Tá sé ina phléaráca arís agus sinn ag déanamh ár mbealach chuig Inis Oírr d'Fhéile Phléaráca Chonamara 2013. Is í seo an 23ú féile atá reáchtáilte ag Pléaráca ach is é an chéad uair againn ag tabhairt na féile go lnis Oírr.
Cuireadh tús le himeachtaí an chláir litríochta Mí Mheán Fómhair seo caite. Seo clár a mbíonn ceardlanna litríochta agus drámaíochta ar siúl i rith am scoile agus taobh amuigh d' am scoile. Cuireann an clár réimse leathan imeachtaí ar fáil.
‘Aisteach go leor, cé gur le drámaíocht is mó atá ceangal agamsa leis an bPléaráca thar na mblianta, bhí ról eile agam nuair a chur mé aithne ar an bhFéile i dtosach.’
Duine ar bith a chuaigh suas Baile an Domhnalláin, baile beag taobh thoir den Spidéal, is cinnte gur thug siad suntas don ghairdín lán líonta de dhealbha éagsúla - fear an ghiotáir, bean an bhosca ceoil, an Mhaighdean Mhuire, bó na leath-adhairce,…
Ach oiread le Leitir Ceanainn, leis an Muileann gCearr, le Loch Garman nó áit ar bith eile sa tír, tuilleann pobal Chonamara amharclann chun fáilte a chur roimh sheónna, drámaí agus ceoltóirí náisiúnta is idirnáisiúnta a bhíonn ar chamchuairt na…
Meán Fómhair 1991 reáchtáileadh Pléaráca Chonamara don chéad uair. Bhí Donncha Ó hÉallaithe ar an gcéad choiste eagraithe agus ina eagarthóir ar an iris Pléaráca '91. San alt seo caitheann sé súil siar ar an gcéad fhéile a eagraíodh agus breathnaíonn…
(Bunaithe ar Léacht a tugadh ag Éigse an Spidéil 10 Bealtaine 1991). Tosaíonn mo scéal le file Conamaraíoch de chuid na haoise seo caite, Colm de Bhailís, leis an saothar filíochta a d'fhág sé le hoidhreacht againn, agus lena cheantar dúchais, sraith…
Ealaíontóir as an Bhreatain Bhig ó dhúchas. Dá n-abródh tú liom scór bliain ó shin go mbeinn fós i mo chónaí i gConamara, ní chreidfinn tú! Ach, naoi mbliana déag tar éis dom an Bhreatain Bheag a fhágáil, le líne amach as amhrán dílseacht Breatnais a…