileogaí agus cáipéisíocht eile stocaireachta na n-iarrthóirí i dtoghchán an Údaráis agus go bhféadfaí iarrthóir a dhícháiliú mura gcloífidís le sin.

Molaim go mbeadh líon na suíochán do na toghcheantar i gcomhréir le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den córas oideachais sa toghcheantar, de réir na figiúirí ón Daonáireamh is deireanaí.

Molaim go mbeadh cead ag cainteoirí dúchais ón nGaeltacht, a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Ghaeltacht clárú ar liosta na vótóirí.

Molaim go ndéanfaí toghlach amháin de na hOileáin Gaeltachta.

Molaim go mbeadh toghlach eile ag an bhfoireann oibre atá ag an Údarás.

Molaim go mbeadh 15 ar an mBord agus nach dtoghfaí ach deichniúr ar fad ach go mbeadh cead ag an mBord ainmneacha cúigear eile a chur os comhair an Aire le bheith ceaptha ag an Aire de bharr a saineolas sna réimsí seo a leanas: duine le saineolas ar sochtheangeolaíocht; duine le saineolas ar fhorbairt pobail, beirt le saineolas ar chúrsaí gnó/fiontraíochta agus duine le saineolas ar chúrsaí airgeadais.

Molaim go mbeadh sé fágtha faoin mBord de 15 tíocht ar réiteach faoi Chathaoirleach a ainmniú, ag a mbeadh tacaíocht ag móramh na mball ainmnithe agus ag móramh na mball tofa.

Mholfainn go mbeadh cruinnithe an Bhoird in Oifig an Údaráis sna Forbacha ar mhaithe le gearradh síos ar chostaisí taistil. Mholfainn chomh maith go mbeadh córas taistil curtha ar fáil dona comhaltaí óna Gaeltachtaí eile: sa lá atá inniu ann tá sé seafóideach go bhfuil costaisí á íoc le beirt as Corca Dhuibhne agus le triúr ó cheantar Ghaoth Dobhair le freastal ar na cruinnithe nuair a d'fhéadfadh an Bainisteoir Réigiúnach síob a thabhairt dóibh. Ghearrfadh sé anuas ar na costaisí, bheadh deis acu na ceisteanna a bheadh le réiteach a phlé le chéile agus bheidís in am don chruinniú.

Tríocha Bliain den Údarás (1979-2009): thar am é a leasú