Skip to main content

Siopa Uí Mháille: Agallamh le Frank a'Mháille

 Tomás Ó Máille agus a bhean, Máire Coirbín.

Tomás Ó Máille agus a bhean, Máire Coirbín.

Meta Uí Mháille

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2004. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Tá Siopa Uí Mháille i Rosmuc le os cionn céad bliain go maith. Labhair Frank a' Mháille le Meta Uí Mháille faoi stair an tsiopa agus an saol mar a bhí.

Bhuel ba as Dúchta a tháinig na Máille, agus is fada fada siar é. Ba dhuine d'ochtar clainne é m'athair mór, Tomás. Bhí ceathrar leaids ann agus ceathrar mná. Sé an t-aon duine amháin acu é a d'fhág an tír, agus chomh fada le mo bharúil phós sé sul má d'fhág sé Dúchta.

Phós sé comharsa, Máire Coirbín agus chuaigh siad go Sasana. D'fhan an dream eile ag baile, phós siad agus d'fhág siad rian ar Chorr na Móna, idir Seoige, Droighneáin agus Lowerys, sin iad na gaolta a bhí againn. Ach chuaigh sean Tom a' Mháille mar a tugtaí air go Sasana. Rugadh gasúr leo i Sasana - Bríd, sin í a bhí pósta ag Paitín Dan, san áit a bhfuil cónaí ar Mháire Uí Chonaola nó Mary Ivy mar thugann muid uirthi. Ise ba sine, chomh fada le mo bharúil, Pádraig a bhí ar an dara duine agus ansin m'athair Michael, Johnny, Cólman agus Mary Ann. Cailleadh Mary Ann nuair a bhí sí seacht mbliana.

Chuaigh Pádraig go Pittsburg, is ann a cailleadh é. Nuair a tháinig Tom a' Mháille abhaile sé an áit a dtáinig sé ar dtús go hUachtar Ard. Chomh fada is a fuair mé eolas bhí gaol éicínt aige in Uachtar Ard agus déarfainn go raibh faoi fanacht in Uachtar Ard, ach chuala sé faoi áit a bhí dá dhíol i Rosmuc, sin a chas go Rosmuc é.

An áit a bhfuil muid anois ba ag clainne Confhaola a bhí sé. De réir an eolais a bhí ag John Mhichael Phádraig Antaine bhí gaol acu le Saile Tom Shaidhb. Tá an teach a bhí ann ag an am ina sheasamh fós, sin é an scioból atá taobh thoir den teach s'againne.

Nuair a tháinig Tom a' Mháille go Rosmuc ar dtús ba thíos i dTeach na Leachtaí a bhí sé, an áit a bhfuil Tigh Mhicil Pháidín, bhí baicéara ansin, ach níl an scéal agam.

Níl mé siúráilte cén uair a d'oscail siad an siopa anseo. Rugadh m'athair in 1884 ach chaitheadh sé go dtáinig Tom a' Mháille go Rosmuc thart ar 1870.

Cheannaigh sé an áit seo agus thóg sé an teach seo. Thóg sé an teach ina bhfuil an tlonad Sláinte anois agus phós mac leis Cóilín ansin. Sé a thóg an teach a bhfuil Tigh Chlarke ann agus sé Johnny a bhí ansin. Is aisteach an rud a rinne sé agus cheistneá an ndearna sé an ceart, bhí siopa ins chaon áit acu agus an triúr acu ag coimhlint lena chéile. Nuair a bhreathníonn tú siar air insíonn sé céard a bhí ar bun san am, bhfuil fhios agat bhí an oiread sin siopaí ag teastáil, ní raibh carranna ag daoine ná bicycles agus bhíodh go leor siopaí beaga i chuile áit. Ach sin a rinne seisean bíodh sé ceart nó contráilte.

Thosnaigh sé an-bheag, chloisinn m'athair ag caint air. Ag an am thógadh siad muc, chuireadh sé an mhuic ar charr capaill agus théadh sé go Baile an Róba ar an margadh leis an muic a dhíol. Cheannaíodh sé cúpla mála plúir ar a luach le tabhairt abhaile le díol. Sin é an sórt saoil a bhí ann san am sin. Ní thuigfeá é, níor thuig mise é gan trácht ar an dream óg anois.

 An teastas a bronnadh ar Mhicheál Ó Máille i Londain 1912.

An teastas a bronnadh ar Mhicheál Ó Máille i Londain 1912.

Níl fhios agam cén uair a fuair siad Oifig an Phoist, ach bhí Oifig Poist sa gceantar roimhe. Amuigh ag Tigh Bheartlín Antaine a bhí an tseanoifig, sa seanbhalla gar don teach ansin. Níl mé in ann a rá cé aige a raibh sé. Ach sí mo sheanmháthair a fuair an Oifig anseo, ní hé Tom Ó Máille. An t-údar a bhí leis sin de réir mar a dúradh liom, ní raibh aon léann aige fhéin, ach muna raibh bhí cloigeann maith air i mbealaí eile.

Ba as Sligeach mo mháthair, Bridget Quinn agus sé an bealach a casadh ar m'athair, Michael a' Mháille í ná go raibh deirfiúr léi - Ann - in Uachtar Ard. Bhíodh sí seo ag obair do Bhord na gCeantar Cúng. Bhí gnó aici, ag déanamh geansaithe agus earraí cniotáilte. Thóig sí teach in Uachtar Ard, an chéad teach ar thaobh na ciotóige ar an taobh thuas den droichead ar do bhealach go Gaillimh. Tháinig mo mháthair ar cuairt aici. Bhíodh m'athair ag plé le beithígh, bhíodh sé ag dul ar aontaí agus casadh ar a chéile iad. Phós siad i 1925, sin é an bealach a dtáinig sise go Rosmuc.

Ba feirmeoirí beaga a bhí ina muintir thuas gar do Bhanada, Tubbercurry. Chuaigh sí ar scoil ag na mná rialta ansin. Chonaic siad go raibh sí go maith lena lámha, thógadar isteach í agus thugadar léann di. Chuaigh sí ina dhiaidh sin go dtí an College of Art i mBaile Átha Cliath. Tar éis an Chogaidh Mhóir chuaigh dream damhseoirí, ceoltóirí agus daoine le scileanna éagsúla anonn go Meirceá. Chuaigh sise in éineacht leo agus chaith siad sé mhí i Meirceá. Bhí deirfiúr léi pósta i Meiriceá. Bhíodh muid ag fiafrú di blianta ina dhiaidh sin ar mhaith léi dul ann aríst, "chaith mé mo dhóthain ama ann" a déarfadh sí, "chonaic mé mo dhóthain".

Ní raibh aon Ghaeilge aici nuair a tháinig sí go Rosmuc, ach d'fhoghlairn sí í, b'fhéidir nach Gaeilge mhaith a bhí aici . Bhí Gaeilge aisteach aici, tá sé chomh maith dom a rá, rinne sí a cuid Gaeilge fhéin de. Bhí an-suim ag mo mháthair i mbláthanna agus i ngarraíodóireacht - "fág amuigh anseo mé" a deireadh sí. Chuir sí ar m'athair garraí a dhéanamh di - "as ucht Mac Dé ort, a bhean" a deireadh sé "féach an méid airgid atá tú a chaitheamh leis sin". Ní raibh aon Bhéarla ag m'athair go raibh sé suas ina leaid óg - bhíodh múinteoir ag dul thart agus d'fhanadh sé i dtithe sa gceantar, bhíodh sé ag múineadh Béarla agus sin é an chaoi ar fhoghlaim m'athair Béarla.

Ach bhí sé de bhua agamsa anseo go raibh Gaeilge agus Béarla agam, tá an Ghaeilge togha agus tá súil agam go mbeidh sí beo agus go mairfidh sí, ach ní féidir déanamh gan Béarla.

 Michael a' Mhállle agus a bhean Bridget.

Michael a' Mhállle agus a bhean Bridget.

Bhí an-suim ag m'athair i gcaiple agus i mbeithígh. Bhí baint aige le bunú Chumann Chapallíní Chonamara. Bhíodh dream ag teacht ag iascaireacht go Scríb, dochtúir as Harley Street i Londain ar dhuine acu. Bhí practice mór aige agus ba capaill a bhíodh aige mar bhealach taistil, ní raibh carranna ann ag an am. Bhí cúig nó sé de chapaill aige. Chuir sé fhéin agus m'athair aithne ar a chéile. D'iarr sé ar m'athair dhá mbeadh sé in ann cúnamh a fháil dó an dtabharfadh sé capaill go dtí an Olympic Stadium i Sasana. Bhí m'athair ina fhear óg ag an am sin, ocht mbliana fichead d'aois agus dúirt sé go dtabharfadh.

Séard a bhí sa seó i Londain ná taispeántas de gach cineál stail agus láir sa domhan. Thug m'athair stail agus láir anonn, bhí Joeín a' Bhreathnaigh as na hOileáin in éineacht leis, sin i 1912. Tá teastas sa teach a bronnadh air ag an am. Bhí an-spéis aige sna caiple, bhí go leor eile a raibh caiple acu nár thuig an méid a bhí an Department a dhéanamh, mar go raibh Capaillíní Chonamara dhá milleadh. I 1923 tháinig dream acu le chéile thíos i nUachtar Ard agus sé m'athair a scríobh na chéad miontuairiscí. Is as sin a tháinig Cumann Chapaillíní Chonamara agus Seó Chapaillíní Chonamara a bhíonn ar siúl sa gClochán.

An Piarsach

Sé m'athair a thóg an Piarsach isteach nuair a tháinig sé go Rosmuc an chéad lá ariamh. Tháinig sé go Maam Cross ar an traein, tugadh isteach anseo é agus is anseo a d’fhan sé na chéad laethanta. Níor chuir sé mórán aithne air dáiríre taobh amuigh de sin. Níor thuig an gnáthdhuine anseo é. Brionglóir a bhí ann, níor tuigeadh é, bhí sé i bhfad chun cinn ar a am. Deireadh mo mháthair, réabhlóidí ceart a bhí inti thairis m'athair - "níor tuigeadh ariamh an tÉirí Amach" a deireadh sí "nó gur crochadh iad. Chomh luath is a crochadh iad, d' athraigh an scéal, d' athraigh an tír." Bhí deirfiúr mo mháthar in Uachtar Ard, an-ghníomhach i gCumann na mBan.

An Siopa

Sé an obair is mó a bhí ag baint le siopa sna blianta siar ná go raibh chuile shórt le meáchan. Bhí chuile shórt ceart ach tae, bhí go leor deannach ann, théadh sé suas i do shrón agus i do chuid gruaige.

Tá athrú mór tagtha ar an saol. Le linn m'óige, nuair a thagadh daoine ag siopadóireacht - mura mbeadh siad ag ceannacht plúir - ba mhór an siopadóireacht £1. Céard a cheannófaí? Tae, siúcra, gallaoireach, b'fhéidir éadach corr uair, ní raibh an t-airgead ann. Bhí a gcuid fhéin acu ag baile. Bhí an t-im acu fhéin, an bainne, uibheacha agus neart fataí. Go leor den stuf a ceannaítear sa siopa anois, bhí sé acu fhéin ag baile. Tá an lá sin imithe, táthar ag brath ar an siopa le haghaidh na rudaí sin ar fad anois.

Thugadh muintir na háite isteach uibheacha. Chaithfeá ceadúnas a fháil chun uibheacha a cheannacht agus chuirtí chun bealaigh go dtí Cartoon Brothers i mBaile Átha Cliath iad. Déarfainn gur muid féin agus Tigh Chonroy an t-aon dream a bhí dhá dhéanamh sin, ach ní raibh sé ach ar scála beag, ní raibh sé ar an leibheál céanna chor ar bith leis an taobh eile de Ghaillimh.

Thagadh beagán den stuf i gcomhar an tsiopa go dtí an Teach Dóite (Maam Cross), nuair a bhí an traein ag teacht ann, ach bhí bodráil an diabhail as sin ort. Bhí ort carr capaill a fháil lena thabhairt isteach - aistir 10 míle. Sé an bealach is mó a thagadh sé ná aníos as Gaillimh i mbád, sa Morning Star (an Réalt a tugtaí go háitiúil uirthi), bád mór Mhaitiais Uí Mháille aníos as Tigh Mháirtín Mhóir, Tigh Phalmers agus chuile shiopa eile thart.

Plúr agus bran is mó, ní raibh aon chaint ar eorna, plúr, sin a raibh glaoch air. Is cuimhneach liom go mbíodh m'athair ag rá go raibh Maitias in ann 20 tonna a thabhairt leis. Ó 18-20 tonna an lucht stuif a thugadh siad go dtí an Sruthán Buí agus na creatúir shaothraigh siad é, sin siar sna 30aidí.

Is cuimhneach liom go minic go dtéadh Maitias go Gaillimh, é fhéin agus Michael Mhicil Dharach. Bheadh tú ag súil leo ag am áithrid, an chéad rud eile geofá scéala go raibh orthu tarraingt isteach sa Spidéal ag drochaimsir agus b'fhéidir go gcaithfeadh siad dó nó trí de laethanta ansin. Isteach sa Sruthán Buí a thagadh siad. Nuair a chuimhneá ar a shaothraigh siad, bhíodh sé le caitheamh aníos ar an gcéibh, ón gcéibh isteach i gcarr capaill agus ansin le caitheamh anuas aríst, bhí an oiread oibre ag baint leis.

Bhí carr capaill againn fhéin agus thagadh carr eile le cúnamh a thabhairt an stuf a thabhairt aníos ag an siopa. Bhíodh sé ansin le leagan aríst ag na cuistaiméirí, mar bhí cuid mhaith de na bailte i bhfad uait - muintir Chamuis, muintir Ghleann Treasna agus Leitir Móir na Coille, chaitheadh tú, ní raibh aon bhealach eile acu. Bhí sé i gcónaí de thraidisiún anseo agus Tigh Chonroy stuf a leagan. Tugtaí ábhar tí, adhmad agus sclátaí agus chuile shórt anoir sa mbád. Is anoir ar an bhfarraige a tháinig mórán chuile rud.

An Choláiste Tin · Coláiste an Phiarsaigh

Bhí baint mhór ag m'athair agus ag go leor eile as an áit léi - Colm Ó Gaora, an tAth. Kenny, Pat Chon, bhí go leor acu ann. Anoir as Tigh Mháirtín Mhóir a tháinig an stuf. Déanadh saor é, tin agus adhmad, d'fheil sé san am. Bhí sé de riachtanas ag dream a bhí ag dul ag múineadh scoile go gcaithfidís cúrsa Gaeilge a dhéanamh ar feadh trí mhí sa samhradh.

Sin é an t-am a bunaíodh Coláiste Chonnacht sa Spidéal, coláiste eile sna Forbacha - Coláiste an Phiarsaigh a bhí uirthi freisin agus an ceann anseo i Rosmuc. Osclaíodh í i 1933 agus mhair sí go dtí 1937. Sé an fáth ar thit sí as a chéile ná gur fritheadh réidh leis an riachtanas ó thaobh na Gaeilge agus ní raibh an t-éileamh céanna ar chúrsaí Gaeilge ansin.

Monarcha cniotála

Cailleadh deirfiúr mo mháthar a raibh an obair chniotála aici in Uachtar Ard i 1933. Choinnigh mo mháthair an obair ar siúl ansin ar feadh píosa, bhí triúr cailíní ag obair ann. Le himeacht na mblianta, d'éirigh siad sin sean, d' éirigh siad as an obair agus dhíol sí an teach thíos. Bhí sé i gcónaí ina hintinn tosnú anseo i Rosmuc.

Bhí ceann de na stórtha anseo ar cíos ag Gaeltarra Éireann. Ansin thit an Choláiste Tin i léig agus thóig Gaeltarra Éireann ar léas é agus nuair a chuaigh sé sin síos thosaigh mo mháthair aríst beagán cniotála sa stór a bhí folamh. Bhí cúigear nó seisear cailíní ag obair ann.

Seirbhís Taistil

Bhí seirbhís taistil againn - ag plé leis na báid is mó agus ansin eitiltí nuair a thosaigh Riananna. Ní raibh sé mór. Muintir na háite fhéin a mbíodh muid ag déileáil leo den chuid is mó. Bhí go leor ag imeacht ag an am sin, bhriseadh sé do chroí, chuile dhara duine ag imeacht agus céard eile a bhí acu?

Tar éis an chogaidh bhriseadh sé do chroí nuair a thagadh dhaoine abhaile a bhí imithe le dhá scór blianta. Bhí a muintir caillte, an dream a raibh aithne acu orthu caillte agus b'fhada leo go mbeadh siad imithe as an áit arís. Ach an dream a d'imigh tar éis an chogaidh, 'bhfuil fhios agat, d'athraigh rudaí, bhí siadsan in ann a theacht ar ais i gceann deich mbliana nó dhá bhliain déag, agus maidir le anois tá leath an phobail anonn is anall, níl aon suntas air.

Scoil

Chuaigh mé fhéin agus Brenda ag an scoil ar an Turloch Beag. Chuaigh mise ina dhiaidh sin go Coláiste Sheosaimh i Ros Cré i dTiobraid Árann agus bhí fáth leis sin. Theastaigh ó m'athair scoil a thabhairt dúinn ach cá gcuirfí mé? Bhí fear as taobh thoir de Ghaillimh, Áth Cinn a bhíodh ag fanacht Tigh Johnny a'Mháille in Eiliúrach. Bhí m'athair ag cur tuairisce leis agus dúirt sé leis go raibh fhios aige faoin scoil seo i Ros Cré a dtéadh go leor as Áth Cinn ann. Sin é an bealach a ndeachaigh mise go Ros Cré i 1941 agus bhí mé ansin go dtí 1946.

Bhí an-suim agam in aclaíocht ar nós aon leaid óg. Bhí an-bhéim ar rugbaí, ba rud é a bhain leis an scoil. Bhí iománaíocht ann freisin ach ní raibh aon mhaith linne, ní raibh aon taithí againn air. Ní raibh ann ach triúr againn as Conamara, mé fhéin, duine as an gClochán agus duine as an Líonán. D'imir mé rugbaí leis an scoil, ar an wing a bhínn. Coisí a bhí ionam, b'fhearr liom an aclaíocht, fuair mé boinn i gCúige Chonnacht agus i gCúige Laighean san aclaíocht.

I mbun an tSiopa

M'anam nuair a bhí mé seacht mbliana d'aois cuireadh ag obair sa siopa mé, ní dhearna sé blas dochair dom agus b'fhéidir cúpla clabhta a fháil freisin mura mbeinn ag déanamh an rud ceart.

I 1946 a chuaigh mise i mbun an tsiopa anseo agus tá mé ann ó shin. Sin beagnach trí scóir bliain. Fuair mé an tsláinte lena dhéanamh buíochas le Dia. Tá go leor athruithe feicthe agam i rith an ama sin. Nuair a thosaigh mise anseo bhí sé an-chrua, sin é an t-am a raibh an chandáil nó an ration ann. Ní raibh tada le fáil ag daoine, leath unsa tae, unsa ime is mar sin sa tseachtain. Bhí candáil ar chuile ní. Bhí liosta le déanamh amach do na tithe agus do chuile dhuine i ngach teach, cé mhéid unsa tae, im, plúr, tobac, gallaoireach, coinnle, éadach srl a bhí ag dul do chuile dhuine. Iad le meachán, bhí go leor bodráil ag coinneáil cuntas orthu sin.

Sin é an t-am is measa a bhfaca mise an saol, le linn an chogaidh agus go gairid ina dhiaidh, ní raibh tada ann. Is dócha go raibh an saol go dona roimhe sin ach nach cuimhneach liom é. Le linn an chogaidh agus go gairid ina dhiaidh, bhí cruatan ann. Is cuimhneach liom uair anseo, bhí dream ag fanacht le plúr agus coinníodh Maitias i nGaillimh ar feadh seachtaine ag drochaimsir, bhí daoine ag fáil ocrais, ní thuigeadh dream anois é. Ní raibh neart ag aon duine air, bhí an aimsir go dona agus ní raibh aon bhealach eile ann. Bhí daoine go maith le chéile, roinn siad le chéile, ach ní raibh mórán le roinnt nuair a bhí an ration ann.

Ní raibh sé chomh dona i ndiaidh aimsir an chogaidh, bhí daoine in ann scríobh is léamh agus bhí an t-airgead ag teacht ón dream a bhí imithe as baile. Is cuimhneach liomsa faoi Nollaig, bhíodh an claí sin taobh amuigh den tsiopa dubh le daoine ag fanacht le posta, ag fanacht le litir as Meirceá. Siad Seán Árann agus Seán Laoi a bhíodh ag rith an phosta. Ach go deimhin is beag duine a loic gan airgead a chur abhaile faoi Nollaig.

Oifig an Phoist

Ba telegram an bealach ba scioptha fadó le scéala a fháil nó a chur chun bealaigh. Dá dtéadh duine go Meirceá, telegram an chéad scéal a thagadh le rá go raibh sé landáilte. Nó dá mbeadh duine san ospidéal, ach ní mórán a théadh ag an ospidéal fadó. Ba ar an Oifig a bhí cúram an telegram a chur go ceann scríbe, agus dhá bhfaigheadh tusa telegram deireanach tráthnóna bhí ort é a leagan an tráthnóna sin, ach ní thagadh mórán. D'íocadh An Roinn Post agus Teilegraif an oiread seo lena leagan ach níor thugadar mórán. Sa samhradh bhí sé éasca go leor, bhíodh na leaids óga sa mbaile ón scoil, d'fhaigheadh siad cúpla pingin ó mhuintir an tí agus cúpla pingin ón oifig anseo ach go deimhin ní mórán é.

Phós mé Maude Kyne i 1953. Tháinig sí ag obair anseo san oifig. Ba as an Fhairche Maude. Leag mé fhéin mo shúil uirthi. Bhí ochtar clainne againn, triúr iníon agus cúigear mac. Tá cónaí ar mo dheirfiúr Brenda i mBaile Átha Cliath. Bhí sí pósta le Declan Quigley, bhí seachtar clainne acu - cúigear iníon agus beirt mhac. Ba as taobh thoir de Ghaillimh Declan, Ballycrissane i mBéal Átha na Sluaighe ach ba as Corr na Móna a athair. Bhí gaolta aige ar an Aird Mhóir, muintir Chathaláin. Duine de na Gaeilgeoirí ab fhearr agus ba mhó a raibh meas aige ar an teanga. Tá sé curtha anseo i gCill Eoin.

An tAthrú is Mó

Sé an t-athrú is mo ar an saol feicfear domsa agus déarfaidh mé go bé an rud is fearr a tharla in Éirinn ariamh ná an Saor-Oideachas.

Uaidh sin i leith tá rudaí feabhsaithe ag chuile leibhéal. Anois tá dream oilte agus tá siad in ann dul ina rogha áit agus tá muid ar aghaidh ar Mheiriceá agus ar Shasana agus na tíortha sin. Sin é an fáth a bhfuil ag éirí go maith linn . Ach maidir le feabhas tá sé dochreidte an feabhas atá tagtha ar an saol le scór blianta anuas.

An ceantar seo fhéin faoi láthair féach an feabhas atá tagtha, tithe nua dhá dtógáil, daoine óga ag pósadh, téann siad isteach Gaillimh ag obair, tá carranaí breátha acu, is mór an spóirt é agus is mór an mhisneach é. Tá fear maith againn, an tAire Éamon Ó Cuív, rud ar bith is féidir a dhéanamh déanfaidh sé é agus tá coistí maithe san áit. Feiceann tú an pháirc peile amuigh ar an nGort Mór, Coláiste nua an Phiarsaigh atá dá tógáil san áit a raibh an choláiste Tin, Pléaráca agus na heagrais eile. Tá an-obair dhá déanamh ag na coistí áitiúla. Ach caithfidh mé a rá tá an t-infrastructúr go dona.

Bhí mé i Meiriceá le gairid, tá muid i bhfad chun cinn orthu ar go leor bealaí, tá muid níos daoire, ach tá infrastructúr i bhfad níos fearr acu, ach arís tá siadsan mar sin le fada . Níl muide anseo i nÉirinn ach ina thús.

 Frank a' Mhállle agus a bhean Maude ar lá a bpósta.

Frank a' Mhállle agus a bhean Maude ar lá a bpósta.

Maidir leis an gceist a chuir tú "Cén t-údar ar éirigh le Tigh an Mháille maireachtáil nuair a fheiceas tú go leor de na siopaí móra a bhí i gConamara bánaithe nó dúnta?" Is dócha mar gur fhan mé fhéin ann. Na siopaí eile d'imigh an dream astu. Ní raibh aon suim ag an gcéad ghlúin eile ann. Caithfidh tú freisin féachaint athrú leis an saol, mura n-athróidh fágfar ansin thú.

De réir Frank bhí an méid fostaíochta a chuir siad ar fáil an-bheag. Bhíodh duine ag obair sa tsráid, duine sa siopa, cailín in Oifig an Phoist, níor chuir sé san áireamh an cúigear nó seisear a bhíodh ag obair sa monarcha cniotála, na bádóirí, an dream a bhíodh ag leagan stuif ná an dream a bhíodh ag obair ar an talamh ó am go chéile. Tá Tigh an Mháille ar an áit is mó sa bpobal i láthair na huaire féin a bhfuil foireann oibrithe fostaithe ann.

Siopa Uí Mháille: Agallamh le Frank a'Mháille