Skip to main content

Blúiríní Eolais foi Chamus

 Lady Dudley, a bádh ag Scríob.

Lady Dudley, a bádh ag Scríob. B'í a thosaigh an Scéim Banaltrachta ar a bhfuil tagairt déanta san alt seo. (Buíochas do Theach Scríbe as an grianghraif a chur ar fáil.)

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1995. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Lady Dudley (nó Rachel Gurney)

Rugadh Lady DudleyRachel Gurney mar a bhí uirthi i Keswick i Sasana. Bhí a hathair ina Lord Lieutenant ar Éirinn, ina Chathaoirleach ar an Royal Commission on Congestion agus ina Governor General san Astráil. Bhí aithne ar Lady Dudley mar an bhean a chur scéim banaltrachta ar bun in áiteacha i gConamara.

Bunaíodh stáisiúin sna háiteacha seo a leanas: An Spidéal (1904), Cloch na Rón (1909), Ros Muc (1925), Rinn Mhaoile (1929), An Cheathrú Rua (1932), An Tulach (1933), An Cloigeann (1935), Leitir Mealláin (1936), Cill Chiaráin (1938) agus An Sraith Salach (1940). Rinneadh forbairt ar na stáisiúin banaltrachta seo go seirbhísí reatha sláinte sna seachtóidí.

Deirtear gur sa gcuan ag Scríob a báthadh Lady Dudley i 1920.

Séipéil Chamuis

Ba é Teach na bPrayers an chéad shéipéal Protastúnach a thóg muintir Scríbe san áit agus bhíodh sé á úsáid ag Ismays Chasla chomh maith. Teachín beag sa gcoill atá ann déanta as stáin agus léighú Aifreann ann go minic sa tsean aimsir. Ní bhíodh sé á úsáid tar éis 1935.

Ba ar an 15 Lúnasa 1897 a beannaíodh an séipéal nua i gCamus agus bhí an méid seo a leanas i gcló in Irisleabhar na Gaeilge i mí Iúil 1897:

"The dedication of the Camus church in Connemara will take place on the 15th August. This church has been erected in a very poor district in the wilds of Connemara by the exertions of Father Joseph Casssidy, Rosmuck, Maam Cross, Co. Galway, replacing the old thatched chapel, the last of its kind in Ireland. The ceremony is to be performed by Most Rev. Dr McCormack, Bishop of Galway. It is to begin with solemn Mass at 11am. The sermon will be preached in Irish by the accomplished Irish preacher Rev. M D. Conroy, Parish Priest, Spiddal As this is perhaps the first occasion in a century on which a dedication sermon has been preached in Irish, those who love the National Tongue should avail themselves the opportunity to be present. Visitors should reach Maam Cross by the train on Saturday. The station is only five miles from the new Church. We are sure that many of our readers will not fail to show their appreciation of the importance of this event by, if possible, participating in its celebration."

Beannaíodh an séipéal céanna ag Searmanas Athchoisreacana bhí ar siúl ar an 16 Márta 1985 tar éis deisiú as an nua a bheith déanta air. Tá an séipéal breis agus cheithre scór bliain d'aois agus tá cóir álainn anois air.

Na Trí Chamus

Ní Camus ná dhá Chamus atá againn ach trí cinn. Tá Camus eile ann freisin - cuid de Chamus Íochtair déarfainn - ar a dtugtar 'Camus Craoibhe' i gcaint na seandaoine.

Ceardaithe

Bhíodh saor cloiche, saorbáid, táilliúr agus gréasaí i gCamus tráth. Bhí togha na seanchaithe agus na gcainteoirí ann freisin agus tá cuid acu ann i gcónaí. Deir an tAmhrán Bréagach: "Tá fíodóir i gCamus ar ainm dó Sálalaoi." B'fhéidir go raibh a leithéid ann. Nílim cinnte. Ar aon chaoi bhí déantús breá fiodóireachta i gCamus ag tús an cheid.

Camus sna hAmhráin

Ní san Amhrán Bréagach amháin atá Camus luaite. Tá píosa breá cumadóireachta againn ar a dtugtar Spailpín Chamuis agus is breá an píosa é. Ar ndóigh tá amhrán cumtha ag Colm Ó Méalóid faoi Chamus (a cheantar dúchais) agus tá sé le fáil ar an gcaiséad Céad slán le Camus.

Tá Camus luaite freisin in Amhrán Londain Shasana a scríobh Tom a' tSeoighe agus san amhrán Beairlín an Ghadaí :


"Ó b 'fhaide an lá ná an tseachtain ann,
Is mé ag iarraidh sinkeáil síos.
Bhí an t-allas do mo lagan,
Is bhí mé maraí’ ag mo dhroim.
Nár smaoinigh mé ar an mbaile thiar,
Is ar a liachtaí lá breá saoil
Bhí mé thiar ar chriathraigh Chamuis,
Is chaon roll agam sa bhfraoch."

(Amhrán Londain Shasana)


"Go dtiocfaidh Muintir Chamuis,
Ros Muc is Gleann Chatha,
Nó nach mbeadh a fhios cé a chuirfeadh chun báis é!"

(Beairlín an Ghadaí)

Níl a thios agam cén fáth ar tugadh 'Maiciní' ar mhuintir Chamuis ariamh. Bhí an t-ainm sin orthu ariamh anall. Deirtí 'Maiciní Chamus, is amhais an Turlaigh is pocaidí dubha Ros Muc’.

Seans nach aon droch-ainm é.