Skip to main content

Na Scoileanna Éigse agus Seanchais

 Máirín Mhic Lochlainn.

Máirín Mhic Lochlainn

Máirín Mhic Lochlainn

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2010. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Is dóigh go mbeadh sé fíor a rá go raibh baint a bheag nó a mhór ag na Scoileanna Éigse agus Seanchais leis an athrú ó litríocht an bhéil bheo go dtí litríocht an phínn agus na léitheoireachta. Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe a bhunaigh na scoileanna seo i 1956, chun deis a thabhairt do scríbhneoirí dul i mbun pínn; agus ó tharla go mbíodh an teacht le chéile sna tithe go minic, nó sna scoileanna, ní bhíodh an oiread céanna drogaill ar dhaoine dul chucu agus a bheadh orthu dul go áit fhoirmeálta ar nós leabharlainne, mar shampla.

Tá sé aisteach nár tugadh agus nach dtugtar morán aitheantais do na duaiseanna a bhuaigh daoine i gcomórtais na Scoileanna Éigse agus Seanchais. Sampla amháin de seo, ná nach bhfuil aon tagairt déanta dóibh in aon réamhrá a déanadh ar shaothair Joe Steve Ó Neachtain, cé go gceapann Joe féin go raibh tábhacht leo ina shaol scríbhneoireachta. Nuair a bhí mé ag cur in iúl dó, i 2007 go raibh mé ag scríobh tráchtais ar a cheird mar dhrámadaóir, dúirt sé liom marach na Scoileanna Éigse agus Seanchais ní bheadh a fhios agam go raibh mé in ann scríobh ar chor ar bith. Thug mé faoi deara nach luaitear na SE & S i saothar Chóil Learaí Ó Finneadha ach an oiread, cé go luaitear ina chnuasach Filíocht agus Feannadh go bhfuair sé duais ar Agallamh an Stróinse. Ní deirtear ach Agallamh beirte é seo ar bhain an file agus Norita Ní Chartúir duais amach air i gCorr na Móna. Is amhlaigh atá leis an agallamh idir Maggie agus An Seanleaid...ar bhain an bheirt chéanna duais leis i gCarna. Is ag Ollchruinnithe na Scoileanna Éigse agus Seanchais a fuair siad na duaiseanna seo.

Bhíodh muintir Achréidh na Gaillimhe, mar a thugann muid i gConamara ar an gceantar taobh thoir de chathair na gTreabh, an áit a dtéadh siad ag spailpínteacht fadó, páirteach sna scoileanna éigse agus seanchais. Ar na bailte a bhíodh páirteach bhí Baile Chláir na Gaillimhe; Anach Duain; Orán Mór agus Tamhain. Ar na bailte a bhíodh páirteach sna scoileanna taobh thiar don Choirib, bhí Na hAille; Ros a' Mhíl/An Tulach; An Cheathrú Rua; Tír 'n Fhia; Ros Muc; Carna; Corr na Móna agus Maigh Cuilinn.

Bhí sé den ádh orm gur ar mo chrann a thit sé na seanthaifid ó ollchruinnithe na Scoileanna Éigse agus Seanchais a aistriú ó sheantéipeanna go dtí dlúthdhioscaí sna blianta 2002 -2005, do Theanglann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus atá anois faoi chúram na Cartlainne ansin. Bhí athrú mór le tabhairt faoi deara ar chomórtais na nollchruinnithe i rith na mblianta. Mar shampla i 1957 (an chéad Ollchruinniú ar a dearnadh taifead) i nGairmscoil an Phiarsaigh i Ros Muc, ba iad lucht na ngearrscéal, na n-agallamh beirte agus na díospóireachta a bhí san iomaíocht. Dán amháin a taifeadadh, an dán fada Aithrigh an Pheacaigh le Joe Shéamuis Sheáin Ó Donnacha, nó File Bhaile na mBroghach mar bh'fhearr aithne air. De réir mar a bhí na blianta ag imeacht bhí méadú ag teacht ar líon na ndán, agus laghdú ag teacht ar líon na ngearrscéal. Ní h-é amháin go dtáinig laghdú ar líon na ngearrscéal, ach gearradh siar an méid ama a bhíodh ag na h-údair lena scéal a inseacht, agus bé a rinne go leor acu, ná gan ach cuid den scéal a inseacht. D'fhéadfaí a rá gur athrú mór é seo, mar roimhe sin á fhaideacht á mbíodh scéal b'amhlaigh a b'fhearr an seanchaí. Ach caithfear cuimhniú go raibh an saol ag athrú sna seascaidí, mar go raibh aibhléis i go leor tithe, raidió i mbeagnach gach teach, agus méadú ag teacht ar an líon tithe a raibh an teilifís acu. An toradh a bhí ar seo, ná go raibh ré na seanchaithe ag imeacht, agus laghdú ag teacht ar na hoícheanta arneáin agus scéalaíochta.

Bhí a gcaitheamh aimsire féin ag gach teaghlach istigh i gcúinne a dtigh féin anois, agus solas maith acu leis an bpáipéar nuachta nó leabhar a léamh. Cuireadh deireadh le Comórtas Díospóireachta na SÉ&S i 1971. Comórtas a bhí ann ón tús ina mbronntaí dhá dhuais, ceann ar dhuine a bhíodh ar shon an rúin, agus ceann ar dhuine a bhíodh ina choinne.

Le h-imeacht ama tháinig athrú ar leagan amach na n-ollchruinnithe, agus faoin mbliain 1965 bhí comórtas ann don Bhailéad Nua-Cheaptha, agus sna blianta 1971-1973, bhí comórtas ann do Bhailéad Staire Nua-Cheaptha. Rinneadh suas an comórtas Filíochta, le comórtas amháin do mheadracht agus comórtas eile do shaor-véarsaíocht. Bhí an tAgallamh Beirte ar cheann de phríomh imeachtaí na scol ó thús ama agus b'amhlaidh a bhí go dtáinig deireadh leo. Ach, an méadú ba shuntasaí ar fad ná an méadú a tháinig ar líon na ndaoine óga a ghlac páirt, go háirithe i gcomórtas na n-agallamh beirte, agus sa gcomórtas fílíochta a bheag nó mhór. Le h-imeacht ama freisin ghlac mná páirt sna comórtais, rud nach raibh amhlaigh ag an tús. Ar ndóigh tháinig athrú ar chúrsaí fuaime freisin ó bheith ag taifeadadh ar shean-téipeanna seacht n-orlaí go dtí fístéipeanna a dhéanadh le ceamara.

Thosaíodh chuile oll-chruinniú le Fógra Féile, a bhíodh cumtha ag duine de bhaird na scoile a bhí ag reachtáil an ollchruinnithe an bhliain áirithe sin, ag cur fáilte roimh an dream a thagadh óna Scoileanna Éigse eile ar fud an chontae. Amannta léadh an file féin an Fógra Féile, agus amannta eile b'é fear a' tí a léadh é. B'é fear a' tí a chuireadh na filí, na scéalaithe, lucht na n-agallamh beirte, na mbailéad agus ná díospóireachta i láthair an tslua. B'é a chuireadh in aithne na moltóirí freisin.

Sul a gcríochnóidh mé tá cupla duine a chaithfidh mé a lua mar go raibh baint mhór acu le h-imeachtaí na Scoileanna Éigse agus Seanchais, agus siad sin Oilibhéar Ó hEidhinn nach maireann a bhí ina Phríomhoifigeach ar Choiste Ghairmoideachais an Chondae a thugadh oráid ghonta ag tús na h-imeachta, ar feadh na mblianta. B'é an tOllamh Liam Ó Buachalla, Ollamh le Eacnamaíocht i gColáiste na hOllscoile Gaillimh a rinne na chéad thaifid do imeachtaí na Scol, agus ba iad Seán Mac Íomhair agus Patsy Nic Fhlannchadha ón dTeanglann san Ollscoil a rinne na taifid eile, cés moite de bhliain a ndearna Mr. Nash an taifeadadh. Sna blianta deireannacha d'imeachtaí na Scol bhíodh an Dochtúir Cáit Ní Dhómhnaill ó Roinn na Gaeilge san Ollscoil i mbun moltóireachta i dteannta An Ath. Eric Mac Fhinn agus ionadaí ón gCoiste Gairmoideachais.

Céad sláinte leis na Scoileanna Éigse
Ba mhaith ann iad sna laethanta d 'imigh
Is iomaí File, Scéalaí, Bard is uile
Nach gcloisfí fúthu marach na hOllchruinnithe.

Nach mbeadh sé go deas agus go maith dona healaíona á mbeadh a leithéidí arís ann?

Máirín Mhic Lochlainn, Márta, 2010.