Skip to main content

Seán Chóilín Ó Conaire (1913-1991)

 Seán Chóilín Ó Conaire.

Seán Chóilín Ó Conaire

Liam Mac an Iomaire

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1992. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Thíos ar shochraid Dhiarmaidín Uí Shúilleabháin i gCúil Aodha a bhí go leor de phobal Éigse na hÉireann nuair a scaip an scéala go raibh Seán Chóilín Ó Conaire as Ros Muc, fonnadóir cáiliúil eile, caillte freisin. Níorbh ionann is bás anabaí Dhiarmaidín, bhí a fhios ag cairde Sheáin Uí Chonaire go raibh sé in Ospidéal Naomh Breandán i mBaile Locha Riabhach le tamall roimhe sin agus bhí tamall caite roimhe sin arís aige i dTeach Banaltrais Pháirc Mheirlinne i nGaillimh, de bharr timpiste a bhain dó ar cheann de shráideanna na cathrach sin. D'fhág an timpiste céanna seachrán ar a chuimhne, rud a d'fhág an stór mór amhrán a bhí ina cheann aige, cé is móite den bheagán acu atá curtha ar bhuantaifead, ar throigh gan tuairisc. Ar an tríú lá de mhí na Nollag 1991 a bhásaigh sé agus na ceithre fichid beagnach slánaithe aige. Bhí sé ina bhaintreach ar dhá phósadh; aon iníon amháin a bhí aige leis an gcéad bhean agus tá sise pósta i Sasana le Búrcach as Co. Thiobrad Árann.

Ar an Turlach i Ros Muc a rugadh Seán in Eanáir na bliana 1913. Bhí a athair agus a mháthair "luchtaithe le hamhráin", mar a deireadh sé féin, agus cé go raibh fonnadóirí maithe go flúirseach ina thimpeall i Ros Muc deireadh sé go mba é Pateen Chóil Shíle Ó Fiannachta (duine den tseisear a bádh go tubaisteach i Snámh Bó le linn a óige) an t-amhránaí ab fhearr dar chuala sé riamh. Chuaigh an chlann go Co. na Mí sna ceathrachadaí agus ba ansin a casadh a chéad bhean air - bean de chlainne 'ac Dhonncha as Doire Choill a raibh a muintir sise tar éis dul go Co. na Mí freisin. Nóra Nic Dhonncha a bhí uirthi, iníon le Neil Sheáin Terry agus le Cóil Choilm 'ac Dhonncha. Fuair sí bás go hóg, naoi mí tar éis an chéad pháiste.

Tar éis do Sheán scaitheamh a chaitheamh sna saighdiúir ar an Roinn Mhór i nGaillimh bhíodh sé ag obair ag Teachta Dála dar ainm dó Matt O'Reilly.

Chaith sé roinnt mhaith blianta i Sasana agus ansin tháinig sé go Baile Átha Cliath, áit ar phós sé baintreach as Inse Chaor agus ar chaith sé cúig bhliana ag obair i ngrúdlann Guinness. Chaith sé tréimhse eile i Sasana níos deireanaí nó gur fhill sé ar Éirinn go buan agus go ndeachaigh sé ag cónaí i nGaillimh, áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol.

Ba fear é Seán Ó Conaire nár ghlac le máistir ná le máistreacht. Le hais cáil na n-amhránaíocht, b'í cáil na saoirse an cháil mhór eile a bhí air. B'é spiorad na saoirse ar a dhá chois é. Is dóigh gur ar an gclár AERIRIS a bhíodh ag Proinsias Mac Aonghusa ar Raidió Éireann a chuir pobal na Gaeilge aithne air féin agus ar a chuid amhráin i dtús ama agus ansin ag comórtais sean-nóis an Oireachtais - áit ar ghnóthaigh sé duaiseanna móra, gan trácht ar éachtaí eile a bhí ina bhfinscéalta ar fud na tíre faoi lena linn féin. B'iad na hamhráin a shaol agus chaith sé a shaol ar fad á mbailiú agus á gcasadh. Is mór is fiú gur bhailligh Micheál Ó Conghaile roinnt acu uaidh agus go bhfuil deich gcinn acu sin curtha amach aige ar chaiséad ó Chló Iar-Chonnachta. Máire Mhór an t-ainm atá ar an gcaiséad - ainm an amhráin a thug Seán féin ar ais ón mbás, d'fhéadfá a rá, nuair a tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer fiche bliain ó shin. Tá roinnt eile fós ar an gcaiséad Dé Danann. Rinne Maidhc P. Ó Conghaile clár breá teilifíse faoi Sheán agus tá roinnt eile déanta faoi, creidim, nár facthas fós.

"An té a mholas an éigse féach go maireann go deo".