Skip to main content

Tuairisc Iascaireachta Bhéal an Daingin

 Blastáil an Daingin.

Blastáil an Daingin.

John Bhaba Jeaic Ó Confhaola

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2012. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

ln 1833 tosaíodh ar obair le haghaidh na clocha a bhí sa mbealach ar na báid ag dul síos thríd an Daingean a bhlastáil. Socraíodh go mbeadh sé níos éasca ag na bádóirí dhul ag plé le iascach nó trádáil móin go hÁrainn agus Contae an Chláir, mar bhí anró mór orthu dhul thar Ceann Gólaim agus contúirt dá réir.

Ní bheadh báid bheaga in ann dhul síos an Daingean ag an am ach ag taoile ard. Ag deireadh na bliana 1835 cheap na Sasanaigh a bhí i gcumhacht ag an am airgead a chur ar fáil chun Bealach an Daingean a oscailt, go ndéanfadh sé maitheas do na daoine bochta a bhí ina gcónaí i mBéal an Daingin, Eanach Mheáin, Ros Muc agus na bealaí sin. Anois bheadh na fir in ann airgead a dhéanamh ar obair, rud nach raibh roimhe. Tugadh 700 punt chun an obair seo a dhéanamh.

Bhí an obair seo déanta in 1836 agus bhí sí déanta go fíorshásúil agus bhí na carraigeacha, a bhí sa mbealach glanta amach agus bhí na báid in ann dul síos ar leath-thaoile agus leath trá. Nuair nach mbíodh na báid bheaga ag iascach bhíodh siad ag tabhairt móin agus feamainn isteach go Gaillimh.

Bhí 3,000 duine ina gcónaí ó Bhéal an Daingin isteach ag an am agus bhí sé níos éasca agus níos sábháilte acu a gcuid caoire agus beithígh a chur ar an aonach ó blaisteáileadh na clocha. Is le púd ar gunna a rinneadh an blastáil agus bhíodar fíorshásta nár gortaíodh duine ar bith ag déanamh na hoibre seo. Chúig chéad punt a chosain an blastáil agus socraíodh ar an gcuid eile den airgead a bhí fágtha go dtógfaí cuaillí go mbeadh a fhios ag na báid cá raibh na carraigeacha agus go mbeadh na báid seoil in ann fanacht glan ar na carraigeacha.

Thug Roinn an Gharda Cósta an-chúnamh le linn na hoibre seo. Bhí stáisiún acu i Leitir Móir ag an am agus bhreathnaigh siad amach do na hoibrithe a bhí ag obair ann. Ag an am freisin caitheadh 40 punt ar Chéibh an Mháimín. Sa bhliain chéanna freisin rinneadh Sconsa an Chladach ar £300.

 Droichead an Daingin.

Droichead an Daingin.

Rinneadh an bóthar ón gClochán go Bun na hAbhann ar £542.76. Rinneadh Céibh Bhearna ar £1,000. Caitheadh £850 ar an mbóthar idir an Clochán agus Gaillimh. Ach an rud is suntasaí ná gur caitheadh £3,000 ar an Tiarna Talún A.H Lynch (M.P). Is léir gur thug siad aire dá ndream féin freisin.

Briseadh síos ar chostaisí obair Bhéal an Daingin:

Obair, pá na n-oibrithe agus ábhar: £309 4s 6.5d

Maoirseoireacht: £80 16s

Uirlisí agus timpistí: £93 11s 4.5d

Ba airgead mór a caitheadh i gCeantar na nOileán ag an am. Bheadh muid ag caint ar mhilliún inniu. Agus caithfidh muid a bheith buíoch go bhfuil bealach níos éasca ag bádóirí an lae inniu le dhul thríd an Daingean. Bhí sé trí scór bliain ina dhiaidh sular cuireadh an droichead air.

Ag an am caitheadh 40 punt ar Chéibh an Mháimín. Tugadh deontais do na hiascairí inár caitheadh - £110 13s 1d ar bháid, ábhar, eangacha, srl; £8 17s 1d ar obair; £50 17s 10d ar liúntais agus iascairí ar cíos; £9 - 2d ar shalann; £62 5s 6d costais taistil (Mr. Jagoe); £3 6s Píolóití.