Skip to main content

Ros an Mhíl

[Gan Teideal]

Edel de Paor & Aonghus Ó Flatharta

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2014. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Is baile fearainn beag atá i Ros an Mhíl atá suite timpeall trí mhíle fichead siar ó chathair na Gaillimhe ar bhóthar an Rí. Tá sé suite i gceartlár na Gaeltachta agus is í an Ghaeilge teanga an phobail.

Leithinis nó gob is ciall le 'Ros' agus meastar go dtagann 'an Mhíl’ ó mhíol mór a tháinig i dtír ar an leithinis fadó.

"Más fear saibhir thú le yacht,
Nó báidín le dhá sheas,
Beidh na céadta fáilte i Ros a' Mhíl romhat.
's más maith leat damhsa is ceol
Gabh síos Tigh Pheadair Mhóir
Nó Tí Terry más maith leat jiveáil."

'Siar go Conamara'
Pádraig Pheaitín an Táilliúra Ó Conghaile

Dhá theach tábhairne atá sa cheantar, an Chéibh, nó Tí Terry mar a bhíodh air agus mar is fearr aithne go fóill air i mBarr Roisín agus Tigh Pheadair Mhóir atá suite ar an mBánrach. Is sna hionaid seo a bhíonn ceol agus scléip ag muintir na háite mar a luaitear sna hamhráin a scríobh an file agus cumadóir amhrán as Ros an Mhíl, Pádraig Pheaitín an Táilliúra Ó Conghaile I m'fhear óg i Ros a' Mhí agus Siar go Conamara.

Fear eile a chum agus a chuir Gaeilge ar amhráin ba ea Tadhg P. Ó Séaghdha. Tháinig Tadhg go Ros an Mhíl sa bhliain 1941 agus é mar phríomhoide ar an mbunscoil. San am sin, bhí an bhunscoil sna Doireadha san áit ina bhfuil Áras Phobail Chois Cuain anois. Osclaíodh an seanscoil ar an gcéad lá de mhí Aibreáin 1886 agus bhí Tadhg mar phríomhoide ansin agus sa scoil nua a osclaíodh i 1969.

Ar cheann de na hamhráin a d'aistrigh Tadhg P. ó Séaghdha, tá Deoraí Ros a' Mhíl, claon aithris ar Galway Bay de chuid Francis A. Fahy. Nuair a chuimhnítear ar an amhrán sin, is é glór suaithinseach Antaine Pheaitín Terry Mac Donnchadha a thagann chun cuimhne. Boscadóir agus amhránaí den scoth agus fear uasal ab ea Antaine a fuineadh agus fáisceadh as traidisiún ceoil agus amhránaíochta na Gaeltachta. Ritheann féith an cheoil agus a ghifte nádúrtha go smior ina chlann a bhfuil bua an cheoil acu chomh maith.

Is iomaí stéibh a chas Antaine in Áras Pobail Chois Cuain a thóg muintir na háite agus a osclaíodh an 9 Bealtaine 1992. Reáchtáiltear imeachtaí áitiúla éagsúla san Áras mar aon le Biongó Choiste na Páirce, Ros an Mhíl chun an pháirc imeartha áitiúil, nó an Canal mar a thugtar uirthi go háitiúil, a chothabháil.

Tá an Canal suite leathbhealach idir an seanscoil agus an scoil nua. Rinneadh athchóiriú mór ar fhoirgnimh agus ar chlós na scoile sa bhliain 2010. Bhí Seán Leainde mar fheighlí ag an scoil ag an am sin agus mar a rinne sé le Club Óige Ros an Mhíl deich mbliana níos túisce, chabhraigh sé go mór le gasúir na scoile an dráma a scríobh sé féin Brionglóid Mháirtín a chur ar stáitse. Díreach mar a rinne an Club Óige, is iomaí gradam agus gaisce a bhain an scoil amach leis an dráma sin.

Fear éirimiúil, cruthaitheach, ildánach agus aisteoir den chéad scoth ba ea Seán a bhí páirteach i léirithe de chuid Amharclann na Mainistreach mar aon le drámaí áitiúla, cláir teilifíse agus scannáin. Fear a bhí i Seán a sheas i gceartlár a phobail agus go deimhin a chónaigh i gceartlár a phobail idir an bhunscoil, an siopa áitiúil agus an séipéal, Cill Treasa. Tógadh Cill Treasa an Linbh Íosa sa bhliain 1934 agus le ceithre scór bliain anuas tá sí ag feidhmiú mar lárionad don phobal i gcomhair ócáidí duairce agus ceiliúrtha. Téann daoine chuig Cill Treasa chun sólás a aimsiú le linn tréimhsí dorcha chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar ócáidí speisialta an tsaoil.

Is é an séadchomhartha is suntasaí atá i Ros an Mhíl an Túr Martello, nó an Battery mar a thugtar air, atá ar an taobh eile den leithinis ón seanbhaile, ag féachaint amach ar Chuan Chasla. Thóg na Sasanaigh 50 túr den chineál seo ar fud chósta na hÉireann chun iad féin a chosaint ó ionsaithe na bhFrancach. Bhí an túr seo ar cheann de thrí thúr a tógadh ar chósta na Gaillimhe idir na blianta 1811-1815. Tá cuma mhaith ar an túr go fóill, níl aon damáiste mór déanta leis an dromchla agus tá an gunna fós ar a bharr. De réir Bhailiúchán na Scol, 1938 bhí saighdiúirí fós sa túr i 1866 agus tugtar le fios go raibh a bpost fágtha acu faoi 1870.

Is i rith na tréimhse seo ó 1860-1870 a tógadh stáisiún an Gharda Cósta i mBaile an tSléibhe. Deirtear gurbh iad muintir Uí Thuairisc a bhí bhfeighil an stáisiúin go dtí timpeall 1922. Ina dhiaidh sin, mheath an stáisiún agus níl fágtha anois de ach spallaí.

Is ar an taobh eile den leithinis i mBaile Láir a mheastar gur tháinig an chéad lonnaitheoir go Ros an Mhíl. Deirtear gur thóg sé teach ann ag deireadh an 16ú haois. Tugadh 'Ó Conaire' air agus bhí fothracha a thí le feiceáil i mBaile Láir go dtí na 1950idí. Deirtear gurbh iad na Flathartaigh Ros an Mhíl agus na Curraoiní an chéad dá theaghlach eile a tháinig go dtí an ceantar.

Is i mBaile Láir anois atá lárionad an choláiste Gaeilge, Coláiste Chamuis, a chuireann cúrsaí Gaeilge ar fáil sa samhradh do dhéagóirí na tíre. Tá ionad ag Coláiste Chamuis i Ros an Mhíl ó 1992. Bíonn an ceantar breá bríomhar i rith an tsamhraidh nuair a chloistear daoine óga as gach cearn den tír ag labhairt agus ag canadh amhrán i nGaeilge agus iad ag freastal ar na cúrsaí.

Síos an bóthar ón gcoláiste Gaeilge tá an t-ionad turasóireachta is mó i Ros an Mhíl, an chéibh. Is as an gcéibh seo a théann na báid farantóireachta chuig trí oileán Arann. Tógadh an chéibh mar aon le monarcha éisc sna 1970idí, rud a chur go mór le cúrsaí fostaíochta agus turasóireachta an cheantair. As sin i leith tá borradh ag teacht ar an líon daoine a thugann cuairt ar oileáin Arann agus ar Ros an Mhíl. Is ar an gcéibh seo atá stáisiún an Gharda Cósta lonnaithe anois. Tá ionad agus trealamh den scoth acu agus obair fíorthábhachtach á déanamh acu. Is álainn an radharc atá le feiceáil ón mbád go hÁrainn as Ros an Mhíl, go deimhin. Feictear Aill an Bhlácaigh, Cnoc Ros an Mhíl, an Túr Martello, seanstáisiún an Gharda Cósta, Tóin an Chnoic agus Cuan Fhortail.

Tá áilleacht Ros an Mhíl á aithint anois ag leibhéal náisiúnta agus é mar chuid de Shlí an Atlantaigh Fhiáin, an bealach turasóireachta náisiúnta nua. Déanfaidh turasóirí a mbealach fud fad chósta iarthar na hÉireann agus Ros an Mhíl suite i lár a dturais. Beidh togha an phionta Guinness agus suíochán cois tine le fáil ar a gcompord acu Tí Pheadair Mhóir nó sin béile agus deoch ar a sáimhín só Tí Terry.

"Dá bhfaighinnse arís fuil m' óige is brí
I m' chroí tá anois go tláth
Ar stór an rí 's ar ór an tsaoil
Ní fhágfainn choíche do thráigh.
D'altóinn go buíoch a bhfaighinn ó Dhia
Measc comharsanaí gan chluain
Gó sínfí siar mo chnámha i d'chill
A Ros a' Mhíl cois chuain.

'Deoraí Ros a' Mhíl'
Tadhg P. Ó Séaghdha