Skip to main content

John Millington Synge

 Tí Mhic Dhonnchadha – Teach Synge.

Tí Mhic Dhonnchadha – Teach Synge.

An tSiúir Finnín Ní Chonceanainn

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2009. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Teach Mhuintir Mhic Dhonnchadha

Tá an teach seo ós cíonn trí chéad bliain d'aois seachas píosa a cuireadh as tús an chéid. Tá cáil ar an teach anois mar gur ann a d’fhanadh an dramadóir agus an scríbhneoir John Millington Synge. Bhíodh sé ar saoire sa teach seo le muintir Mhic Dhonnchadha, Bríd agus Páidín ó 1898-1903. Teach Synge a thugtar ar an teach seo anois. Ollscoil na Gaeilge a bhíodh mar ainm air uair amháin. Bunaíodh brainse de Chonradh na Gaeilge ann ag tús an chéid. Is ann a bhí Oifig an Phoist go dtí mí na Bealtaine 1939. Bhí muintir Uí Fhátharta ann go dtí 1977 agus ansin bhí sé fágtha folamh ar feadh blianta ach déanadh athchoiriú air roinnt blianta ó shoin agus tá sé oscailte anois don phobal.

Chuir Seán Céitinn muintir na nOileán ós comhair an domhain ealaíne, agus tugann an scannán Man of Aran (1933-34) léargas réalaíoch ar shaol na n-oileán mar a bhí sé caoga bliain roimhe sin. Chuir John Millington Synge na hoileáin os comhair an tsaoil liteartha.

Ceaptar nach raibh Gaeilge ag Synge ach chuala mé fear ag rá gur chuimhin leis go raibh sé in ann caint i nGaeilge leis na daoine. (1)

Tá daoine den tuairim gur duine nach mbíodh fonn air caidreamh a bheith aige le muintir an oileáin a bhí ann ach níl sé sin fíor mar an leaid óg a bhíodh ag dul thart go minic in éindí leis, dúirt sé go mbíodh trua ag Synge do na daoine mar gheall ar chomh crua is a bhídis ag obair agus gan acu ach ón lámh go dtí an béal. (2)

Rud eile a bhíodh ag cur as dó ná go ndóidís an fheamainn ró-mhór le haghaidh ceilpe mar go mbíodh an iaidín dóite aisti agus nárbh fhiú mórán í á bharr. (3)

Ina leabhar The Aran Islands déanann sé tagairt don leanbh - mac iníne le bean an tí (“bean mhaith ghreannmhar. Bhí sí in ann dinnéar a dhéanamh chomh maith le hotel ar bith. Mharaíodh sí cearc agus d'fheannadh sí coinín") agus ba é Synge a mhúin cleasa beaga na hóige dó cosúil le "coinín" a dhéanamh ar an mballa aol-daite nuair a bhíodh solas an lampa ag soilsiú air san oíche. Nuair a scríobhadh Máirtín Dannach Mac Donnchadha chuige deireadh sé leis little small Michael is able to do the rabbit. (4)

Thagadh Synge go hlnis Meáin gach Samhradh ó 1898-1902. Bhí Synge ar an oileán mar chuirfí fear geal amach i measc na bhfear Gorm san Aifric. Dá mbeadh sé go deas leo, bheadh meas acu air. (5)

Ba in Inis Meáin a fuair Synge ionspioráid le haghaidh téama an dráma Chun na Farraige Síos. Seo é cúlra an dráma. Tháinig beirt fhear as Inis Oírr anoir go hlnis Meáin ag ceannach dhá bhromach. Ní fhéadfaí iad a tharraingt soir i ndiaidh na curaí agus nuair a tháinig bád móna as Conamara go gairid ina dhiaidh sin, cinneadh na bromaigh a chuir soir inti. Díluchtaíodh an mhóin ag an oileán dubh agus chuaigh an bád ar ancaire amach ó Thrá Leitreach.

Nuair a bhí na bromaigh ar bord, chuaigh foireann na curaí isteach sa mbád le dul soir go hlnis Oírr cés móite d'fhear amháin a d'fhan sa gcurach chun í a cheangal de dheireadh an bháid chun iad a thabhairt anoir as lnis Oírr nuair a bheadh na bromaigh i dtír acu. (6)

An fhad is a bhí seisean ag ceangal na curaí, bhí bádóirí Chonamara ag ardú na seolta. Nuair a crochadh an seol mór ar an mbád tháinig liosta uirthi agus d'iompaigh an curach agus caitheadh Séamus Sheáin i bhfarraige. Bhí an bád faoi lánseol ag an am agus nuair a caitheadh téad chuige tar éis di casadh, bhí sé ag dul faoin uisce agus báthadh é. Le linn an ama sin chuaigh an scéal thart go bhfacthas fear a bhí marbh le blianta ag marcaíocht ar bhromach ag dul suas an trá. ( 7)

"Trí seachtaine ina dhiaidh sin, tháinig corp i dtír i gCeann Gainimh. A uncail, mac a dheirféara a fuair an corp. Chuaigh an t-uncail abhaile agus thug sé anuas éadach, comhla agus dréimire. Chuaigh gach uile dhuine síos ar an trá. Scrútódh an mháthair an croí ba cráite agus an té nach raibh gaol ná páirt aige leis, bhog na deora faoi na shúile. Ní raibh an t-sábháilt ina chionn". (8)

Ar an taobh thiar den oileán ar bharr aille ag amharc soir amach ar an Sunda Theas agus Ceann Cailligh agus Sunda Ghriogóra siar idir Inis Meáin agus lnismór, tá cámán cloch ar a dtugtar Cathaoir Synge. "An Dún Beag" a thugtaí air roimhe seo. Tá sé sa seanchas gur anseo a chaitheadh sé a chuid ama agus é ag scríobh ach dúradh liom nach raibh sé sin fíor mar gur thuas ar Dhún Chonchúir a bhíodh sé go mór mór le linn Aifrinn. De réir daoine eile ba ag Leaba Mhic na gCuan a bhíodh sé. (9) Nuair a cuireadh an dráma Playboy of the Western World ar stáitse in Amharclann na Mainistreach den chéad uair, b'éigean fios a chur ar phóilíní (26/01/1907). Caitheadh uibheacha, fataí agus fiú slis de cháca milis leis na hAisteoirí. Tógadh raic, a lean ar aghaidh fiú amháin nuair a thug Compántas na Mainistreach an dráma go Meiriceá (1911-1912). Cúpla focal sa dráma a tharraing an t-achrann - shift agus Moody fools.

Cérbh é an "Buachaill Báire" a tharraing an oiread sin aird ar féin? Rugadh é i gCaladh, chúig mhíle siar ó Chloch na Rón. Ar an Galway Express, 12 Eanáir, 1873, bhí cur síos ar an gcuartú mór a bhí á dhéanamh ag na póilíní ar Liam Ó Máille, de bhrí gur mharaigh sé a athair le buille do láí. Bhí Synge · bliain go leith d' aois ag an am. Rugadh an Playboy timpeall na bliana 1838. Rugadh Peait Ó Fátharta (Máirín) i mBaile an Teampaill in 1851. Dúirt seisean ar an 9/1931 gur le na linn fhéin a tháinig an Playboy go hlnis Meáin. Nuair a chuaigh an tOllamh Tomás Ó Máille go hlnis Meáin ag fiosrú an scéil sa bhliain 1908, dúirt sé gur chuimhin le bean amháin an stócach óg a bhí ar a theitheadh de bhrí gur mharaigh sé a athair i gceantar Bhaile Uí Chonaíle.

Bhí tuairim eile ag Dara Mháirín Ó Conghaile - fear a rugadh agus a tógadh in lnis Meáin agus a raibh saibhreas mór de sheanchas agus de scéalta aige, a chuala sé ón seandream. Fuair Dara bás, Luan Cásca na bliana 1984, go ndéana Dia trócaire ar a anam. Dúirt seisean go gcloiseadh sé ag an sean-dream agus é ag éirí suas, gur ar an Turlach i Rosmuc a rugadh é agus gurbh é a an sloinne a bhí air ná Ó Máille. (Tharla an eachtra seo cúig bhliana is fiche sul a dtáinig Synge go hlnis Meáin.)

Ní mórán de mhaoin an tsaoil a bhí ag a mhuintir, ach pé méid a bhí acu, nó nach raibh, d'óladh an t-athair é. Ní hionadh ar bith go raibh sé beo bocht á bharr. B' éigean don "Bhuachaill Báire" an baile a fhágáil nuair a bhí sé ina stócach agus chuaigh sé isteach sa gCabhlach. Chuireadh sé an t-airgead a shaothraíodh sé abhaile chuig a athair. Cheannaigh seisean gabháltas talún leis an airgead agus bhí sé socraithe go mbeadh an talamh sin ag an mac nuair a thiocfadh sé abhaile.

Phós an fear óg agus thug sé suas an mhairnéalacht agus tháinig sé abhaile. Cailleadh a mháthair go luath ina dhiaidh sin agus nuair a bhí sí bliain caillte, phós an t-athair arís. Níor réitigh an leas-mháthair leis an bhfear óg agus bhíodh achrann sa teach go minic. Lá amháin bhí an t-athair agus an mac ag baint fhataí sa ngarraí. Bhí braon ólta ag an athair. D'iarr an mac ar an athair cead a thabhairt dó garraí fataí a chur dó féin agus dá bhean. Ní raibh an t-athair sásta. Bhuail taghd an mac agus ní dhearna sé ach buille den láí a thabhairt dá athair. Thit an t-athair marbh. Deirtear go ndúirt an "Buachaill Báire" lena leas-mháthair "A chailleach, tá sé sínte agat anois". Moladh dó teitheadh as an áit agus thug sé de na boinn é. (10).

Chaith sé ráithe ag fuaidreamh ar fud Chonamara agus na Póilíní sa tóir air. Chuaigh sé tríd a lán gábha, ag siúl sléibhte agus portaigh d'oíche agus de ló agus go minic a b'éigean dó snámh trasna locha chun a chraiceann a thabhairt slán. Rinne sé a bhealach go hOileán Gharumna agus é sáraithe amach. Ní raibh bróig ar a chois ná falach éadaigh ar a dhroim nach raibh stróicthe. As sin, fuair sé bád go h-Árainn. Bhí bean muintearach dó pósta ag fear de mhuintir Iarnáin i gCill Rónáin. "Máilleach" ab ea í seo. Bhí sise go maith dó. Chomh maith leis sin bhí muintir na háite go deas leis agus agus nuair a cheap siad go raibh sé ag éirí aisteach, tháinig imní orthu. Bhíodh céilithe acu go minic lena chroí a thógáil agus níor sceith aon duine acu air. Sin é an rud a bhí i gceist ag Synge nuair a scríobh sé go mbíodh na daoine ag tabhairt bronntanas dó as ucht gur mharaigh sé a athair.

(Seo insint eile ar an scéal. Isteach i mbád Sheáin Bia a tháinig sé as Conamara. Nuair a shroich an bád Cill Rónáin bhí imní ar Sheán Bia agus dúirt sé leis na fir a bhí ar an gcéibh, "Níl aon cheo a' dul amach as an mbád seo anocht". Chuaigh na fir abhaile ach i rith na hoíche thug sé an Playboy go hlnis Meáin. Tar éis tamaill, tháinig na Póilíní go hÁrainn sa tóir air. Shocraigh a dhuine muinteartha é a chur go hlnis Meáin i ngan fhios dóibh. Bhí bád (The Fancy of Aran) ag fear arbh ainm dó Seán Ó Biataigh nó Seán Bia mar a thugtaí air. B'a Cinn a'Bhaile in lnis Meáin dósan ach d'oi sé ní bhfearr dó cur faoi i gCill Rónáin mar gheall go raibh sé níos oiriúnaí ann don bhád. Thugadh an bád lasta agus na litreacha as Conamara go dtí na hoileáin. hlarradh ar Sheán Bia an "Buachaill Báire", a thabhairt go hlnis Meáin, chuaigh gaolta leis a raibh cónaí orthu ar Bhaile na Seoigeach - b'iad seo clann Mhicilín Mháire. Bhíodar seo gaolmhar le Brian Mór agus leis an gCaiptín Seoigeach - an bheirt as Conamara a cheannaigh an talamh nuair a chuir an Tiarna Talún suas ar cheant é.

Tráthnóna bóg báistí faoin Nollaig, tháinig Seán Bia isteach go Cill Rónáin. Chuir sé amach mála an Phoist agus dúirt sé nach gcuirfeadh sé amach an lasta go dtí lá arna'mhárach. Chuir sé comhla ar an Deic agus bhuail sé bóthar abhaile. Nuair a bhí an oíche tití go maith, cuireadh an "Buachaill Báire" ar bord an bháid agus soir le Seán Bia go hlnis Meáin leis. Chuir sé i dtír ag Béal na bPoll é agus thug sé aghaidh arís siar go Cill Rónáin. hlnsíodh dó cá dtiocfadh sé. Dúradh leis déanamh ar Dhún Chonchúir agus dul chuig an teach a bhí ag bhun an Dúin. Ba é an teach a bhí i gceist ná tí Mhicilín Mháire.

 Dún Chonchubhair, Inis Meáin.

Dún Chonchubhair, Inis Meáin. Pic Máirtín S. Bhriain.

Ba iníon leosan - Máire Phádraic, an chéad duine a chonaic an "Buachaill Báire" sa Dún ar maidin. Chonaic athair Peait Bhriainín Ó Conghaile é i nGleann an Dúin. Bhí an Dún sroichte aige roimh maidhneachan lae. Bhí an bhean seo thuas ar an gcnoc, áit a bhfuil tí Mhichil Uí Chonghaile anois. Thug sí síos chuig an teach é. Cuireadh síos pota fataí mar ag an am, ní raibh trácht ar tae, agus sula raibh na fataí bruite bhí an "Buachaill Báire" tití ina chodhladh. Chaith sé cúpla mí sa teach seo ag déanamh obair an Earraigh. Tháinig an tóir air agus chuaigh sé síos tí Sheáinín ar Bhaile na Creige.

Baintreach a bhí i Seáinín ag an am agus bhí beirt ghasúr aige - cailín agus buachaill. Bhí a bhean Máire Sheáin an Ghaiscigh tar éis bháis agus ní raibh éinne sa teach in éindí leis. (Tá fothrach an tí le feiceáil fós). An fhad a bhí sé tí Mhicilín Mháire, níor chodail sé aon oíche sa teach. Bhí faitíos air go dtiocfadh na Póilíní air i ngan fhios. Is amhlaidh a chodhlaíodh sé i bpoll atá i mballa thiar an Dúin. Fuair na Póilíní amach arís go raibh sé in Inis Meáin agus tháinig siad sa tóir air. Dúirt m'athair liom go ndeachaigh siad suas sa Dún agus madraí acu. Bhí na madraí ag smúrthacht thart ar an bpoll ina raibh sé ach níor thug na póilíní aon aird orthu. “RABBIT" a dúirt duine amháin acu agus d'imigh siad leo mar a tháinig siad. Chuala Westropp (Lún 1878) faoin Playboy agus dúirt seisean gur chaith an Máilleach dhá mhí i bhfolach sa Dún. (11).

Ar aon chaoi tháinig sé nuair a bhí Seáinín ina bhaintreach. Phós seisean an dara huair in 1872 agus rugadh Sadhb a chéad pháiste leis an dara bean in 1873. Dá bhrí sin is cinnte gur roimh 1872 a tháinig sé. Bhí sé ráite gur rugadh J.M. Synge an bhliain ar tháinig an Playboy go hlnis Meáin, sin 1870 agus chuala mé go raibh Widow Quinn san oileán ag an am.

Maidin shamhraidh tháinig siad arís. Ag an am seo, bhí sé ina chonaí Tí Sheáinín. Bhí Seáinín ina codladh ar Bhaile na Creige agus nuair a chuala sé cnag ar an doras d'éirigh sé aniar agus dhúisigh sé an "Buachaill Báire". Baintreach a bhí i Seáinín ag an am. Chodail sé féin agus an Playboy sa leaba chéanna. Sé an fáth a ndeachaigh sé síos go Baile na Creige ná go raibh comhluadar mór tí Mhicilín Mháire. Nuair a chuaigh sé siar sa seomra chun é féin a ghléasadh bhí a chuid éadaí ar an Máilleach. Aniar leis an Máilleach as an seomra agus shuigh sé sa gclúid.

Thosaigh sé ag cur air a chuid stocaí. Rith Seáinín amach agus é gléasta in éadaí an Mháilligh. Siúd leis na Póilíní ina dhiaidh. D'imigh an Garda den doras. Nuair a fuair an Máilleach an seans léim sé ón gclúid go dtí an doras. Thug sé gualainn don Phóilín a bhí taobh amuigh den doras agus leag sé ar shlat a dhroma é. Bhí seachtar eile taobh amuigh ar an tsráid agus nuair a tháinig siad chucu féin tar éis an gheit a baineadh astu, siúd ina dhiaidh iad. Shéid duine acu feadóg chun fógra a thabhairt do na Póilíní a bhí thiar i gCinn an Bhaile. Ba togha coisí duine acu seo ach ní raibh aon ghoir aige ar an "mBuachaill Báire". Siar i dtreo Thrárt Teach a chuaigh sé agus é sna boinn. Chuir sé as dó nach raibh aon bhróga air mar bhí a chuid stocaí ag dul i bhfastó sna storáin ar an mbealach siar tríd na Creaga. Ag Créig na Tuí d'ísligh sé anuas Aill Thár Teach (Creig na Laoi) agus d'iompaigh sé siar. Cheap na Póilíní gur soir a chuaigh sé, mar dár leo nach raibh ach an fharraige taobh thiar. Bhí na héin ag cuachaíl.

Cheap sé gurbh iad na gardaí iad. Leis an dorchadas, d'ardaigh an Máilleach aníos, tar éis trí lá, suas Aill an Fhéir. Bhí Peigín ag dul siar le beatha aige mar chonaic sí ag teacht aniar é. Nuair a fuair sé na Póilíní glanta as an oileán, chuaigh sé ar ais Tí Sheáinín ach bhí fhios aige go gcaithfeadh sé bóthar a bhualadh arís. Cuireadh ar bhád seoil é a bhí ag dul amach agus bhí Seán Shúinac Ó Conghaile agus Seáinín sa gcurach ar an bhfoireann i Sunda Ghriogóira. Thug Seáinín hata nua dó a bhí aige féin. Cuireadh ar bord é agus d' éalaigh sé. (12)

Chonaic curach as Cill Éinne é agus d'inis an foireann do na Póilíni é. Ní raibh sé ach amuigh sa mbád nuair a tháinig na gardaí arís, ach d'éalaigh sé. Deireadh Bidín Uí Dhonncha go bhfaca sí féin é blianta ina dhiaidh sin agus é ar shlí na fírinne. Seo mar a scríobh Synge faoi an chaoi ar chuala sé scéal an Playboy :

"He often told me about a Connaught man who killed his father with the spade when he was in passion and then fled to this island and threw himself on the mercy of some of the natives with whom he was said to be related. They hid him in a hole - which the old man has shown me - and kept him safe for weeks, though the police came and searched for him and he could hear their boots grinding on the stones over his head. ln spite of a reward which was offered the island was incorruptible and after much trouble the man was safely shipped to America. " (13)

Seo mar a labhair sean-fhear le Arthur Symons faoi in 1896: “If any gentleman has commited a crime, we'll hide. There was a man killed his father, and he came over here, and we hid him for four months, and he got away safe to America". (14)

Ba chuimhin le Mike Coyne, a rugadh i 1893, agus a fuair bás i 1981, Synge ag taispeáint pictiúir dóibh de theach a sheanathair i gCill Mhantáin. Ba chuimhin leis na póilíní agus an díshealhhú ar labhair Synge faoi. D'íoc an Dr. Ó Catháin an cíos.

Tá cuntas Bheachla an Iascaire sa gCoimisiúin Béaloideasa ar aon dul leis an rud a d'inis Dara Mháirín, Seán Bheachlaín agus Peait Bhriannín dom ach amháin go ndeireann Beachla go ndeachaigh sé amach go dtí an Taracáin agus gur ardaigh sé aníos Poll Mháire Báine. (15)

Níor scríobh sé ag aon duine riamh san oileán ag glacadh buíochas leo as ucht chomh maith is a bhí siad dó. Bhí an scéal ag dul thart go bhfachtas i nGaillimh é blianta ina dhiaidh sin. Labhair an té a chonaic é leis, ach níor lig sé ar féin an é an "Buachaill Báire" é. Ag obair ar bord loinge a bhí sé. (16)

Bhí scéal an "Playboy" beo i gcuimhne na ndaoine nuair a thug Synge a chéad chuairt ar Inis Meáin in 1898. An teach ar fhan sé ann ar dtús - Tí Mhicilín Mháire, bhí na rataí air oíche na Gaoithe Móire (5- 1-1839). Micilín Mháire a chuir air iad agus a thóig an teach sul ar phós sé de réir an tseanchais ba í a iníon an chéad duine a chonaic é agus bhí sise ina cailín óg ag an am. Ceaptar gur in 1870 a tháinig sé go hlnis Meáin. Dúirt an Sean-Ollamh Tomás Ó Máille gur timpeall 1838, a rugadh an Playboy.

Bhí uncail le J.M. Synge, An tUrr. A.H. Synge ina Shéiplíneach i gCill Ronáin ag freastal ar chúig dhuine is fiche Protastúnach, am a raibh trí mhíle, trí chéad tríocha is a trí Caitliceach sna trí hoileán.

Tugann a chuid litreacha léargas dúinn ar shaol na ndaoine sna blianta díreach tar éis an Ghorta Mhóir. Seo mar a scríobh sé i litir dár dáta 17/7/1851. "Here I am, Lord of all I survey - surrounded by dirt and ignorance." Ní raibh spéis aige i seandálaíocht an oileáin. Bhí droch-mheas aige ar fheisteas na ndaoine. Ní shin é an dearcadh a bhí ag nia J.M. Synge ar mhuintir Inis Meáin. Chuir seisean spéis san seandálaíocht. Níor mhaslaigh sé na daoine. Thugadh sé aghaidh suas go Leaba Mhic na gCuan ar bharr an Chnoic Bhig, nuair a bhíodh an breosla coitianta - an bualtrach, á dhó agus an deatach a bhíodh uaidh ag cur as dó, ach ní bhfuair sé locht orthu á bharr. Bhíodh imní air faoi shláinte na ndaoine. Ní galamaisíocht a bhíodh aige nuair a théadh sé siar sa seomra sa teach lóistín ar thóir príobháideachais nuair a bhíodh an buidéal poitín á chur thart timpeall an teaghlaigh agus in ainneoin míchompoird fisiciúil follasach ar ócáidí, fuair sé, mar sin féin, saibhreas iontach i gcistineacha na n-Árannach.

  1. Ó Conghaile, Peait Sh a fuair bás in aois 91 bliain a thug an t-eolas seo dom.
  2. Mac Donnacha, Máirtín Dannach
  3. Uí Fhátharta, Máire, Baile an Dúna a thug an t-eolas dom.
  4. lbid
  5. Ó Conch. Micil R a thug an t-eolas dom
  6. Peadar Sh. Ph. Ó Meachair, Éamonn Ó Briain, agus Seán Choilm Mac Donncha a bhí sa mbád. Séamus Sheáin Ó Conghaile an fear a báthadh
  7. Ó Conch. Micil R a thug an t-eolas dom
  8. Ó Flatharta, B. C.B.Iml. 79,737
  9. Ó Conch. Micil R agus Ó Conghaile, Dara BM.
  10. Mac Anna, Tomás, Synge and the first Abbey Row, The Irish Times, Jan. 25 1987
  11. Westropp. J. Notes on Connaught and Clare 1885, T.C.D.M. 973
  12. Peait S. Ch. Mac Donnacha a thug an t-eolas seo dom
  13. Synge, J.M. The Aran Is. 50
  14. Cities and Sea-Coasts and Islands 1897, Luaite ag Ó hÉithir, An Aran Reader. 89
  15. Ó Flatharta, B. C.B. Iml. 79,737
  16. Ó Flatharta, S. Bh.
  17. Litreacha a scríobh an t-urr. Hamilton Synge Meith. 1851-Noll. 1852