Skip to main content

Lúb an Mhartello

[Gan Teideal]

Téacs: Mandaí Uí Mhurchí, Líníochtaí: David Hill

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1993. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Níos luaithe i mbliana d'fhoilsigh Cósta Chonamara sraith leabhráin a thugann cuntas ar shiúlóidí éagsúla sa gceantar. Sa sliocht seo thíos déantar cur síos ar ghnéithe áithride de stair Ros a' Mhíl a bhfuil iarsmaí de le feiceáil againn i gcónaí.

Thuig An Bhreatain luath go maith sa chogadh 1793-1801 in aghaidh na Fraince, go raibh cósta thiar na hÉireann leochailwach agus aibidh i gcóir ionraidh. Cruthaíodh dóibh go raibh údar imní acu nuair a tháinig General Humbert agus 1,000 saighdiúr Francach ina theannta i dtír i gCill Ala i gCo. Mhaigh Eo. Cloíadh fórsaí na Fraince faoi cheannas General Humbert ach tuigeadh do na Sasanaigh gurbh iad Cuan na Gaillimhe nó Inbhear na Sionainne na spriocanna a bhí ag Forsaí na Fraince chun a theacht i dtír ó thús.

Ar athosnú na gcogadh Francacha sa bhliain 1803 tosnaíodh scéim mhór ag tógáil Túir Martello, dúnta gunnaí móra, agus túir chomharthaíochta thart faoi chósta na hÉireann agus ar Abhainn na Sionainne.

D'fhonn Cuan na Gaillimhe a chiorcaladh agus a chosaint ó ionsaí, tógadh túir chomharthaíochta ar Cheann Léime i gCo. an Chláir, ar Inis Oirr, agus ar Cheann Gólaime i Leitir Mealláin. Tógadh Túir Martello ag Baile Uí Bheacháin, in Each Inis agus i Ros a Mhíl i gCuan Chasla. Tá imlíne neamhghnóthach ag túr Ros a Mhíl. Tá sé ag caolú isteach de réir a chéile ar a bhealach suas agus ansin ag leathnú amach ag a bharr, éagsúil leis an gceann in Each Inis agus leis an gceann i mBaile Uí Bheacháin. Bhí dabhach uisce faoina bhun, armlann, stórtha agus, aisteach go leor, áit chónaithe ann d'oifigeach amháin agus do thríocha saighdiúr. Tógadh an túr seo thart ar 1815 agus bhí cónaí ar shaighdiúirí ann go dtí 1836. Tá deá-chaoi fós air, cé gur baineadh roinnt clocha as na forbhallaí, agus tá an gunna mór agus an t-ardán trasnaíle a ghabhann leis ar an díon go fóill.

Tógadh Stáisiún Gárdaí Cósta i mBaile an tSléibhe idir 1860 agus1870. Bhí cónaí ar Ghardaí Cósta ann go dtí 1922 nuair a tugadh ar lámha don Rialtas dúchais é. Loisceadh é le linn na 'dtrioblóidí', agus níl ina sheasamh anois ach na fallaí agus an simléar ina lonnaíonn cáganna agus préacháin deargchosacha.

An tSeanchélbh

Is fada an lá iad na gleoiteogaí agus na huicéirí ag tarraingt móna as Ros an Mhíl go hÁrainn agus go Co. An Chláir agus earraí anoir ó Chathair na Gaillimhe. Tógadh an tseanchéibh sa bhliain 1877 agus an chéibh mhór nua-aimseartha sna 1970'óidí. I dteannta é a bheith ina chalaphort mór iascaigh anois, tá an-tóir ag turasóirí air mar ionad trasnaithe go hÁrainn ar bháid farantóireachta. Is fada an lá an bhrí atá le Ros a'Mhíl imithe i ndearmad. Séard is brí le Ros, ná píosa talún ag gobadh amach sa bhfarraige ach tugtar go leor míniúcháin éagsúla ar "Mhíl". D'fhéadfadh go gciallaíonn sé Maoil (cnoc íseal), Míol Mór nó fiú 'Mhíchíl', i ndiaidh Míchíl Uí Conaire, fear a raibh cónaí air sa cheantar tráth.

Teach Mór Chasla

Bé George lsmay a thóg teach mór Chasla. Tá an teach suite ar an abhainn in aice an chrosbhóthair a théann i dtreo na céibhe…Cuireadh i leith Ismay gur éalaigh sé den Titantic tré ghléasadh mar bhean agus go raibh an oiread náire air faoin eachtra sin gur theastaigh uaidh fanacht as bealach na ndaoine agus dul i bhfolach agus gurbh é sin an chúis gur thóg sé a theach san áit iargúlta sin. Tógadh scoil san áit a bhfuil an t-Ionad Pobail anois, sa bhliain 1885 agus tógadh an scoil nua sa bhliain 1969. Aisteach go leor, ní raibh aon séipéal i Ros a'Mhíl go dtí 1937 agus ba i dteach cónaí a thionóltaí seirbhísí eaglasta go dtí gur tógadh an séipéal nua. Ag breathnú anuas do dhuine ón taiscumar ar bharr an chnoic is díol spéise iad na céadta agus na mílte claíocha a bhí mar theorainneacha idir na tithe agus na páirceanna san am atá caite, agus b'fhiú smaoineamh ar na hathruithe móra atá tagtha ar an gceantar seo ó leag an chéad shaighdiúr Sasanach a chos ar thalamh ann agus an fhorbairt a tháinig ar Ros a'Mhíl ó bheith ina cheantar iargúlta talmhaíochta ag stracadh leis an ngannchuid go dtí Ros an Mhíl an lae inniu – calaphort crúógach mara agus iascaigh.

[Gan Teideal]