Ó tharla go bhfuil an iománaíocht faoi réim i gContae na Gaillimhe arís téann Séamas O Cualáin siar ar bhóithrin an smaointe agus bualann le sean-bháireoir a thuill clú agus cáil dó féin is dá chontae.
Ar an Satharn 16 Meán Fómhair, fágfaidh rothaithe An Spidéal ag 9.00 ar maidin le taisteal go Ráth Cairn. Tá an turas seo á dhéanamh ag muintir Ráth Cairn agus a gcairde mar chomóradh 60 bliain ar bhunú Ghaeltacht Ráth Cairn.
Bhí teacht le chéile deas in Inis Mór le gairid nuair a bhronn fear as Marblehead i Massachussetts cóipeanna de leabhra a scríobh James Brendan Connolly ar phobal an Oileáin. Ba é James Connolly an chéad duine a bhuaigh bonn óir sna Cluichí…
Ba as Scríb, Beartla Breathnach, nó Beartla Pheter Jainín mar a b'fhearr aithne air. Bhí sé pósta le Nain Mháire Bhán agus bhí deichniúr clainne acu. Ba fear é Beartla a raibh cáil bainte amach aige mar lúth-chleasaí. Is ag caitheamh meáchain is mó a…
Is deacair a rá cén áit ar cheart do dhuine tosú ag caint faoi Shéamas Ó Cualáin nó Séamas Mhicilín mar ab fhearr aithne air. Ba duine fíor chumasach a bhí ann ar go leor bealaí. Chuireas féin aithne mhaith air tar éis dó ballraíocht a ghlacadh i…
Tá Seán Ó Mainnín, an dornálaí as Ros Muc a throid i gCraobh an Domhain i Madison Square Gardens tagtha abhaile le bliain. Chuaigh Meta Uí Mháille chun cainte leis faoina shaol, faoina mhuintir agus go leor eile.
Beidh Éadaoin Ní Challaráin ag kayakadóireacht d'Éirinn sna Cluichí Oilimpeacha agus tá Niamh Ní Chuaig tar éis bonn a bhuachaint i gcomórtais reatha idirnáisiúnta. Tá cur síos anseo ag Nuala Ní Chonghaile ar an méid atá bainte amach acu.
Hugó Ó Ciardha, Scoth Peileadóra as Carna. “Is dóigh gurb é Hugó Ó Ciardha an chéad pheileadóir as Gaeltacht Chonamara a ghnóthaigh bonn Chraobh Shinsir Peile na hÉireann le Gaillimh. Chuir roghnóirí an chontae sonrú san ógfhear breá scafánta seo…
Ba i mBaile an Dónalláin i bhfoisceacht leathmhíle de shráidbhaile an Spidéil a saolaíodh Pádraig 'Ac Coisdeala (Peait Sheáin Tom), duine de na Gaeil ba dhílse dár chuir cos i mbróig riamh. Chuir sé suim i ngach ar bhain le saíocht Chlainne Gael is…
Tá a fhios ag an saol Fódlach faoi ‘Bhliain na bhFrancach’ agus tráchtar go minic i gConamara ar ‘Bhliain an Bhrosna’ ach tá bliain eile fós nár cheart go Ghaeil na Gaillimhe ligean i ndearmad choíche agus sin í an bhliain 1945 ar a nglaoimse go…