Faoin Tionscadal

Is idir 1991 agus 2014 a reáchtáladh Féile an Phléaráca, chun ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr na Gaeltachta i gConamara. Bhí imeachtaí sóisialta agus cultúrtha mar chuid lárnach den Fhéile, agus ghlac pobal na Gaeltachta - ó Bhearna go Carna - páirt sna hócáidí éagsúla. Bhí Iris na Féile, Pléaráca mar chuid lárnach den Phléaráca, agus foilsíodh ceann i ngach bliain a reáchtáladh an Fhéile. Chomh maith le fógraí agus clár na Féile, bhí ailt spéisiúla san Iris faoi stair, faoi pholaitíocht, faoi chultúr agus faoi shochaí na Gaeltachta.

Le linn bhlianta an Phléaráca, cruinníodh cartlann shuntasach d'ábhar – idir cháipéisí, ábhair fuaime agus físe, ghrianghraif agus nithe eile a bhain le reáchtáil agus le himeachtaí na Féile. Bronnadh an chartlann seo ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá riar maith d’ábhar Chartlann an Phléaráca ar fáil don phobal anois ar an suíomh seo.

Ina measc, tá leaganacha digiteacha de na hIrisí go léir. Tá ailt na nIrisí tras-scríofa, agus curtha in ord de réir téamaí mar atá an pholaitíocht, cúrsaí staire, agus spórt. Tá siad inchuardaithe, agus ar fáil chun íoslódáil más gá. Tá ghrianghraif scanta ón gCartlann ar fáil ar an suíomh freisin, ina measc leaganacha gréasáin de ghrianghraif Bob Quinn, mar aon le leaganacha scanta de phóstaeir d’Fhéile an Phléaráca féin, agus d’imeachtaí éagsúla a bhí á reáchtáil faoi scáth an Phléaráca thar na blianta. Tugadh geochód do gach mír den Chartlann ar an suíomh idirlín, agus nuair a léirítear ar mhapa den cheantar iad, feictear an scóip leathan thíreolaíochta a bhain le Féile an Phléaráca. Tugann sé seo an deis don úsáideoir an lorg a d’fhág Féile an Phléaráca ina gceantar féin a fheiceáil.

Cé go bhfuil ré Fhéile an Phléaráca caite, tá deis ag pobal na Gaeilge eispéireas eisceachtúil na Féile a mhothú arís de bhrí go bhfuil fáil go poiblí ar Chartlann an Phléaráca.