Skip to main content

Inis Meáin, ~4,000 Bliain ag Fás

Gearóidín Nic Ghiolla Ruaidh

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2009. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá stair shaibhir, éagsúlacht seandálaíocht ag Éirinn agus ní eisceacht ar bith Oileáin Árann ach an oiread. Go deimhin, d'fheadhfaidh a rádh go seasann Oileáin Árann mar dhomhan saibhir de bheatha daonna in Éirinn i rith an 4,000 bliain deirneach. Seasann an dún sonrach, Dún Aonghasa ar lnis Mór, amach mar chomhartha dearfach de shibhialtacht ársa ar chósta thiar na h-Éireann. Ach, bíodh sin mar atá sé, má osclaíonn tú na súile beagán faigheann tú amach go bhfuil go leor séadchomharthaí tábhachtach níos sine ar na h-oileáin cé nach mbheadh siad chomh suantasach le feiceál. Do oileán beag, tá saibhreas mór séadchomharthaí seandálíocht ar lnis Meáin, ós cionn cheithre scór ar an laghadh.

Cé nach bhfuil aon fhianaise díreach le feiceál, ceaptar go raibh daoine ar lnis Meáin agus a chomharsanaí ag dul siar chomh fada le 6,000 bliain ó shin, thart ar an Tréimse Deirneach Neoiliotach. Tá siad le fáil mar thuamaí adhlacadh (cloch mór) meigiliotach agus de chineál éagsula: an tuama dingeach. Sampla maith tábhachtach, cé go bhfuil sé titithe, ná an tuama dingeach Ceathrú an Lisín ar Bhaile an Mhóthair, lnis Meáin. Cosúil le go leor dhá chineál, "Leaba Diarmuid agus Gráinne" a thugtar go h-áitúil air, ag spreagadh an scéal fiannaíochta faoin gcúpla a bhí ag éalú ó Fhionn Mac Cumhaill agus a ndeirtear gur chodail said in áiteacha mar seo. Ó cheart, bíonn seomra ag ísliú agus ag caolú ag cúl na dtuamaí dingeach seo. Tá said tógtha Ie leaca móra aolchloch cósúil le bosca ar Oileáin Árann agus sa Bhoirinn, ag cur i gchéil gaol cultúra de chineál éigin. Faraor, thar am, tá go leor de na tuamaí dingeacha seo scriosta, ach de bharr an sár obair a rinne roinnt seandachtaí, cosúil le Thomas Westropp agus John Donovan san 19ú aois deag, tá go leor fothrachaí mar seo breactha síos ar léarscáil ag thabhairt leargas dhúinn ar an taobh tíre seandálíochta mar a bhí sé 170 bliain ó shin. Tá dhá thuama dingeach fághta ar lnis Meáin.

 Leaba Diarmuid agus Grainne, Ceathrú an Lisín, lnis Meáin.

Leaba Diarmuid agus Grainné Ceathrú an Lisín, lnis Meáin.

 Tuama Dingeach Eochaill, lnis Mór.

Tuama Dingeach Eochaill, lnis Mór. An ceann is caomhnaithe den 6 thuama dingeach ar Oileaín Árann.

Sé an fheidhm a bhí leis na tuamaí seo, mar atá san ainm, ná uaigh le daoine a chur, go minic coirp créamaithe de dhuine amháin nó níos mó. Níl móran seans ag a leithéid de choirp a bheith slán inniú i ngeall ar an gcineál talamh atá ar na h-oileáin. Creideann go leor saineolaí go raibh níos mó i gceist anseo ná uaigh agus go raibh deasghnáth, sinsearacht agus torthúlacht i gceist chomh maith. Tá suíomh líneach na dtumaí dingeacha seo an-seasmhach - bíonn an béal nó an taobh fairsing i gconaí ag breathnú ó dthreo nó aniar a ndtheas. Deirtear gur oscailt go dtí an "saol eile" atá iontu i ngeall ar a suíomhanna i dtreo na gréine ag dul faoi, chomh maith lena dtréithe i gcumadh tonnadóir.

 Dearlú ealaíontóir de Fulachta Fiadh.

Dearlú ealaíontóir de Fulachta Fiadh.

Tá roinnt comharthaí de lonnaíocht ar lnis Meáin den Chréamhaois ag Fulachta Fiadh (suíomh cócaireachta don Fhiadh). Mótaí beaga de chlocha dóite i bhfoirm crú capaill timpeall ar umar uisce. Faightear iad seo ar thalamh íseal riascach nó gar do shruthán nó loch. Suíomh cócaireachta a áiritear go h-iondúil le Fulachta Fiadh, ach ceaptar go mbfhéidir gur folcadáin poiblí nó áit le craiceann a phróiséis a bhí iontu chomh maith. Bhíodh na clocha dhá dthéamh san tine agus chuirfidh san umaruisce iad agus taréis tamaill d'fhiuchadh an t-uisce. Chaithfaidh na clocha, briste ag an teas, amach timpeall ar an umar ina dhiadh sin. D'réir a chéile rinne na clocha briste seo mótaí i bfhoirm crú capaill thart ar an suíomh.

Is fianaise eile iad na leachtaí seo do lonnaíocht pobail ar lnis Meáin thart ar 3,000 - 3,500 bhliain ó shin.

 Fulachta Fiadh. Droim Rua, Bothar Mhéairt, lnis Meáin.

Fulachta Fiadh. Droim Rua, Bothar Mhéairt, lnis Meáin.

Gan aon amhras, said na dúnta móra clochadh na fothrachaí seandálíochta is suntasaí ar Oileáin Árann agus tá seacht gchinn acu ar na h-Oileáin.Tá péire acu seo ar lnis Meáín, Dún Chonchúir san lár agus ag an bpoinnte is airde agus Dún Fearbhaí ag breathnú anuas ar chéibh an Chora ar an taobh thoir den oileán. Cé go nglactar go ginearalta leis go dtéann an cinéal seo dúnta siar go dtí an larann Aois (2,600 - 1,600 bliain ó shin), thaispeáin tochailt ag Dún Aonghasa agus Dún Eoghnachta ar lnis Mór is na 1990aidí go raibh na suíomhanna seo ann chomh fada siar leis an Sean Chréamhaois (3,000 - 2,400 bliain ó shin). Breathnaíonn sé gur comhluadar cliarlathas ceannasaíocht a bhí san bphobal ag an tráth seo. Beidh na dreamanna difriúil áitúil ar na hoileáin tugtha le chéile ag aon cheannasaí amháin nó b'fhéidir faoi chomhairle ceannasaí mar aon ríocht amháin. Chuile sheana gur é suíomh lárnach na ríochta seo ná an dún suantasach, Dún Aonghasa ar lnis Mór.

 Dún ollásach Chonchúir, tiomhna do cheannaireacht ar lnis Meáin.

Dún ollásach Chonchúlr, tiomhna do cheannaireacht ar lnis Meáin.

Ar ais ar lnis Meáin, sé Dún Chonchúir gan dabht ceann áras an oileán. Tá an t-ainm Conchúr tógtha ón bhfionscéal Méanaoiseach Luath a insíonn faoin dthréabh, na Fír Bolg a lonnaidh air Oileáin Árann, Aonghus ar lnis Mór ag Dún Aonghasa agus a deartháir Conchúr ar lnis Meáin ag Dún Chonchúir. Cosúil le ríochta eile in Eirinn ag an am, bhí sé bunaithe go mór ar riúlacht agus ceangail pearsanta agus bhí seasamh chuile dhuine san gchomhluadar seo deimnithe ag an nghaol a bhí aige/aici leis an gcheannaire. Bheadh clan agus muintir an cheannaire, chomh maith le scoth na laochra a bhí i gceannas ag an am ar bharr an chomhluadair cliarlathach seo. Chuile sheans go raibh na comhluaidair cliarlathach se ar na h-oileáin léirithe ag an gchineál lonnaíochtaí, ó bhfeirmeoir beag agus a áiteamh suarach go dtí na dúnta móra cnocach. Go deimhin, tá chuile sheans ann gur comhartha cumachta an cheannaire agus a mhuintir a bhí iontu níos mó ná gnéithe cosanta.

Tá an foirgneamh féin ag Dún Chonchúir cosanta ar an mbealach isteach ag urdhún taobh amuigh. Leanann an cosán air isteach san dún tríd oscailt san mballa mór laistigh. Tá bunú roinnt botháin le feiceál nuair atá tú taobh istigh. Is dóigh, gur iad na botháin seo tithe agus áit codladha daonra an dúin agus bheadh na spásanna oscailte san dún dhá n-úsáid le cocaireacht, obair miotaloireacht agus céardoibreacha eile.

 Ar chladach thoir lnis Meáin.

Ar chladach thoir lnis Meáin.

 Páirt scrín tuama le cloch tollta.

Páirt scrín tuama le cloch tollta.

Thart air 1,200 bliain ó shin, thosaigh an Eaglais Éireannach agus a cuid oilithrigh ag toraíocht suíomhanna nua oilithrigh agus bhí cósta thiar na tíre agus na h-oileáin an-fheilúnach. D'fhág an oilithreacht na ghníomhaíochtaí eaglaisúil eile a lorg ar go leor suíomhanna thart air na h-oileáin. Ceann den chuid is fearr atá fághta ná Cill Cheanainn, seipéalín beag suite ó theas de chéibh an Chora ar an taobh thoir d'lnis Meáin. Ceaptar go bhfuil an oráidíocht seo, d'urlár amháin, atá beagán le cois chuig mhéadar ar fhaid agus cheithre mhéadar ar leithead, thart ar 1,000 bliain d'aois. Tá go leor den taobh istigh de Chill Cheanainn lán le leaca uaigheanna den 18ú, 19ú agus 20ú aois agus b'fhéidir go bhfuil said seo ag clúdú treithe níos sine fós. Ach, thart ar h-ocht méadar ó thuaidh den séipéal tá leac triantánach mór le poll ciorculach ina láthair. Is ceann de bheanna d'uaigh taisí atá san leic seo. Cnámha naoimh a bhíodh sna uaigh-taisí seo a dthugadh oilithreachí cuairt orthu. "Séipeal Cheanainn" an t-aistriú béarla atá ar Chill Cheanainn agus chuile sheans gur cnámha de dhuine a dthugtaí 'Ceanainn' air atá san uaigh-thais í seo. Bhí an poll san leic le go bfheadhfadh na dillsí láimh a leagan ar na taisí laistigh. Tá tuairiscí difríochta faoi cé hé 'Ceanainn' seo. Tugann scéal amháin tuairisc ar misineára díograiseach garbh a maríodh ar deire ach insíonn scéal eile gur bean a bhí i 'gCheanain'. San seanscéal seo, deirtear gur mathair le "Seacht Mac an Rí'' a bhfuil cuimhne uirthi ar suíomh séipéal eile i lathair lnis Meáin - Teampall na Seacht Mac Rí.

Tugtar faoi ndeara go mór mór go bhfuil go leor séadchomharthaí a dthugar 'mótaí reilge' orthu, atá le feiceál mar mótaí fada, i mbuailte difriúil ar fad an oileán. Cé nach bhfuil aon tochailt déanta orthu seo, tá an tuairim ag daoine áirithe anois, nach le daoine a chur a bhí said seo chor ar bith, ach gur fothrachaí tithe ón meánaois atá iontu.

Cé ar bith do spéis i stair na hÉireann, tá tú cinnte rian de a fheiceál ar lnis Meáin. Go deimhin, tá ós cionn 4,000 bliain dhe le cuartú anseo, tóg do rogha.