Skip to main content

Coláiste Cuimhneacháin an Phiarsaigh - An Choláiste ‘Tin’

[Gan Teideal]

Meta Uí Mháille

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2005. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá an Choláiste Tin nó Coláiste Cuimhneacháin an Phiarsaigh tógtha as an nua i mbliana agus tá Pléaráca an-sásta gur inti a bheas Oscailt Oifigiúil Phléaráca Chonamara 2005. Cuireann Meta Uí Mháille síos ar stair an Choláiste.

Thugtaí an Choláiste Tin uirthi mar gur as adhmad agus as tin a bhí sí déanta ar fad. Ba áis an-tábhachtach sa bpobal a bhí inti i rith na mblianta. Ba as Tí Mháirtín Mhóir a tháinig an t-ábhar. Déanadh saor í a deirtear ach má déanadh féin is iomaí punt a chuir sí i bpócaí daoine. Is i gcomhar cúrsaí Gaeilge a tógadh í ar dtús. Chaith tionscal cniotála tamall inti a thug obair do go leor mná agus do chailíní óga an phobail.

Bhí an Club Dornálaíochta ann ar feadh i bhfad agus an Naíonra ó bunaíodh é. Bhainfeadh na coláistí Gaeilge úsáid as an gColáiste Tin nó gur leagadh í agus thosaigh obair ar an Ionad nua Coláiste Cuimhneacháin an Phiarsaigh.

Bhí baint mhór ag Colm Ó Gaora, ag an Ath. Kelly - Sagart Pobail Ros Muc ag an am, Pat Chon Ó Nia agus ag Michael a'Mháille chomh maith le daoine eile lena tógáil. Bhí sé mar riachtanas ag ábhar múinteoirí scoile ag an am go gcaithfeadh siad trí mhí an t-samhraidh ar chúrsa Gaeilge agus ag fanacht ar lóistín i dtithe sa bpobal.

Osclaíodh Coláiste Cuimhneacháin an Phiarsaigh i 1933 agus mhair sí mar Choláiste Gaeilge go dtí 1937. Cuireadh deireadh ag an tráth sin leis an riachtanas ó thaobh an chúrsa Gaeilge de agus ní raibh an t-éileamh céanna ar na cúrsaí ansin. Le linn an ama sin bhí seasamh beo bríomhar ag an bpobal. Bhí aitheantas ag Ros Muc ó thaobh na teanga, agus tharraing sin Gaeilgeoirí agus turasoirí chun na h-áite. Bhíodh ranganna ar siúl i rith an lae agus siamsíocht san oíche. Ní bheadh a leithéid de chaighdean ná de sheirbhís in óstán 5 réalt inniu. Bhíodh éadaí bána línéadach ar na boird, iad fillte agus iarnáilte agus soithigh geala china leagtha orthu, ceapairí, sconaí, cácaí milse agus neart tae le fáil. Bhí an chócaireacht agus an obair seo ar fad déanta go han-proifisiúnta faoi stiúir bhean áitiúil agus chuirtí chuile chóir ar a raibh i láthair.

Bhíodh muintir na h-áite ag tarraingt ar na damhsaí sa gColáiste Tin freisin. Bhíodh orthusan íoc isteach ag an gcéilí, ligtí na scoláirí Gaeilge isteach in aisce. Cheap an dream áitiúil nach raibh sé seo féaráilte agus chuaigh siad ar stailc. D'eagraigh siad féin céilí taobh amuigh ar an mbóthar, fuair siad fear le ceol a chasadh, sin é an áit a mbíodh an ropadh ceoil agus damhsa.

Tá spás agus deiseanna breátha sa bhfoirgneamh nua agus beidh an oiread céanna agus i bhfad níos mó ar siúl inti. Ní Coláiste Tin í níos mó, meastú cén t-achar a thógfaidh sé go rachfaidh daoine i gcleachtadh Coláiste Cuimhneacháin an Phiarsaigh a thabhairt uirthi in ionad an Choláiste Tin?

Coláiste Cuimhneacháin an Phiarsaigh - An Choláiste ‘Tin’