Faoin bPléaráca

Reáchtáladh Féile an Phléaráca i nGaeltacht Chonamara ó 1991 go 2014. Bhí sé mar aidhm ag Pléaráca Teo., lucht eagraithe na Féile, “glór, ról agus páirtíocht an phobail Gaeltachta a fhorbairt trí na healaíona agus tríd an gcultúr agus an teanga a chur chun cinn". Chun an aidhm seo a bhaint amach, eagraíodh imeachtaí na Féile – drámaí, ceardlanna agus ceolchoirmeacha ina measc - ar fud Chonamara.

I gcéad bhlianta na Féile, thug Údarás na Gaeltachta cúnamh airgid chun í a reáchtáil. I 1993, d’éirigh le coiste na féile maoiniú 3 bliana a fháil ó scéim Horizon de chuid an AE chun clár ealaíona pobail a reáchtáil. Bunaíodh an comhlacht Pléaráca Teo chun an clár a riaradh. Eagraíodh Féile an Phléaráca go bliantúil faoi choimirce agus mar chuid de chlár ealaíona pobail Phléaráca Teo. Nuair a tháinig deireadh leis an maoiniú Eorpach, maoiníodh an clár ealaíona go dtí 2014 ó chiste na Éireann, ón Roinn Gnóthaí Sóisialta, Údarás na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta agus Coiste Gairmoidis Cho. na Gaillimhe.

Nuair a tháinig deireadh leis an bhFéile in 2014, bronnadh Cartlann na Féile ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus tá sé anois faoi chúram Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, in Ionad an Acadaimh i Roisín an Mainiach, Carna.