Browse Exhibits (1 total)

Béaloideas

http://plearaca.ie/files/PL1995A05_Image_A_web.jpg

Tá an béaloideas agus an cultúr dúchais mar ábhar plé in Irisí an Phléaráca ó foilsíodh an chéad Iris in 1991. Scríobh údair cosúil le Pádraig Ó hÉalaí agus Ruaidhrí Ó Tuairisg faoi nósanna agus faoi chleachtais thraidisiúnta i nGaeltacht Chonamara. Pléadh nósanna a bhain leis na mairbh, le piseogaí, leis an nádúr agus le cúrsaí mara.

Tugtar aitheantas do sheanchaithe an cheantair sna hIrisí freisin. Tá alt scríofa ag Séamas Ó Cualáin faoi Mhaitiú Ó Curraoin (1847-1923), nó Maitiú na Tamhnaí ón Spidéal. Ba scéalaí den scoth a bhí sa bhfear, agus oibrí maith freisin, mar, i bhfocail Uí Chualáin "ní raibh obair ar bith os cionn acmhainne Mhaitiú na Tamhnaí. Níor leasc leis cliabh móna a iompar ocht míle bealaigh óna bhaile féin go Poll an Chladaigh i nGaillimh áit ar dhíol sé a chuid éadála ar thrí phingine".

Tá beathaisnéis chuimsitheach an bhailitheora béaloidis iomráitigh Seán Mac Giollarnáth scríofa ag Dónall Ó Colchúin, taobh leis an alt Sgorrach Ghlionnáin, sliocht as Peadar Chois Fharraige, cnuasach scéalta ó Pheadar Mac Tuathalláin as Cois Fharraige a d’fhoilsigh Mac Giollarnáth in 1934.

Tá roinnt de na hailt faoin mbéaloideas le fáil ar an leathanach seo.

Tags: