Skip to main content

Maitiú na Tamhnaí (1847-1923) - Diansaothraí agus Scoth Seanchaí

Le Séamas Ó Cualáin

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1992. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Ba i nDoire Luanaigh, baile atá ag bordáil ar thrí mhíle soir ó shráidbhaile an Spidéil, a rugadh agus a tógadh Maitiú O Curraoin nó Maitiú na Tamhnaí, faoi mar a thugtaí air. D'réir mar instear ba fhear scolbánta crua fáiscthe é le folt breá gruaige a bhí chomh catach leis an madra uisce.

Phós sé Nóra Ní Chualáin a bhí gaolmhar don chaptaen loinge, Liam Rua Mac Donnchadha, agus saolaíodh naonúr clainne dóibh - seisear mac agus triúr iníonacha. Ní miste a lua go raibh cáil i bhfad is i ngearr ar an gCaptaen Liam Rua óir b'eisean a thugadh imircigh ón taobh seo tíre go Meiriceá ina bhád mór seoil ar feadh na mblianta. Ag an am bhíodh ar na paisinéirí a gcuid beatha féin a thabhairt leo don aistear fada dainséarach farraige seo.

B'íontach an sracadh oibre a bhí i Maitiú. Fiú go dtí an lá atá inniu ann tá lorg a láimhe le feiceáil ag Feara Fáil ar a ghabháltas talún i nDoire Luanaigh, áit a ndearna sé tóchair, draenacha is bóithre a mhairfeas le saol na bhfear. Agus maidir leis na claíocha, a dtugtar "Claíocha Mhaitiú na Tamhnaí" orthu anois féin, meastar gur iomaí bliain fós iontu.

Is mór an lear scéalta a aithrisítear faoi shaothraí stuama Dhoire Luanaigh. Tráchtar go dtí seo ar an am ar thóg sé droichidín ar abhainn an Choilligh - soir ó Choláiste Chonnacht - agus nach mó ná sásta a bhí an Loinseach Mór lena chuid oibre óir shíl seisean nach seasfadh an droichidín i bhfad. lsteach le Maitiú ar an droichidín, rinne dreas damhsa air agus dúirt leis an tiarna talún: "Beidh tusa caillte curtha agus beidh an droichidín sin ina sheasamh!" Rud a b'fhíor dó mar tá an droichidín ina sheasamh ansin fós gan bhuíochas don saol.

 Cóil a’Ghabha (RIP), Na hAille, Indreabhán).

Cóil a’Ghabha (RIP), Na hAille, Indreabhán (Pic: Tadhg Ó Céidigh).

An lmirce

Ní raibh obair ar bith ós cionn acmhainne Mhaitiú na Tamhnaí. Níor leasc leis cliabh móna a iompar ocht míle bealaigh óna bhaile féin go Poll an Chladaigh i nGaillimh áit ar dhíol sé a chuid éadála ar thrí pingne. Agus ní raibh sé chun deiridh riamh ach oiread leis na fataí nua. "Fataí Bhóthar na Trá" a thugadh muintir Chois Fharraige orthu de bhrí nach raibh ach boicíní Bhóthar na Trá in acmhainn na fataí nua a cheannach. D'fhaigheadh Maitiú ó 4p go 6p an chloch ar na fataí seo thart ar Lá an Phátrúin (9 Meitheamh) ach thiteadh an luach go dhá phingin an chloch le linn aimsir na Rásaí.

Ar theacht mhí Lúnasa chuile bhliain bhailíodh Maitiú leis go hAlbain lena chorrán leis an bhfómhar a bhaint ansin. B'ait an fear corráin é. Ní dhearna sé an dara glac riamh de dhornán coirce agus bhí sé in ann deich stuca a bhaint, a cheangal agus a stucadh in aghaidh an lae. Sé pingne an stuca an pá a bhí dhó thall agus ní dheachaigh an ghrian i dtalamh lá ar bith nár shaothraigh sé coróin.

D'fhanadh sé in Albain go mbaineadh sé na fataí freisin. D'oibríodh sé seacht lá na seachtaine agus go hiondúil bhíodh suas le £50 saothraithe aige is é ag filleadh abhaile faoi Nollaig. Bhíodh an-drogall air i gcónaí roimh bóithrín na Ceapaí i mBearna mar bhí drochcháil ar an áit sin i ngeall ar go mbíodh robálaithe folaithe ag ceann an bhóithrín agus iad san airdeall orthu seo - agus go háirithe ar mhuintir Chois Fharraige - a bhíodh ag teacht amach as Cathair na Gaillimhe le go robálfaidís iad.

Seanchas is Tairngreacht

I dteannta a bheith ina fhear fíriúil i mbun a shaothair bhí ainm Mhaitiú in airde freisin de bharr a chuid seanchais is tairngreachta.

Ó tharla gur tháinig an tuar faoi roinnt den tairngreacht déantar neamhshuim dí sa lá atá inniu ann. Ach aineoinn sin ní féidir sáru cainteanna mar seo a fháil:

"Imeoidh an fheamainn den chloch,
Imeoidh an t-iasc den loch,
Imeoidh an t-éan den chraobh
Agus caillfidh na daoine a nádúr".

"Tiocfaidh an lá go séanfaidh fear a bhó féin ag doras a thí".

Agus é ag caint ar chúrsaí aimsire is cogaidh deir Maitiú: ''Níl aon stró go deo ar an domhan nó go dtosóidh na héanacha ag scaipeadh". (Bhíodh leagan dá leithéid ag Máirtín Ceannaí freisin.)

Deireadh Maitiú chomh maith go dtiocfadh an t-am a bhfiafródh an mac dá athair an raibh breac riamh sa bhfarraige sin (Cuan na Gaillimhe a bhí i gceist); nach n-aithneofaí an mháthair thar an iníon; go dtaistealódh daoine leathchéad míle le breathnú ar shearrach agus go mbeadh Éire faoi uisce seacht mbliana roimh dheireadh an domhain.

"Tiocfaidh an t-am a mbeidh bóthar ar gach logán,
Teach mór ar gach cnocán,
Droichead ar gach sruthán,
Béarla ag gach blocán,
Cóiste faoi gach breallán,
Is an saol uilig ina bhrochán".

Tubaiste

Thart ar 1898 tháinig bairille rum isteach le farraige taobh thiar de Chnocán na Gaillimhe i nDoire Locháin. (Ba iad bádóirí Chonamara a thug an t-ainm sin ar an gcnocán mar nuair a thagaidís chomh fada leis an áit seo bhí amharc acu ar Chathair na Gaillimhe soir uathu).

Fuair cúigear ógfhear de chuid na háite bás de bharr gur ól siad an rum amh seo. Duine den chúigear ba ea mac le Maitiú na Tamhnaí agus ní bhfuair bean Mhaitiú mórán saoil ach oiread i ndiaidh na tubaiste. Tháinig scaipeadh is fán ar an gcuid eile den chlann agus bhí Maitiú go huaigneach leis féin i ndeireadh a shaoil.

Is i Reilig Bhearna atá an dea-fhear seo ag fanacht leis an Aiséirí, go ndéana Dia trócaire air.

Maitiú na Tamhnaí (1847-1923) - Diansaothraí agus Scoth Seanchaí